Fios Feasa ar Vársá

Níl aon amhras faoi, is cathair ghleoite í ardchathair na Polainne.

Tá sí mór, tá sí seanda, tá sí nua, tá sí mórthaibhseach agus tá sí beoga.

Suite ar bhruach clé na habhann móire, an Wisła (an Viostúile i nGaeilge), tá breis agus 3 mhilliún duine ina gcónaí i Vársá agus sa cheantar máguaird.

Is í an t ochtú cathair is mó san Aontas Eorpach agus tá sí mór ar gach slí – tá an abhainn mór, tá an chathair féin mór, tá an daonra mór, tá na sráideanna mór, tá na foirgnimh mór ard agus tá meas mór ag muintir na Polainne uirthi.

Agus tú ar cuairt i Vársá is fiú go mór tús a chur le do chamchuairt i Śródmieście (Sródmeistí – tá sé deacair sin a rá).

Is é Śródmieście lár na cathrach agus is iad Stare Miasto (an Seanbhaile) agus Nowe Miasto (an Baile Nua) na ceantair is mó aithne sa limistéar seo.

varsa-2

Stare Miasto (An Seanbhaile)

Seo croí na cathrach.

Is ceantar beag agus gleoite é le seantithe ildaite, sráideanna caola, séipéil agus caisleáin brúite le chéile i limistéar beag timpeallaithe le sceimheal .i. balla cosantach mór.

Tá leacáin fhlannbhuí ar na díonta agus tá dathanna geala éagsúla ar aghaidh na bhfoirgneamh, a chuireann go mór le draíocht na háite.

Tá cearnóg bheag a bhíonn lán de dhaoine i lár an cheantair seo.

Tá fuarán le maighdean mhara air le feiceáil i lár na cearnóige. Tá foirgneamh ard áirithe i lár an cheantair agus tá sé deacair é a sheachaint.

Is éard atá ann ná Ardeaglais Bhaisleac Mharta Eoin Baiste.

Tá bialanna, caiféanna, seodóirí, siopaí leabhair agus siopaí bronntanais le fáil ar gach sráid anseo.

Tá dromchla na sráideanna clúdaithe le duirleoga mar a bheifeá ag súil leis i gceantar ársa mar seo.

Agus dar ndóigh, bíonn na sráideanna dubh le turasóirí ag glacadh grianghraif de na foirgnimh agus nithe eile atá le feiceáil ann.

Tá foirgneamh mór le ballaí dearga le feiceáil ag imeall an tseanbhaile. Seo an Zamek Królewski (an Caisleán Ríoga).

Níl rí ar an bPolainn ar na saolta seo mar sin is iarsmalann anois é.

Tá na seomraí maisithe go spleodrach ann.

Tá garraí ar an taobh eile den chaisleán ar féidir siúl iontu.

Os comhair an chaisleáin tá Plac Zamkowy (cearnóg an chaisleáin), ina bhfuil ceann de chomharthaí Vársá, colún 22 mhéadar ar airde le dealbh ar a mhullach, le feiceáil.

Seo é Kolumna Zygmunta (Colún Shigmund), rí ar an bPolainn fadó a roghnaigh Vársá mar ardchathair na Polainne in áit Kraków.

Tá dealbh den rí Sigismund III Vasa ag barr an cholúin.

‘Seanfhoirgnimh nua’

Ní mian linn díomá a chur ort ach is gá rún a sceitheadh.

Creid nó ná creid, cé nach gceapfá, is foirgnimh nua iad formhór de na foirgnimh sa seanbhaile. Scriosadh an chuid seo den chathair sa Dara Cogadh Domhanda.

Nuair a d’éirigh na sluaite Polannacha amach i gcoinne na nGearmánach i Lúnasa 1944, d’imir na Gearmánaigh díoltas uafásach.

Dhúnmharaigh siad na mílte mílte daoine agus rinne siad a ndícheall Vársá a scriosadh go huile is go hiomlán ionas nach mbeadh rian di fágtha.

Ruaig na Sóivéidí na Gearmánaigh as an bPolainn agus thosaigh na Polannaigh ar a n ardchathair a atógáil mar léiriú nár dhíothaigh na Naitsithe iad.

