D’amharc muid ar Brooklyn (2015) le déanaí. Níl a fhios agam an bhfuil sé feicthe agat. Is scannán draíochtúil galánta é a chuireann ag smaoineamh agus ag machnamh thú. Pléann an scéal le téamaí doimhne atá fite fuaite i scéal na nGael ar fud an domhain. Eisimirce, cumha, grá, bás. Tuigeann tú mar sin, tá súil agam, an fáth a raibh an oiread sin tionchar aige orm féin, agus ar Bhríd, mar a mhíneoidh mé anois.
Do dhuine ar bith nach bhfuil an scannán feicthe acu, tá sé bunaithe ar leabhar le Colm Tóibín. Cuirtear tús leis an scannán in Inis Córthaidh, Contae Loch Garman. Tá Éilis, i dtaispeántas den scoth le Saoirse Ronan, ina cónaí lena mamaí agus lena deirfiúr, Rose. Tá saol cruaidh acu agus mothaíonn Éilis go bhfuil sí ag snámh in aghaidh easa. Níl deiseanna ar bith in Inis Córthaidh do dhaoine óga agus tá Éilis den bharúil go bhfuil sí ag cur a saoil amú.
Ansin tagann deis dul ar an bhád go Meiriceá ar thóir a haislinge! Tapaíonn Éilis an deis agus imíonn sí go Meiriceá, mar a rinne cuid mhór daoine thiar sa lá (agus d’fhéadfá a rá, atá ag tarlú arís sa lá atá inniu ann!). Gan an scannán a scriosadh, foghlaimíonn Éilis faoin saol trasna an Atlantaigh agus tarlaíonn roinnt eachtraí difriúla a dhéanann na cinntí is gá di a dhéanamh níos cruaidh arís.
Ar an chéad Nollaig as baile cuidíonn Éilis sa bhrú do dhaoine gan dídean. Seo na daoine, mar a deir an tAthair Flood sa scannán, “a thóg na tolláin, na droichid, ná bóithre. Is le Dia atá a fhios cad é mar a mhaireann siad anois.” Sa phíosa is ansa liom sa scannán, cuireann an tAthair Flood ceoltóir i láthair le hamhrán a rá do na fir. Agus cé nach gcuirtear ainm air, cé hé ach Iarla Ó Lionáird é féin, agus ‘Casadh an tSúgáin’ a rá aige.
Draíochtúil. Brónach. Mistiúil. Mothaíonn tú an teachtaireacht a théann lámh ar lámh leis an scéal sa scannán i nglór Iarla. Fite fuaite le seatanna de na seanfhir agus na seanfhondúirí ag éisteacht leis, is ar an bhaile a smaoiníonn tú nuair atá Iarla ag ceol. Tá macallaí na n-eisimirceach Éireannach fríd na blianta le mothú sa scéal. Pian agus brón, cinnte, ach dóchas agus misneach agus bród ag an am chéanna.
Tuigeann tú anois an fáth ar thaitin an scannán an oiread sin liom. Is mór an náire dom nach raibh an píosa ealaíne seo feicthe agam roimhe seo nó is ealáin atá ann go cinnte.
Anois tá ár n-eispéireas féin difriúil i gcomparáid le hÉilis agus na fir a luaigh mé sa scannán. Ní hé go raibh rogha ag eisimircigh blianta ó shin mar a bhí againn. Go minic, b’éigean dóibh imeacht chun beatha a dhéanamh daofa féin agus ba ar an bhaile a bhí a n-intinn go deireadh a saoil.
Agus ní bheidh muidne ag fanacht anseo. Pillfidh muid ar Éirinn i mbliana agus is dócha nach mbeidh mórán athraithe ó d’imigh muid. Ach, más dialann é seo, nach féidir liom a bheith ionraic inti? Cé gur seal gairid atá ann, thig linn ár n-ainmneacha a chur le liosta na nGael a d’imigh a mbaile agus a spiorad agus a n-anam a mhothú ionainn féin.