Beidh bád nua farantóireachta ar dualgas i gCuan Sydney na hAstráile go luath, agus tá a ainm ag cur gliondar mór ar an idirlíon.
‘Ferry McFerryface’ atá baiste ar an long tar éis vóta poiblí inar ghlac níos mó ná 15,000 duine páirt.
Ba é ‘Boaty McBoatface’ a roghnaíodh ar dtús ach ionas “nach dtiocfadh an t-ainm salach ar ainmneacha eile”, cinneadh ar an dara teideal is mó tóir a úsáid ina áit.
Is tagairt é an chéad ainm seo do phróiseas ainmniúcháin i Sasana anuraidh nuair a vótáil an pobal ar son ‘Boaty McBoatface’ a thabhairt ar long úr eolaíochta de chuid rialtas na Breataine.
Sa deireadh sháraigh na húdaráis toradh na vótála agus thug siad ‘Boaty McBoatface’ ar fhomhuireán beag féinstiúrtha seachas ar an long mhór féin.
Yes, new Sydney ferry will actually be called Ferry McFerryfacehttps://t.co/Uaskm52u7E pic.twitter.com/Gkwi4SrW6A
— ABC Sydney (@abcsydney) 13 Samhain 2017
Tá tionchar na heachtra fós le brath áfach agus ainmneacha greannmhara baiste ar shoithigh agus ar fheithicilí éagsúla ar fud na cruinne ó shin, ar nós ‘Trainy McTrainface’ ar thraein sa tSualainn le déanaí agus an bád fartha úr seo san Astráil.
“Is ceann é seo do na páistí,” arsa Andrew Constance, Aire Iompair na hAstráile, ar fhógairt an ainm dó inniu.
Ach níl aon amhras ann go mbainfidh ‘páistí’ fásta sult as chomh maith… fáilte ar bord!
CEIST: Dá mbeadh a leithéid d’ainm le tabhairt ar bhád Gaelach, cad a tharbharfá ar an long?!