Fios feasa ar Stócólm

Tá clú agus cáil dhomhanda mar láthair thurasóireachta den chéad scoth tuillte ag Stócólm, a scríobhann Noah Higgs. Chaith sé seachtain ann le déanaí agus bhreac sé síos a chuid moltaí, ó cheantair ar leith sa chathair go dtí na tarraingtí, agus fiú na hollmhargaí, is fearr…


Moltaí ginearálta:

Is é Stócólm an chathair is mó i gCríoch Lochlann – ciallaíonn sé seo praghsanna arda agus aimsir luaineach.

Ní gá bheith buartha faoi chaighdeán an bhia ná na seirbhísí áfach, bíonn siad ard i gcónaí.

Bí ag cuartú bialanna le dagens rätt (béile an lae); rogha béilí deasa don lón a chosnóidh i bhfad níos lú.

Maidir leis an aimsir, beidh Éireannaigh go breá ann. Bíonn sé níos fearr ná anseo i rith an tsamhraidh ach glac leat cóta ar aon chuma.

Déan cinnte go bhfaigheann tú rothar ar chíos. Beidh gach aon áit sa chathair níos fusa le sroicheadh, agus spárálfaidh tú ar thicéid traenach.

Tá Béarla iontach ag gach éinne ach fós féin foghlaim cúpla frása bunúsach – hej (haigh), jag vill ha… (ba mhaith liom…), tack (GRMA) – agus úsáid iad.

Tá Sualannaigh an-bhródúil as a dtír, agus réiteoidh tú níos fearr leo má thaispeánann tú meas air sin.

Cosúil le haon chathair iontach, ní bheidh an t-am agat chuile rud a dhéanamh.

Glac leat leabhar taistil chun moltaí eile a fháil nach bhfuil anseo nó i measc na gceantar thíos (Stadshuset, Vasastan srl.).

Cheannaigh mé féin Pocket Stockholm, leabhar ón tsraith Lonely Planet, agus shíl mé go raibh comhairle an-úsáideach ann.

Cuardaigh bialanna ar TripAdvisor, nó seirbhís cosúil leis, chun an bia is réasúnta a fháil chomh maith.


stocolm

Ceantair Stócólm:

Gamla Stan

Caomhnaíodh an tseanchuid de Stócólm go han-mhaith agus is anseo is cóir aon aistear turasóireachta a thosú.

Ciallaíonn Gamla Stan ‘An Seanbhaile’, é suite ar oileán díreach i lár na cathrach.

Is áit chorraitheach spleodrach í, le sráideanna cúnga ildaite gnóthacha.

Tiocfaidh tú ar a lán plásanna líonta le bialanna agus caiféanna ach ní bheidh tú i bhfad ag cuartú ascaillín chiúin le caifé nó gailearaí rúnda faoi cheilt ann.

I measc na bpríomhtharraingtí do thurasóirí i nGamla Stan tá Kungliga Slottet (an Teach Ríoga), Nobelmuseet, agus foirgnimh ghalánta na sráideanna féin.

Seo príomhcheantar turasóireachta na cathrach, mar sin gabh ann go moch chun na sluaite a sheachaint.


sodermalm

Södermalm

Seo an ceantar ar maith le daoine crochadh timpeall ann.

Má tá fonn ort go bhfeicfear thú ag ól caife nó beorach lasmuigh d’ionad snasta, ba chóir duit teacht anseo.

Ba í seo an áit ab fhearr liom féin caife a cheannach agus faire ar mhuintir Stócólm ar feadh uaire nó dhó.

Déarfainn go bhfuil Söder níos iltírí ná aon áit eile sa chathair agus is ionann an méid Béarla agus Sualainnise a chloistear anseo dá bharr.

Leis an iliomad caiféanna, bialanna deasa agus cearnóga, bíonn tuistí óga faiseanta a mbíonn a bpáistí ag freastal ar scoileanna comhoideachais, le feiceáil anseo, ag ithe lóin quinoa nó bulgar nó pé sárbhia is déanaí ar an bhfód.