Gach foirgneamh a fheictear sa cheantar atógadh é sna 1940í go dtí na 1970í. Tá sé deacair sin a shamhlú mar atógadh go feillbhinn iad.

iarsmalann-marie-curie

Nowe Miasto (An Baile Nua)

Le hais Stare Miasto, tá Nowe Miasto.

Ní hionann sin is a rá go bhfuil foirgnimh úrnua sa cheantar seo áfach.

Bunaíodh an chuid seo de Vársá ag deireadh an 14ú aois.

Atógadh na tithe agus foirgnimh den déanamh barócach agus clasaiceach atá timpeall Chearnóg an Bhaile Nua tar éis an Dara Cogadh Domhanda.

Ar nós an tseanbhaile, is ceantar gleoite seo ina bhfuil a lán bialanna agus caiféanna, foirfe chun do scíth a ligean.

Saolaíodh an t-eolaí cáiliúil Marie Curie sa cheantar seo agus tá iarsmalann Mharie Curie (Muzeum Marii Skłodowskiej-Curie) sa teach (thuas) inar saolaíodh í sa Nowe Miasto.

Tá neart eile le feiceáil anseo chomh maith amhail Pomnik Powstania Warszawskiego (an Séadchomhartha d’Éirí Amach Vársá) a chuimhníonnn na mílte daoine a throid chun Vársá a fhuascailt ó na Gearmánaigh agus chun cinntiú go mbeadh sí saor sular tháinig na Sóivéidí.

Faraor, níor éirigh leo Vársá a fhuascailt agus fuair a lán daoine bás.

Ar imeall Nowe Miasto, tá fuarán fada darbh ainm Multimedialny Park Fontann ann.

Is éard atá ann ná linn nua-aimseartha ina bhfuil 367 soc a steallann 30,000 lítear d’uisce gach nóiméad.

Nuair a bhíonn sé dorcha, lastar an t-uisce le 300 solas a athraíonn dath an uisce go tapa.

Ná caill na taispeántais uisce le ceol agus soilse a bhíonn ar siúl gach oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn ó Bhealtaine go Meán Fómhair.

hotel-bristol-warsaw

Krakowskie Przedmiescie

Tosaíonn an tsráid is tábhachtaí i Vársá an taobh ó dheas de Plac Zamkowy.

Is sráid mhór fhada í Krakowskie Przedmiescie agus tá na foirgnimh is tábhachtaí sa tír le fáil uirthi.

Ar dhá thaobh na sráide seo tá foirgnimh mhóra de dhéanamh clasaiceach.

Ina measc tá Séadchomhartha Adam Mickiewicz (file mór na Polainne), an t óstán galánta an Hotel Bristol (thuas), Ollscoil Vársá, Pálás an Uachtaráin.

Tá a lán séipéal ar an tsráid amhail an Eaglais Chairmeileach, Eaglais na Crosa Naofa agus Eaglais Naomh Anna.

Ag bun na sráide tá limistéar oscailte ina bhfuil Séadchomhartha Nicolaus Copernicus le feiceáil os comhair Pálás Staszic – suíochán Acadamh Eolaíochta na Polainne.

Rachaidh na foirgnimh chuidsúlacha i bhfeidhm ar spaisteoirí.

Bíodh do ghrianghrafadán réidh agat mar beidh neart foirgneamh ar mhaith leat grianghraif a ghlacadh dóibh.

Tá siopaí leabhair maithe ar an tsráid seo, ar nós Główna Księgarnia Naukowa im. B. Prusa, ar fiú dul isteach iontu.

Mar shíneadh ar Krakowskie Przedmiescie, tá an tsráid fhada Nowy Świat.

Má tá oíche sna clubanna ag teastáil uait, is ann a rachaidh tú.


4 áit iontach ar chóir cuairt a thabhairt orthu:

Pálas Cultúir agus Eolaíochta Vársá

palas-cultuir-eolaiochta

Tá an foirgneamh is airde sa Pholainn, Pálás Cultúir Vársá (Pałac Kultury i Nauki), lonnaithe i lár na cathrach.

