Smaoinigh ar an bhaile bheag is iargúlta dá raibh tú riamh ann. Áit éigin na céadta mílte ar shiúl ó shiopa ar bith, ó theach tábhairne ar bith. Áit nach dtarlaíonn mórán ach a bhfuil áilleacht agus suaimhneas ar leith inti.
Bheadh íomhá measartha cruinn ansin agat ar an áit a bhfuil muid anois — Telegraph Cove.
Timpeallaithe ag an dúlra, níl cónaí ar dhuine ar bith sa bhaile bheag seo i rith an gheimhridh. Tógadh ar chlárchosán é agus air sin tógadh botháin bheaga bhídeacha, thart fá thríocha acu, chomh maith le lóiste mór le seomraí ann. Sníonn cuan deas séimh os comhair na dtithe agus osclaíonn sé amach ar an Aigéan Chiúin.
Caithfidh mé a rá gur baineadh geit asam nuair a shroich muid an ceantar. Bhí a fhios agam go mbeadh sé iargúlta ach ní dóigh liom go raibh mé ag dúil le cé chomh scoite agus a bhí sé!
Níl carr againn anseo. D’oibrigh sin amach ceart go leor go dtí seo. D’éirigh linn busanna a fháil, nó síob ó dhuine ar bith a bhí ag dul an bhealaigh chéanna linn. Cad a dhéanann tú nuair nach ann do bhealach bus agus cónaí ort leathuair an chloig ón tsiopa is cóngaraí, áfach?
Níl le déanamh san oíche agat ach dul a shiúl nó a shnámh. Leabhar a léamh b’fhéidir nó pictiúir a tharraingt. Ní osclófar an bhialann nó an teach tábhairne go ceann cúpla seachtain eile.
Oibreoidh muid anseo ar feadh sé seachtaine nó mar sin sula bpilleann muid ar Victoria leis an dá mhí dheireanacha i gCeanada a chaitheamh ann.
Anois, má chaitear na buairimh sin ar leataobh ar feadh soicind — buairimh bhia, buairimh iargúltacha is ar eile — tá áilleacht ar leith ag baint leis an áit. Mothaíonn tú go bhfuil tú ag deireadh an domhain, agus le fírinne, is é Alasca an chéad stop eile ar long. Is ag deireadh an domhain atá tú ar bhealach, mar sin!
Agus na hainmhithe? Ó, na hainmhithe. Éitlíonn iolair os do chionn agus tógann siad sos ar an sconsa taobh lenár dteach. Tá fianna móra agus béir sna coillte. Tá bradáin, deilfeanna, róin agus míolta móra le feiceáil san fharraige. Agus an oiread sin éanacha agus ainmhithe eile nach bhfuil a n-ainmneacha ina chloigeann ag an dialannaí seo.
Dá bhfeicfeá na botháin chomh maith, thuigfeá cad chuige a dtagann na mílte daoine anseo i rith an tsamhraidh. Tógadh roinnt acu chomh fada siar le 1912 agus tá cuma thuathúil go fóill orthu. Tá dathanna difriúla ar achan cheann acu agus iad go díreach mar a shamhlófá botháin déanta as adhmad i gCeanada. Tá muidne ag stopadh i dteach amháin acu agus tá sé galánta ar fad. Ceann beag glas le radharc na farraige taobh amuigh agus radharc na coille ar chúl an tí.
Hm, leis an fhírinne a dhéanamh, is maith liom an cur síos atá déanta ansin agam. Cad é do bharúil féin?
Agus sin é an pointe atá mé ag iarraidh a dhéanamh! (Tá súil agam go dtiocfaidh sé trasna anseo chugat, a léitheoir.)
Má tá drochdhearcadh agat ar rud éigin, bíodh sin eispéireas mar seo nó eile, is dócha nach dtabharfaidh tú deis dó. Ach má thugann tú deis dó, seans maith go mbeidh am ar dóigh agat.
Nuair a leaindeáil muid anseo, mhothaigh mé go raibh mé féin agus Bríd beirt ag iarraidh imeacht chomh luath agus is féidir. Ar íobair muid saol na cathrach lán cairde do rud éigin mar seo? An seo an t-eispéireas a bhí ar intinn againn nuair a chinn muid teacht go Ceanada don bhliain?
Ach in aon oíche amháin a bheag nó a mhór, tháinig athrú ar ár ndearcadh. Dúirt muid linn féin:
“Ceart go leor. Amharc ar an áit a bhfuil muid. Nach orainne atá an t-ádh? Glacaimis an t-am seo lenár scíth a ligint agus a bheith lena chéile. Glacaimis an t-am seo le hathshocrú a dhéanamh. Agus glacaimis an t-am seo gan bhrú gan strus le sult a bhaint as a bheith in áít chomh galánta le háit ar bith eile ar domhan.”
Is tábhachtaí go mór an dearcadh le heispéireas ar bith agus is amhlaidh an scéal dúinne!