‘Dhá rud ar leith a mheall go Reachlainn mé – na héin agus an teanga’

Ní gaoth olc a shéid de bharr aille mé cúpla mí ó shin – tá an locht sin ormsa a léim de mo dheoin féin ó Rinn Duáin go farraigí fuara Mhuir Bhreatan – ach más olc an toradh a bhí ar an léim chéanna, tá mé an-bhuíoch gur shéid sé soir ó thuaidh ina dhiaidh sin go Reachlainn aoibhinn na nGael.

Bhí plean agam siúlóid mhór fhada a dhéanamh sna Beanna Boirche ag tús mhí na Bealtaine ach nuair a chuaigh rudaí amú ag an gcúrsa tarrthála farraige a bhí mé a dhéanamh i Loch Garman i mí Aibreáin b’éigean dom na pleananna siúil a chur ar athló agus plean nua a cheapadh.

Bhí fonn orm fós am a chaitheamh in oirthuaisceart na tíre agus thit mo shúil ar an gcarraigín beag cam amach ó chósta Aontroma – Reachlainn. Bhí cuid d’fhíseáin an iriseora agus taighdeora canúna Ciarán Dunbar feicthe agam ar YouTube ina gcuireann sé síos ar an gcineál Gaeilge a labhraítí san oileán agus bhí spéis mhór agam an t-oileán beag seo idir Albain agus Éirinn a fheiceáil le mo dhá shúil cinn.

Ar an drochuair, thiomáin mé trí Bhéal Feirste lá mór an mharatóin agus b’éigean dom turas mór fada timpeall na cathrach a dhéanamh sular éirigh liom bóthar ó thuaidh nach raibh dúnta a aimsiú. Ba mhaith iad lucht an bháid farantóireachta i mBaile an Chaisil a thuig mo chás go maith agus a d’aistrigh mo thicéad go bád níos deireanaí sa ló.

Ba ón mbád farantóireachta sin a fuair mé an chéad radharc ar Albain amach ó chósta na hÉireann. Bhí Manainn feicthe agam ó chontae an Dúin cheana agus tá mé cinnte go bhfaca mé an Bhreatain Bheag ó chontae Chill Mhantáin lá breá éigin ach baineadh siar asam nuair a chonaic mé cé chomh gar is a bhí Albain don chuid seo dár dtír féin. Go deimhin, is féidir soilse na dtithe thall a fheiceáil san oíche ó Reachlainn féin. Cuireann sé i gcéill ar dhuine cé chomh dlúth is a bhí (nó atá) Gaeil na hÉireann le Gaeil na hAlban. Is féidir Albain a fheiceáil ón mórthír freisin, ar ndóigh, ach bhain rud speisialta le hÉirinn agus Albain a fheiceáil ag an am céanna ó áit a bhí scoite amach ón dá thír.

Tá stair iontach – agus fuilteach – ag Reachlainn féin. Deirtear gurbh é an chéad áit a leag an duine daonna cois in Éirinn, agus is iomaí duine idir Éireannaigh, Albanaigh, Lochlannaigh, Sasanaigh agus eile a leag cois ann ó shin. Rinneadh dhá ár uafásacha san oileán le linn choilíniú na hÉireann. Dhúnmharaigh Francis Drake agus a chuid fear tuairim is 600 oileánach ann sna 1570idí agus rinneadh scrios eile fiche bliain ina dhiaidh sin nuair a chaith saighdiúirí Shasana 300 bean agus páiste d’ailltreacha móra an oileáin. Fiú sular thosaigh na Briotanaigh ag réabadh an oileáin bhí na Lochlannaigh ann rompu ag déanamh áir.

Ach taobh amuigh den stair, mheall dhá rud ar leith go Reachlainn mé – na héin agus an teanga. Is iad an Royal Society for the Protection of Birds a ritheann an tearmann éan atá in iarthar an oileáin agus chonaic mé na mílte míle éan farraige ag neadú ar na hailltreacha arda – na fuipíní ina measc! Ní mór a rá go gcaithfeá a bheith cliste faoin tráth bliana a théann tú ann más sa tóir ar éin áirithe atá tú – is i mí na Bealtaine a bhíonn a bhformhór ‘sa mbaile’ i Reachlainn sula dtéann siad amach ar an teiscinn mhór don chuid eile den bhliain. Tá an tearmann éan lonnaithe timpeall ar an teach solais bunoscionn in iarthar an oileáin (tá trí theach solais ann). Bhí os cionn 100 céim ar an staighre síos (éacht d’fhear a bhí ar mhaidí croise!) ach b’fhiú go mór an dua don radharc ar an éanlaith agus an taispeántas spéisiúil sa teach solais féin.

Tá músaem eile san oileán atá lonnaithe i seanteach bád sa mbaile beag ag an gcuan. Ní raibh an taispeántas sin ach ‘maith go leor’ agus is cinnte gur léargas Briotanach ar oileán a bhí sách Gaelach a bhí ann. Bhí roinnt eolais ann faoin saol mar a bhí san oileán ach go leor ann faoin tiarna talún “dea-mhéineach” a cheannaigh an t-oileán agus a bhí “i gceannas” air ar feadh i bhfad. Níor luadh an Ghaeilge ar chor ar bith ann, rud a chur an-díomá orm mar bhí an-spéis agam i stair na teanga san oileán idir-Ghaelach seo. Níor luadh Bráithreachas Poblachtánach na hÉireann ná blianta na Réabhlóide ach an oiread, rud a chuir iontas orm mar gheall ar an gceangal a bhí ag leithéidí Ruairí Mhic Easmainn leis an áit.

Bhí a gcanúint féin ag muintir an oileáin, canúint nach maireann anois ach amháin i leabhair agus i dtaifeadtaí, a bhí ina droichead ar go leor bealaí idir Gaeilgí na hÉireann agus na hAlban. Thugadh scoláirí cuairt ar an áit sa gcéad seo caite agus an céad roimhe sin arís le gramadach, stór focal, agus comhréir na n-oileánach a fhoghlaim agus is iomaí feis, fleá, agus féile a reáchtáladh san oileán san am a caitheadh.

Bhí súil agam i bhfad níos mó a fhoghlaim faoin gcanúint ach níor luadh í ar chor ar bith i músaem an oileáin. D’fhiafraigh mé de lucht an óstáin fúithi agus cé nach raibh mórán eolais acu féin ar an teanga, ba léir a spéis inti agus d’aimsigh siad leabhar dom faoi dhán na Gaeilge san oileán. Ba léir freisin a mian teanga a sinsear a fhoghlaim. Agus mé ag dul timpeall an oileáin chonaic mé go leor tithe a raibh ainm Gaeilge greanta ar a ngeata agus bhí comharthaí Gaeilge i roinnt mhaith de na siopaí beaga.

Aon oíche amháin a d’fhan mé i Reachlainn ach d’fhanfainn níos faide dá mbeadh lúth na gcos agam agus mé in ann dul ag spaisteoireacht timpeall. Molaim óstán Theach an Mhainéir ach bhí an-chuma ar an nglampáil freisin. Ní mór do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu san éanlaith cuairt a thabhairt ar an gcarraig bheag dhraíochta seo.

SCÉALTA EILE