Iarrtha ar an bpobal gan siúl ar shliabh Gaeltachta

Táthar ag iarraidh ar lucht siúil sléibhte gan siúl ar an bpríomhchosán suas an Earagail i nGaeltacht Thír Chonaill an tseachtain seo le go mbeifí in ann obair athchóirithe a dhéanamh ar an gcosán céanna. Cuireadh tús inniu leis an obair athchóirithe sin agus beifear ina bun go dtí tráthnóna Dé Sathairn an 28 Bealtaine.

Síneann an cosán trí chiliméadar ón gcarrchlós ag bun an tsléibhe go dtí a bharr. Beidh córas nua tráchta i bhfeidhm ar an mbóthar R251 a ghabhann le taobh an tsléibhe i gcaitheamh an ama freisin.

Tá an obair á déanamh le go mbeidh bealach níos deise agus níos sábháilte ag lucht siúil sléibhte go barr an tsléibhe i airde i nDún na nGall agus le go dtabharfaí deis don dúlra atá sa cheantar teacht chuige féin arís agus an creimeadh sléibhe a chosc. Is mar chuid den Togra Rochtana Inmharthana agus Athchóirithe Gnáthóg atá an obair seo ar bun agus táthar ag súil go mbainfidh idir dhaoine, ainmhithe, phlandaí, agus éin tairbhe as toradh na hoibre.

Tá an Earagail ar cheann de na sléibhte is mó cáil ní hamháin sa Ghaeltacht ach in Éirinn trí chéile. Bíonn an-tóir ag lucht siúil sléibhte uirthi, go mór mór iad siúd ar mhaith leo na pointe is airde sna contaetha ar fad a bhaint amach. Tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag siúl ar na cnoic in Éirinn le tamall de bhlianta anuas agus bíonn tograí cothabhála agus cosanta mar seo ar siúl ar na cnoic is mó tóir.

SCÉALTA EILE