Is túr mór é 237m ar airde, tá 3,000 seomra ann ar 42 urláir agus tá clog mór ar an túr. Críochnaíodh an foirgneamh in 1955.

Ba “bhronntanas ó mhuintir na Sóivéidí” é.

Tá dúrud áiseanna sa bhfoirgneamh seo amhail amharclanna, pictiúrlann, ceoláras, iarsmalanna, linn snámha agus neart eile.

Tá an t ionad amhairc is airde i Vársá ar an 30ú urlár agus is féidir radharc den scoth a fháil ar an gcathair ón láthair sin.

Tá páirc mórthimpeall air agus is féidir faoiseamh a fháil ó theas na gréine faoi scáth na gcrann inti.

Centrum Nauki Kopernik (Ionad Nicolaus Copernicus)

centrum-nauki-kopernik

Ainmníodh an t ionad seo ar Copernicus, an Polannach a d’fhionn go rothlaíonn an domhan timpeall na gréine.

San ionad seo is féidir an t uafás a dhéanamh chun eolas a chur ar eolaíocht.

Tá seomraí éagsúla ann inar féidir rudaí a bhrú, a tharraingt, a chasadh, a scaradh óna chéile agus spraoi a bheith agat fad is atá tú ag foghlaim faoin domhan.

Ceann de na rudaí is mealltaí ná an phláinéadlann “Spéir Chopernicus” ina dteilgtear íomhánna a thugann le fios don lucht féachana go bhfuil siad ag taisteal go dtí na háiteanna is cianda sa chruinne nó go doimhneacht na n-aigéan nó istigh i mbolcán.

Is fiú go mór leathlá a chaitheamh ann chun tairbhe a bhaint as ós rud é go bhfuil an méid sin rudaí le déanamh ann.

Oireann sé do pháistí agus do dhaoine fásta araon.

Tá siopa ann inar féidir leabhair agus bréagáin a bhfuil baint acu le heolaíocht a cheannach.

Leabharlann Ollscoil Vársá – Dobra 56/66, Powiśle

lo-varsa

Tá foirgneamh neamhghnách gar do Centrum Nauki Kopernik, mar atá leabharlann Ollscoil Vársá.

Téigh suas go dtí an gairdín atá ag fás ar dhíon an fhoirgnimh.

Tá cosáin éagsúla ar bharr na leabharlainne agus is féidir dul go cúinne amháin ina bhfuil ionad amhairc inar féidir radharc a fháil ar an abhainn agus ar Staid Náisiúnta ar an mbruach deas.

An Staid Náisiúnta – Praha

staid-naisiunta-varsa

Dóibh siúd a bhfuil suim acu i spórt, taitneoidh sé leo cuairt a thabhairt ar Staid Náisiúnta atá suite in Praha, an baile ar an mbruach deas den abhainn.

Tógadh an staid mhór seo do chluiche ceannais Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa in 2012.

Tig le 58,000 duine suí inti agus tá dathanna na Polainne – bán agus dearg – le feiceáil ar an taobh seachtrach di.

Bíonn an taobh seachtrach lasta istoíche agus is féidir í a fheiceáil ó neart áiteanna fud fad na cathrach.


Taisteal sa chathair

Tá Metro i Vársá atá ann deas agus slachtmhar.

Is féidir taisteal anonn is anonn ar fud na cathrach ar an Metro.

Tá sé saor agus moltar duit ticéad trí lá a cheannach.

Conas taisteal chuici?

Más as Éirinn atáthar ag taisteal, bíonn eitiltí ag Aer Lingus agus ag Ryanair ó aerfort Bhaile Átha Cliath go Vársá.

Eitlíonn Aer Lingus go haerfort Chopin Vársá agus eitlíonn Ryanair go haerfort aduain a nglaoitear Vársá Modlin air.

Tá Modlin suite 40km ó thuaidh agus is féidir taisteal ar bhus ón aerfort go Vársá.

Fágann bus go Vársá gach 30 nóiméad.


Tá gach eolas a bheadh de dhíth ar chuairteoirí le fáil ón suíomh cuimsitheach ilteangach www.warsawtour.pl

SCÉALTA EILE