Cuireadh €215,000 ar fáil do bhealach idirnáisiúnta siúil – An tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach – a shíneann ó Shléibhte Apaláiseacha Mheiriceá Thuaidh trí chúige Uladh agus ar aghaidh go hAlbain, na Scigirí, agus Críoca Lochlann.
Caithfear an t-airgead seo ar an gcuid sin den bhealach mór siúil atá i gcontae Dhún na nGall, agus cuid mhaith de i gceantair Ghaeltachta an chontae: Gleann Cholm Cille agus an Ghaeltacht Láir.
Tá tuairim is 485km den tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach in Éirinn, agus thart ar 120km di i gContae Dhún na nGall. Is é Sliabh Liag túsphointe na slí in Éirinn agus síneann sí trí chontaetha Thír Eoghain agus Doire chomh fada soir le Latharna i gContae Aontroma. Siúlfaidh an té a thabharfaidh faoin gcosán fada trí Ghaeltacht Dhún na nGall, na Cruacha Gorma, na Spéiríní agus ceantar Chosán na bhFomhórach.
Ar na bailte agus ceantair Ghaeltachta atá ar an tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach tá Sliabh Liag, Málainn Bhig, Gleann Cholm Cille, an Port, Ard an Rátha, agus na Gleannta.
Úsáidfear an t-airgead le feabhas a chur ar an gcomharthaíocht atá ar an tslí, pointe rochtana a thógáil, cláir eolais a chrochadh, infreastruchtúr ar nós binsí agus geataí a chur in áit, ealaín a choimisiúnú le cur ar thaobh an bhealaigh, agus aip a fhorbairt don tSlí in Éirinn.
Seoladh an tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach in Éirinn seacht mbliana ó shin, ach seo an chéad uair a rinneadh infheistíocht mhór sa togra i gcontae Dhún na nGall.
Tá an tSlí Apaláiseach ar cheann de na conairí siúil is aitheanta dá bhfuil ann i Meiriceá Thuaidh, agus ar fud na cruinne. Tá an bealach sin thar ar 3,500km ar fad agus síneann sé ó Springer Mountain i stát Georgia go Sliabh Katahdin in Maine. Cé nach bhfuil aon cheangal oifigiúil idir an tSlí Apaláiseach agus an tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach, féachtar go minic ar an gceann idirnáisiúnta mar ‘shíneadh neamhoifigiúil’ ar an gcéad cheann.
Tá ‘Caibidlí’ den tSlí Idirnáisiúnta Apaláiseach i dtíortha éagsúla chaon taobh den Aigéan Atlantach, mar a bhfuil rian den mhór-shliabhraon Apaláiseach-Caladónach a cruthaíodh 250m bliain ó shin. Is í ‘Caibidil Uladh-Éireann’ a thugann aire don tSlí in Éirinn, agus tá súil acu go leor turasóirí a mhealladh go cúige Uladh ó Mheiriceá Thuaidh sna blianta amach romhainn. Cuirfear tús le feachtas margaíochta chuige sin an bhliain seo chugainn.