Nuair a bhogann ealaíontóirí isteach sa chathair ó áiteanna eile, is anseo a thagann siad agus tá beocht agus stíl ann dá thairbhe.

Má tá éadaí athláimhe á lorg agat, bí cinnte teacht anseo chun do chuid féin a aimsiú ón raidhse siopaí dea-thola.

Mar aon leis an atmaisféar deas, tá rudaí iontach suimiúla anseo ar nós Fotografiska – iarsmalann grianghrafadóireachta – agus na margaí éagsúla a bhíonn ar siúl ar laethanta áirithe.


vasagatan

Norrmalm

Má tá Söder chic is ealaíonta, tá Norrmalm saibhir is galánta.

Siúil feadh sráideanna leathana le búitíceanna agus siopaí branda ar an dá thaobh.

Murar tháinig tú ar aon rud deas sna siopaí athláimhe i Söder, bain triail as Norrmalm agus tabhair cuairt ar an H&M ollmhór, nó an Urban Outfitters suite in iarphictiúrlann chlúiteach an Moulin Rouge.

Tá na trí ollmhargadh NK, PUB agus Åhléns anseo freisin, má tá tú ag iarraidh béile níos saoire a fháil duit féin.

Má thagann tú chun na cathrach ar an traein, is é Norrmalm an chéad cheantar a fheicfidh tú agus tú ag siúl amach as T-Centralen ar Vasagatan.

Tá iarsmalanna suimiúla ann – Dansmuseet ina measc, a thugann eolas ar rince timpeall an domhain – agus tá flúirse clubanna oíche anseo chomh maith, má tá fonn ort bualadh le Sualannaigh óga.


vasa

Djurgården & Skeppsholmen

Tá áiteanna deasa séimhe ar Södermalm agus Gamla Stan araon, ach más ag iarraidh fíor-chiúnais i lár na cathrach atá tú, is iad an dá oileán seo ba cheart bheith ceann scríbe agat.

I measc páirceanna oscailte agus coillte beaga, féadann tú rothaíocht nó siúl thar chosáin ghleoite, cuairt a thabhairt ar iarsmalanna nó do scíth a ligean ag breathnú amach thar an uisce.

Agus iarsmalanna luaite agam, tá dhá cheann de na cinn is fearr sa chathair anseo, Vasamuseet (ina bhfuil long chogaidh ón 17ú céad) agus Moderna Museet (áras nua-ealaíne).

Is achar ollmhór é Djurgården ach go háirithe, chomh mór le haon cheantar eile sa chathair, agus mórán ann le feiceáil ann.

Nó is féidir leat gan aon rud a dhéanamh agus iarnóin a chaitheamh ar an bhféar ag machnamh agus ag éisteacht le daoine ag rith thart: do rogha.


oileanra

Oileánra Stócólm

Glacfaidh sé lá iomlán ach is fiú taisteal amach chuig na hoileáin níos faide amach ó oirthear na cathrach.

Tá na mílte inis le taiscéaladh ar bháid a sheolann ar feadh an lae ó lár Stócólm.

Tosaigh ó shráidbhaile gleoite Vaxholm agus ar aghaidh leat chomh fada agus is mian leat.

Tabharfaidh tú faoi deara nach mbeidh de lonnaíocht ar an gcuid is mó díobh ach tithe aonaracha, tithe saoire.

Ach tá bailte beaga ar roinnt díobh, Möja ina measc ar a mbíonn 270 ina gcónaí ó cheann ceann na bliana.

Is trí thimpiste a bhí mé ann – níor thug mé faoi deara mo stad báid níos luaithe ar an turas.

Ach ba chuma liom, mar bhí sé go haoibhinn ar fad le bialanna, caiféanna, siopaí bia agus ionad beag turasóireachta.

Ghlac sé an lá uilig an inis a shroicheadh agus tamall a chaitheamh ann de bharr an turais dhá uair, ach b’fhiú go mór é.


Grianghraif: Mariano Mantel, Benjamin Horn

SCÉALTA EILE