‘Ar thaitin Las Vegas leat?’ Ceist bheag shimplí.
Ceist dhíreach nach gá mórán machnaimh a dhéanamh uirthi, shamhlófá.
Caithimse cuid mhaith ama ag iomrascáil le ceisteanna casta, tábhachtacha ar nós: An bhfuil mo shaol ag dul sa treo ceart? An cara maith mé?
Mar a dhéanann go leor daoine, chaith mé seachtain in Las Vegas ag tús na míosa.
D’fhan muid ar an ‘strip’, mar a dhéanann formhór na gcuairteoirí.
Tá mé go fóill idir dhá chomhairle faoin áit.
Ní hé gur duine mé nach bhfuil dúil agam i Meiriceá agus i gcathracha.
Tá mo chroí istigh in Nua-Eabhrac, idir beocht na cathrach féin agus na daoine ilghnéitheacha, iltréitheacha inti.
Chaith mé cúpla seal ag teagasc Gaeilge ‘upstate’, mar a thugann siad air, cúpla uair an chloig ó thuaidh ón gcathair is spleodraí ar domhan, dar liom.
Thaitin sin liomsa freisin. Bhí aer úr ann agus coillte glasa, tiubha agus bhí mé in ann an Hudson a chloisteáil ó mo sheomra codlata.
Ach bhí fonn orm Vegas a fhágáil a luaithe agus a thuirling muid ann.
Níor tharla sin dom riamh i mo shaol.
Bhí mé corraithe ag na hóstáin mhóra, na dathanna scéiniúla agus trup ard na meaisíní nach stadann ó mhaidin go hoíche.
Ar ndóigh, má tá tú istigh sna hóstáin seo, ní aithníonn tú an mhaidin ón oíche, ar eagla go mbeadh fonn ort dul a luí, gan do chuid airgid a chur amú.
D’fhéadfá an lá ar fad a chaitheamh laistigh d’óstáin: tá bialanna, ionaid siopadóireachta agus amharclanna ollmhóra le fáil iontu.
Bunaíodh ‘strip’ cáiliúil Las Vegas i 1941 nuair a osclaíodh an chéad casino ann.
Ó shin i leith, chuirfeadh oidhreacht ghairid na háite scannán i gcuimhne duit, idir mobsters contúirteacha, ceolchoirmeacha The Rat Pack agus tástáil adamhach (atomic testing).
Is dócha nach aon ionadh gur áit í nach bhfuil cosúil le haon áit eile ar domhan agus a leithéid sin de stair aici.
De réir a chéile, chuaigh mé i dtaithí ar an áit.
Chuaigh mé i dtaithí ar leagan Las Vegas de Thúr Eiffel a fheiceáil lasmuigh de dhoras an óstáin.
Chuaigh mé i dtaithí ar leagan cruthaithe de Nua-Eabhrac, ar Dhealbh na Saoirse (Statue of Liberty) ar dhroichead Brooklyn agus ar an óstán a lig air gur cathair álainn Venezia a bhí ann.
Thuig mé nach mar a chéile cur chuige Las Vegas agus aon áit eile ar thug mé cuairt uirthi. Is cathair bhréagach í Las Vegas, ach tá sí an-ionraic faoina bréagacht.
Léiriú fantaisíochta is ea gach rud a fheiceann tú in Vegas.
Tugann Vegas le fios go bhfuil réaltacht ann ach nach gá maireachtáil inti i gcónaí.
Tá cead ól ar na sráideanna.
Tá cead pósadh i séipéal beag bán agus aithriseoir Elvis an searmanas a cheiliúradh.
Tá tuiscint agamsa ar ‘áit’ atá foghlamtha agam, agus ba í Las Vegas a cheistigh an tuiscint sin den chéad uair.
Bhraith mé míshocair, míshócúlach, míchompordach ann.
Glacaimid lena bhfuil timpeall orainn gan cheist, go hiondúil.
Chuir Las Vegas i gcuimhne dom nach bhfuil sa domhan ach léiriú ar shamhlaíocht na ndaoine atá ag cur fúthu ann.
B’fhiú an míshuaimhneas ar fad leis an léargas sin a fháil.