D’éist mé le ceann de na hamhráin is ansa liom le déanaí agus tá sé á sheinm agam ó shin. Is é sin ‘Auld Lang Syne’, an t-amhrán cáiliúil leis an fhile, Robert Burns. Níl a fhios agam an é an ceol féin nó na focail a mhúsclaíonn rud éigin ionam. B’fhédir an dá rud. Ach níl rud ar bith níos fearr liom agus mé ag cur fáilte roimh an bhliain úr ná a bheith le mo mhuintir agus mo chuid cairde, greim láimhe againn ar a chéile, agus an t-amhrán sin á cheol againn.
D’fhéadfá a rá go bhfuil an oiread sin grá agam don amhrán mar tá nasc láidir ag mo bhaile féin, agus cósta an tuaiscirt níos leithne, le hAlbain. Thig linn Albain a fheiceáil ó leac an dorais s’againne sa bhaile agus má théann tú a fhad le Baile an Chaistil, áit a bhfuil teaghlach agam go fóill, níl idir tú féin agus Albain, Maol Chinn Tìre go háirithe, ach fiche míle. Leoga, síleann cuid mhór daoine anseo in Calgary gur Albannach mise mar gheall ar an bhlas atá agam (deir Bríd go gcluineann sí é fosta nuair a deirim ‘Scotland’!).
Tá nasc domhain láidir idir na hAlbannaigh agus na hÉireannaigh le muintir Cheanada. Bíodh sin anseo in Calgary, Vancouver agus iarthar na tíre nó, níos stairiúla, i dTalamh an Éisc agus Alba Nuadh in oirthear na tíre. Bhí sé sin le feiceáil againn díreach roimh an Nollaig ar an 23ú, nuair a bhí ‘Tibb’s Eve’ ann i gClub na nGael. Diaspóra na hÉireann, más maith leat, ag déanamh ceiliúradh ar a dtraidisiún féin nach bhfuil againn in Éirinn.
Is traidisiún é a théann siar go teacht na n-inimirceach go Ceanada ó Albain agus ó Éirinn. Cuireadh tús leis an ghnás seo i dTalamh an Éisc agus Labrador ach anois déantar é a cheiliúradh ar fud na tíre. Is ceiliúradh ar lá nach dtiocfaidh choíche é a bheag nó a mhór, ach bheadh an chéad deoch ag daoine i ndiaidh Aidbhinte ar an oíche seo.
Nós eile atá ag muintir Thalamh an Éisc is ea an chleamaireacht. Cuireann na cleamairí seo a n-aghaidh faoi cheilt le caille nó mála, canann siad amhráin, agus bíonn ar dhaoine eile tomhas a dhéanamh cé hiad sula mbogann siad chuig an chéad teach eile. Iontach cosúil le cleamairí na hÉireann ar Lá an Dreoilín!
Sa lá atá inniu ann, áit ar bith a bhfuil Éireannaigh nó Albanaigh i gCeanada, is cosúil go ndéantar ceiliúradh ar Tibb’s Eve fosta. Anseo in Calgary, bhí píobairí uilleann againn chomh maith le ceol traidisiúnta ar comhchaighdeán le ceol na hÉireann.
Tá leagan galánta ann de ‘Auld Lang Syne’ i nGaeilge le hEmma Ní Fhíoruisce, an ceoltóir den scoth as Gaoth Dobhair, atá le fáil ar líne. Déarfainn gurb é an leagan s’aici atá ar an leagan is fearr liom ag an phointe seo. Canann sí:
“Anocht ar fud an domhain go léir
Soir, siar, is bun go barr
Ag canadh lámh ar lámh, na Gaeil
Ar oíche Auld Lang Syne”
Is cinnte go raibh lámha na nGael anseo ag síneadh trasna an Atlantaigh i dtreo an bhaile ar Oíche na Seanbhliana agus “ar fud an domhain go léir” á chanstan acu.
“Ó Mhumhain go Gaillimh
‘s ar aghaidh ó thuaidh
‘s fud fad Chúige Laighean
Beidh glór an Daingin buailte libh
Ar oíche Auld Lang Syne”
Cé nach bhfuil muid sa Mumhain nó i nGaillimh (ná Doire nó Aontroim!), beidh ár nglór buailte libh go cinnte agus é chomh cóngarach agus chomh glórach le duine ar bith sa bhaile in Éirinn.
“Ar oíche Auld Lang Syne, a chroí
Ar oíche Auld Lang Syne
Nach n-ólfaidh muid ár sláinte arís
Ar oíche Auld Lang Syne”
Beidh cúpla deoch againn le fáilte a chur roimh an bhliain úr, chomh maith le buíochas a ghabháil leis na daoine a chuidigh linn an bhliain seo a dhéanamh speisialta. Nach í an chiall atá le ‘Auld Lang Syne’ ná ‘laethanta i bhfad ó shin’? Agus nár chóir dúinn cuimhneamh ar na laethanta speisialta sin nach mbeidh againn feasta? Sin í an tuiscint atá agamsa ar an amhrán cibé.
Bliain úr faoi mhaise daoibh go léir agus go raibh sonas agus suaimhneas i ndán daoibh in 2024.