Cuntas ó Cheanada: An Turas RV II

Tá Aodhán Ó Baoill ag déanamh turas RV i gCeanada lena mháthair, a dheartháir, agus a ghrá geal, Bríd. Ó Calgary go Vancouver, cad é mar a éireoidh leis an cheathrar Éireannach san ollveain Mheireacánach nach bhfuil ach umar leithris amháin aici? Beidh le feiceáil…

Lá a Dó & a Trí

Tá clú agus cáil ar Lake Louise as na fánaí sciála áille atá timpeall ar an loch. Nuair a d’óstáil Calgary na Cluichí Oilimpeacha in 1988, ba in Lake Louise a bhí na comórtais sciála. Bhí an t-ádh orm agus ar Bhríd go raibh muid ábalta ticéid shaora a fháil don cheathrar againne mar gheall ar ár bpoist. D’éirigh muid go luath ar maidin leis an oiread agus is féidir a bhaint ón lá agus nach iontach an lá a fuair muid! Ní raibh scammall ar bith sa spéir agus ó bharr na sléibhte thiocfadh linn na Sléibhte Creagacha a fheiceáil amach romhainn. Thit roinnt mhaith sneachta lá nó dhó roimhe mar sin bhí aimsir fhoirfe againn.

D’admhódh Connor agus Mam gur ghlac sé tamall dóibh dul i dtaithí ar an sciáil arís ach is de réir a chéile a thógtar na caisleáin agus i ndiaidh titim nó dhó tháinig sí ar ais chucu. Níl sárú ar lón sciála ach oiread – sa chás s’againne, builín, pacáiste liamháis, cáis agus criospaí.

Bhí muid ag stopadh in Lake Louise an oíche sin agus bhí difear sa láthair champála sa mhéid is nár cuireadh in áirithe í. Chuaigh tú chuici agus má bhí spás ann, ghlac tú é.  Bhí go leor spásanna ann ach bhí boc eile ag stopadh sa cheann in aice linn agus ní in RV a bhí sé. Ní i gcarbhán fiú, ach i bpuball! Puball! Agus teochtanna -11° an oíche sin. Ní bhfuair muid deis labhairt leis ach mhothaigh muid go raibh sé ag traenáil do rud éigin. Ceann de na rásanna móra trastíre b’fhéidir. Dúirt Mam go raibh sé as a mheabhair agus is dócha go raibh an ceart aici. 

Anois, tagaim go pointe cineál cigilteach. Cad é a dhéanann tú nuair a chaithfidh tú dul go dtí an leithreas in RV? Ar ndóigh, tá leithreas aige, ach caithfidh duine éigin an t-umar thíos faoi a ghlanadh amach agus má tá ceathrar in RV ar bith, ní thógfaidh sé i bhfad go líonfar é. Mar thiománaí, bhí cinneadh le glacadh agam. 

“Cosc ar uimhir a dó san RV!!!” a scairt mé amach. “Tá leithris sna hionaid champála agus is ormsa a bheas an dualgas an rud seo a fholmhú ag deireadh an turais. Cosc, a deirim, agus ná brisigí an riail sin.”

Ar bhris siad an riail? Bhris, ar ndóigh. Déarfainn go dtiocfaidh muid chuige sin ach dá laghad a deirtear is amhlaidh is fearr é. Cibé ar bith, bogaimis ar aghaidh. 

Lá a Ceathair

Ó Lake Louise bhí muid le ceann de na bóithre is clúití ar domhan a thiomáint. Mórbhealach 93 nó an Icefields Parkway mar is fearr aithne air. 232 ciliméadar ó Lake Louise go Jasper fríd cheann de na tírdhreacha is galánta sa tír iontach seo. Oighearshruthanna, easanna, ainmhithe agus tuilleadh eile. Druidtear an mórbhealach uaireanta de dheasca na haimsire. Má thagann drochaimsir agus tú ar an bhóthar cheana beidh tú i bponc mar níl comhartha gutháin ar bith ann agus níl bailte ná stáisiúin peitril ar bith ann ach oiread. 

Ach cosúil le Lake Louise, fuair muid lá foirfe fána choinne. An chéad áit ar stop muid ann ná Peyto Lake. Tá roinnt pictiúr curtha leis seo agam ach ní thugann siad a cheart dó. Bhí siúlóid ghairid gharbh againn go dtí an t-ionad amhairc agus ansin d’oscail an bealach ar fad amach romhainn. Bhí loch mór reoite thíos faoinár gcosa agus gleann bán maorga timpeall orainn. Bhí lorg na n-ainmhithe le feiceáil ar fud na háite. Rian coise na mús agus fionnadh na mac tíre. Is iontach an áit í. 

Lean muid orainn ansin go hOighearshruth Athabasca. Suite ar an Oighearmhá Columbia, tá sé níos mó na sé chiliméadar ar fad, cé go gcailleann sé cúig mhéadar achan bhliain. Séideann gaoth thar a bheith fuar ó bharr an ruda a scriosann an craiceann ar d’aghaidh. Caithfear spéaclaí gréine maithe a chaitheamh nó bainfidh scáil na gréine ar an oighear radharc na súl díot.

Ní raibh mé riamh in áit mar sin. An t-aon chomparáid dá raibh againn – cé nach raibh duine ar bith againn riamh ann – ná Everest. B’in an chuma a bhí air. Bhí áilleacht ann, go cinnte, agus maorgacht. Thuig tú go dtiocfadh leis an áit seo tú a mharú. Mhothaigh tú go dtiocfadh leis an domhan scoilteadh faoi do chosa agus tú a shlogadh. Bhí sé fiáin agus scanrúil ach dochreidte ag an am chéanna. Níl bua na scríbhneoireachta agam chun cur síos ceart a dhéanamh ar an bhealach seo, ach mholfainn go mór é a thiomáint. 

Stop muid in Jasper an oíche sin agus bhí sé in am dúinn na humair a fholmhú. Ní tasc deas é seo ar chor ar bith agus déantar níos measa é nuair nach féidir teacht ar na pointí leis an umar a fholmhú! Go bunúsach, bíonn umar mór sna hionaid champála agus déanann tú píobán a cheangal leis agus scaoileann tú an salachar ar fad amach. Ach bhí sé druidte san áit seo. 

“Sílim go bhfuil ceann ann i lár a’ bhaile,” a dúirt comharsa linn. 

“Maith go leor. Ar aghaidh linn,” a dúirt mo mhamaí. 

Dá mbeadh míle punt agam ní thiocfadh liom a rá cad é mar a tháinig muid ar an áit. Ní hé go raibh sé marcáilte amach go soiléir agus go dtiocfadh linn tiomáint díreach suas chuige! Níorbh é sin an cás ar chor ar bith. Bhí orainn dul sa tóir air agus nuair a tháinig muid air (Mam a tháinig air sa deireadh, dála an scéil) ní raibh sé éasca an tasc millteanach a dhéanamh. Ach rinneadh é, a bhuí, caithfidh mé a rá, le Connor a bheag nó a mhór. 

Sheinn Mam cúpla port ar an fhéadóg an oíche sin (“Creidim gur mise an chéad duine leis an pholca Chiarraí a sheinnt in Jasper!”) agus chuaigh muid a luí.


Is féidir an chéad phíosa sa tsraith seo a léamh thíos.

Cuntas ó Cheanada: An Turas RV I

SCÉALTA EILE