Bhuel sin é.
Cuid den camino siúlta agam agus mé sa bhaile anois i nDoire.
Ní raibh a fhios agam cén dóigh a mbeinn ag mothú ag deireadh an turais, agus is dócha gur shíl mé nach n-athróinn i ndiaidh cúpla lá a chaitheamh ag siúl, ach mothaím difriúil faoi rudaí áirithe i mo shaol agus fúm féin anois.
Is cinnte go bhfuil draíocht de chineál éigin ann ar an Chamino, mar d’ól mise an oiread sin fíona agus ní raibh póit orm oiread is lá amháin. Bhí oíche amháin ann inar ól muid crúiscín sangría agus cúpla buidéal fíona eadrainn ar fad agus mhúscail muid an mhaidin dar gcionn le thart ar 20km a shiúl.
Agus mar a bhí bean ghalánta ón Ísiltír a rá linn, ní shiúlfá chuig an chuisneoir fiú dá mbeifeá sa bhaile agus dá mbeadh léasrach ar do chos ach nuair atá ort é a dhéanamh, bíonn tú in ann aige.
Shiúil mé maidin amháin liom féin mar gheall gur imigh Maitiú tamall i mo dhiaidh. Bhí mé ag smaoineamh an bhealach ar fad gur féidir le duine éigin teacht agus mé a ghoid agus nach mbeadh a fhios ag duine ar bith go dtí mall san oíche.
Tháinig mé slán, ar ndóigh, ach dúradh liom an lá dar gcionn gur maraíodh bean óg agus í ag siúl léi féin cúpla bliain ó shin. Ba mhó an fhiosracht ná an imní a bhí orm faoi seo agus mé ag iarraidh fáil amach cad a tharla don bhean bhocht.
Murach na cairde a rinne muid ann, creidim go mbeinn cineál amhrasach faoi dul ar ais arís.
Ar an ábhar sin, tá mé cinnte de anois go dtiocfaidh mé ar ais. Fuair mé an bus isteach go Santiago ar maidin mar gheall nach raibh go leor ama agam siúl ann ach bhí bród orm go fóill ag teacht isteach dom. Tá sé beartaithe agam anois neart traenáil a dhéanamh agus le cuidiú Dé an t-am seo an bhliain seo chugainn beidh mo chosa i ndiaidh mé a ghlacadh ón Fhrainc isteach go Santiago.
Beidh siad suite in oighear agam as seo go sin, áfach, go dtiocfaidh siad ar ais chucu féin!