An raibh tú thar lear i rith na Nollag riamh? Nó ar shiúl ón teaghlach fiú?
Bhuel, ní raibh mise. Ní raibh Bríd ach an oiread. Is í seo an chéad bhliain don bheirt againn a bheith as baile don Nollaig.
Tá a fhios againn uilig cad é atá i gceist leis an Nollaig sa bhaile. Más i do chónaí ar shiúl ón bhaile atá tú, téann tú ar ais. Tagann seanchairde le chéile arís sa teach tábhairne. ‘Dhá Phub Déag’ agus geansaithe na Nollag ar achan duine. Itear barraíocht, óltar barraíocht, agus go ginearálta bíonn am ar dóigh ann.
Cronóidh muid sin go mór i mbliana. Tá muid i ndiaidh bualadh le daoine iontacha anseo in Calgary cinnte, ach is difear ollmhór é dinnéar Nollag a bheith againn gan ár dteaghlaigh.
Ach mar a dúirt cara liom sa bhaile: “Beidh an baile ann i gcónaí!” Agus is orainne atá an t-ádh óir tá baile againn le dul ar ais chuige, go háirithe má amharcann tú ar na rudaí uafasácha atá ag tarlú sa Phalaistín faoi láthair.
Go bhfios domsa, is beag an difear idir ceiliúradh na Nollag anseo agus ceiliúradh na Nollag in Éirinn. Bíonn turcaí acu, téann daoine ag airneáil ar a chéile agus osclaíonn siad bronntanais ar Lá Nollag.
Ar ndóigh, níl an Nollaig furasta d’achan duine. Do chlann ar bith a bhfuil páiste caillte acu, nó tuismitheoir, nó duine muinteartha, thig leo a bheith faoi scáth an bhróin don tréimhse ar fad. Aithním go bhfuil an t-ádh orainn an t-eispéireas seo a bheith againn an Nollaig a chaitheamh thar lear agus go mbeidh muid níos dea-oilte mar gheall air, gan amhras.
Tá nós ag an cheol daoine a tharraingt lena chéile. Go háirithe na hÉireannaigh creidim. Mar is eol dúinn fuair laoch na hÉireann, Shane MacGowan, bás le déanaí. Agus muid amuigh an oíche i ndiaidh a bháis, sheinn an ceoltóir ‘Fairytale of New York’ agus léim na hÉireannaigh uilig suas ar an urlár damhsa.
Tá súil agam go bhfuil Shane é féin in áit níos fearr anois, i gcomhluadar Christy agus Sinéad, agus go bhfuil an triúr acu ag ceol agus ag seinm leo.
Ar lá eile bhí muid amuigh ag sciáil sna sléibhte le gairid. Ceann de a buntáistí a thagann leis an obair sa Pháirc Oilimpeach ná go bhfaigheann muid pasanna saor in aisce do roinnt áiteacha difriúla.
Chaith muid lá amháin in Banff agus lá eile ag Lake Louise. Caithfidh mé a rá go bhfuil sé doiligh orm smaointiú ar laethanta níos sultmhaire a bhí agam in áit ar bith eile ar fud an domhain. Cuidíonn laethanta mar seo go mór leis an chumha – agus tuigim go maith an phribhléid atá agam agus mé á rá sin!
Le seachtain nó mar sin le dul sula mbuaileann an lá mór, tá muid ag dul a dhéanamh iarracht na rudaí céanna a dhéanamh anseo agus a dhéanann muid sa bhaile. Ní bheidh sa teach ach an bheirt againn ach déanfaidh muid an dinnéar mór, amharcfaidh muid ar scannáin Nollag (It’s A Wonderful Life an ceann is fearr liom) agus ceannóidh muid a leithéid de Quality Street, Celebrations agus *b’fhéidir* Roses..
Cá bhfios an mbeidh caighdeán na seacláide Nollag mar an gcéanna anseo!