Cad é a dhéanann tú nuair a thiteann an teocht go -35?
Do mhuintir Alberta, téann rotha mór an tsaoil ar aghaidh ar nós nár athraigh rud ar bith (ach amháin go gcaitheann siad níos mó éadaí!).
Ach dúinne, beirt Éireannach atá i ndiaidh ‘fíor-gheimhreadh Alberta’ a mhothú den chéad uair, is eispéireas iomlán difriúil é. De réir mar thuigim, is geimhreadh iontach aisteach é seo. De ghnáth, éiríonn sé fuar i bhfad níos luaithe sa tséasúr ach bhí an Nollaig ‘te’ i mbliana agus bhí daoine ag insint dúinn go dtiocfadh na teochtanna ísle i mí Éanair.
Agus tháinig. Shéid cuilithe pholach isteach an tseachtain seo, agus mar gheall air sin, ar an Aoine seo caite bhí sé ní b’fhuaire anseo in Calgary ná mar a bhí sé ag an Phol Thuaidh. Do chúig lá i ndiaidh a chéile, bhí an teocht thíos faoi -30. Agus bhí sé faoi bhun -37 dhá lá as measc sin. Cuir an ghaoth leis sin agus tá tú ag caint ar theochtanna -45.
Anois, mar Éireannach, níl mé ag rá gur ar nós na mBahámaí a bhí ann roimhe seo! Bhí sé thíos faoi náid le cúpla mí anuas, ach is iontach cé chomh gasta is a théann do chorp i dtaithí ar an fhuacht. I ndiaidh lae nó dhó amuigh ag teochtanna thíos faoi -10, ní mhothaíonn tú é (go pointe).
Ach -35? Is scéal eile é sin.
A luaithe is théann tú thar leac an dorais, baintear an anáil díot. Má stopann tú ar chor ar bith, is doiligh teas ar bith a fháil ar ais. Muna mbíonn achan phíosa de do chraiceann clúdaithe agat, beidh tú i dtrioblóid. Leis an fhírinne a rá, níor chóir duit a bheith taobh amuigh ar chor ar bith. Is fearr i bhfad fanacht istigh agus iarracht a dhéanamh a bheith chomh te agus is féidir.
Tá sé galánta ar bhealach, caithfidh mé a rá. Tagann ciúnas leis an sneachta, agus tú amuigh ag siúl sa pháirc bíonn an ghrian ag lonrú ar na crainn agus ar an abhann atá reoite go hiomlán.
Ach tá an t-adh orainn. Tá teach deas te teolaí againn, le bia sa chuisneoir agus citeal a bhíonn ar fiucadh i rith an ama.
In Calgary, tá an oiread sin daoine nach bhfuil dídéan acu. Ag deireadh na bliana, bíonn seirbhís chuimhneacháin ann do na daoine gan dídeán a fuair bás ar na sráideanna i gcaitheamh an 12 mhí roimhe. ‘Seirbhís na hOíche Fada’ a chuirtear air. Bhí sé sin ann i mbliana ar an 21 Nollaig. Léadh amach 436 ainm. 436. Níos mó ná duine amháin achan lá.
Ar ndóigh, tá cúiseanna báis eile ann taobh amuigh den fhuacht, ach níl aon dabht ann gur cúis mhór é sin. Agus an tionchar atá aige ar do chorp, muna bhfuil dídean agat, beidh tú i bhfíorthrioblóid. Dúirt príomhfheidhmeannach Fhondúireacht Calgary do dhaoine gan dídean, Patricia Jones, go raibh sí den bharúil “go rachadh sé in olcas sula rachadh sé i bhfeabhas”.
Ní strainséirí muid in Éirinn roimh easpa dídine, agus dar liom go bhfuil sé ar cheann de na cúiseanna náire is mó atá ar an rialtas. Níor chóir go mbeadh duine ar bith ann gan dídean.
Cad é atá mé ag iarraidh a rá? Bhuel, is dócha gur fhoghlaim mé dhá rud mhóra ón gheimhreadh seo go dtí seo.
– A bheith buíoch as a bhfuil agam. Tá teach agam. Cailín agus teaghlach a bhfuil grá acu dom. Airgead ag teacht isteach agus bia sa phrios.
– Agus tá náire orm nach ndearna mé tuilleadh sa bhaile ar son na ndaoine nach bhfuil na rudaí céanna acu. Ní hé sin le rá nár aithin mé gurbh ann don fhadhb, ach bá chóir domh i bhfad níos mó a dhéanamh daofa. Geallaim dom féin anois go ndéanfaidh nuair a thiocfaidh muid abhaile.
Is maith an rud é aitheantas a thabhairt dá bhfuil againn, agus beidh mé buíoch as sin amach anseo.