‘Fáilte go hIosrael’ ar seisean ‘ná gabh chuig an bPailistín’

Ba é mo ríphríbhléid aithne a chur ar Ghaeil ghníomhaíocha Uladh i gcaitheamh na mblianta beaga deireanacha anuas, agus méadú tagtha dá réir sin ar líon mo chairde Facebook a bhfuil brat na Palaistíne mar avatar acu. 

Cuma mhagúil ar an méid sin mar ráiteas uaim, ach déanta na fírinne táim buíoch den bhfeabhas a tháinig ar mo thuiscint ar chríochdheighiltí i gcéin agus i gcóngar de bharr comhráite le dornán daoine ar leith. 

Tagraím go sonrach do thogra cróga mórchroíoch ceannródaíoch Áinle Uí Chairealláin ó thaobh ionad spórt den tsórt a bhunaigh sé i gCorcaigh aige a bhunú anois sa Phalaistín. Géarchéim na Palaistíne le tamall ag luí ar m’intinn dá bhrí sin, agus d’éirigh le déanaí liom féin cuairt a thabhairt ar Iarúsailéim Thoir agus ar an mBeithil. Ag brathaíl is ag féachaint romham is ea a bhíos, gan tuairisc ar aon mhórghaisce anso agam ach cuntas ar conas mar a bhí agam mar Éireannach a thabharfadh fén bPalaistín. 

Bhí orm eitilt isteach go Tel Aviv gan dabht, agus an chéad rud a rith liom ná comharthaí trítheangacha, idir Eabhrais, Araibis agus Bhéarla, a bheith ar fud an aerfoirt. Ba shuaithinseach le feiscint iad na trí chlófhoireann an-éagsúla seo taobh lena chéile. Bhí tosnaithe agamsa ar chúrsa Eabhraise Duolingo d’fhonn a chur i gcéill don oifigeach inimirce gur ar bhonn neodrach an chultúir a raibh “suim” agam i stát Iosrael.

Idir Araibis agus Eabhrais a fhaightear ar bhillí an Shekel, airgead Iosrael, ach ná déantar amach go bhfuil cothrom na féinne á thabhairt do theanga na bPalaistíneach sa mhéid seo — is é a mhínigh comh-iarscoláire Fulbright Palaistíneach dom ná go bhfuil deireadh le cur le béalghrá mar é de réir na reachtaíochta nua seo a dearadh ar mhaithe le cosaint a thabhairt in Iosrael don “náisiún Giúdach”. 

Reachtaíocht mar í, is dócha, a bhí laistiar den ndiancheistiú a deineadh orm féin nuair a bhaineas contúirt na gcustam san aerfort amach. Canathaobh mé a bheith chomh minic sa Tuirc? Cad a thug don Túinéis mé? Agus go Maracó? Arbh Iosraelach an bhean a thabharfadh lóistín dom? Saoránach Iosrael arsa mise agus an cheist dheireanach san á freagairt agam, agus an chéad rud eile a bhí uaidh ná a hainm. Gáirí fonóideach a dhein sé nuair a thugas do a hainm ró-Arabach, agus stampáil sé mo víosa le fórsa neamhchuí. “Welcome to Israel” ar seisean, “do not go to Palestine“. 

Don bPalaistín a chuas an lá dar gcionn ar bhus ar a raibh swastika greannta sa smúit a bhí bailithe ar a chúl. Bus Arabach ab ea é gan dabht — tráthnóna Dé hAoine agus gan aon seirbhísí Giúdacha ar fáil de bharr an Sabbath a bheith ann. Ba dheoranta mar áit í an teorainn idir an Phalaistín agus Iosrael. Geall le eastát neamhchríochnaithe tithíochta éigin thuas i gCluain Dolcáin. 

Ní chuirtear aon bhac ar éinne a ghaibhfeadh thar teorainn isteach sa Phalaistín — prótó-stát atá gan a aerfort féin agus a bhraitheann ar Shekel Iosrael mar airgead, a shaoránaigh gan phasanna, ach stampaí deasa poist dá gcuid féin acu. Shiúlaíos isteach i mBeithil ar aon chuma agus “ósdánlann” Banksy ar chlár na cuairte againn. Óstán is ea é, ach é geall le bheith ina dhánlann – “ósdánlann” a bhaistím air! Mór an seó an léargas a fuaireas ann ar uafáis an tsaoil Phalaistínigh. 

Thar n-ais ar theorainn Iosrael arís, agus dob shin an uair a tháinig an t-eagla orm. Stáisiún scrúdaithe seiftithe ag na hIosraelaigh ar fhallaí na “síochána”, ach níor dúradh faic i ndeireadh liom, ná níor cuireadh aon stampa i mo phas lena thabhairt le fios gur chuas isteach sa Phalaistín, rud a cheapas a tharlódh agus a chuirfeadh cosc as san amach orm ó dhul isteach in Iosrael. 

Pas Iosraelacha ag mo pháirtí Palaistíneach — an súp ólta aici! Bhí san go maith agus ní raibh go holc nó gur bhaineas aerfort Tel Aviv arís amach. Tógadh uaim mo ghuthán agus a raibh agam de bhagáiste, agus ceisteanna arís acu orm i dtaobh na dtíortha Moslamacha eile a thaithíos cheana im shaol.

I gcaitheamh na huaire a chloig a ghlac sé seo ar fad orthu a chur i gcrích, níor luadh an Phalaistín oiread is uair amháin liom. B’ait liom san. Ach thugas liom na sála. Imeartas focal beag é an focal ‘sála’ ansan agam. ‘Salah’ sloinne mo chara Palaistínigh. Taobh le ‘Sala’ na Sualainne a mhairim i láthair na huaire! Is deas iad na comhtharlúintí teangeolaíocha.

SCÉALTA EILE