Agus an Breatimeacht go mór i mbéal an phobail ó chinn na Sasanaigh imeacht ón Aontas Eorpach agus na diabhail bhochta eile atá sa ‘Ríocht Aontaithe’ a tharraingt in éineacht leo, agus tá an caidreamh idir an tírín s’againne agus an tírín s’acusan faoi níos mó brú anois ná mar a bhí le tamall de bhlianta anuas.
Tá mé ag siúil ar Chonair Shéamuis Naofa le cúpla lá anuas agus tá daoine ó gach cearn den domhan feicthe agam ó d’fhág mé St-Jean-Pied-de-Port Dé Céadaoin, Sasanaigh ina measc.
Den chuid is mó, mar a bheifí ag súil ó dhuine atá ag taistil san Aontas Eorpach, is Remainers iad. Casadh duine amháin orm in Roncavellas a thacaigh go mór le Brexit, ach ó tharla é a bheith ina chónaí sa Téalainn is beag tionchar a bheidh ag an gcinneadh ar a shaol féin ar aon chaoi.
Casadh Sasanach eile orm an lá ina dhiaidh sin.
Sular fhág mé, dúradh liom: ‘You’ll make so many friends — dickheads don’t do the Camino’. Ach is fánach an áit a bhfaighfeá Saighdiúirín Sasanach.
Fuair mé comrádaí sléibhe an chéad lá, Ramón as an gCatalóin, a bhí chomh haclaí agus láidir céanna liomsa. Choinnigh muid luas maith thar Shliabh Piréin agus choinnigh muid comhluadar a chéile. Ag siúil dúinn ar an gConair, chuaigh muid thar chúpla duine eile, agus bheannaigh muid dóibh — Buen Camino — ar an mbealach go Larrasoaña.
Chuaigh Ramón ar aghaidh le 20km eile a dhéanamh ach bhí mo dhóthain siúil déanta agam don lá nuair a chonaic mé Albergue San Nicolás, agus chuir mé leaba in áirithe don oíche. Istigh casadh Éireannach eile, an Corcaíoch Mícheál, agus Gearmánach mná, Ina, orm agus chaith muid an dinnéar le chéile.
Ba ansin a thosaigh an trioblóid. Glór gránna, iompar sotalach agus geaitsíocht bhearránach uaidh a luaithe agus a tháinig sé isteach sa seomra suí. Níor aithin mé an chanúint ar an bpointe boise, ó tharla mé sách aineolach ar chanúíntí réigiúnach Shasana, ach níorbh éigean dom fanacht rófhada gur fhógair sé gurbh é Reece as deisceart na Breataine.
Is deacair cur síos a dhéanamh ar an gcaint agus an iompar a bhí aige, ach ba léir nár thaitin an duine nua seo lena raibh cruinnithe ag an mbord. D’aithin sé blas mo chuid Béarla agus dúirt gur Éireannach a bhí ionam. Chuir a ‘thomhas’ iontas ar na hEorpaigh inár dtimpeall agus tosaíodh ag caint faoi bhlasanna agus canúintí.
“All of us in the UK have such different accents from each other, but we can recognise where we’re from. He has a very strong Irish accent.”
“We’re not the UK.”
“Oh, well, you know what I mean, the British isles.”
“My island isn’t British.”
“Oh, come on it’s a geographical term!”
Ní i bhfeabhas a chuaigh cúrsaí ina dhiaidh sin, agus d’fhág mé an bord sách luath.
An lá dár gcionn, ar an mbealach go Iruña, casadh an Breatnach a bhí ag siúil in éineacht leis an Saighdiúirín Sasanach orm.
“Oh, I know you, you’re the man who powered past us up the mountain yesterday. I’ll tell you something mate, Reece did not like it one bit that someone beat him up the mountain — he was ranting for ages after about how he’s incredibly fit from the military and he’s always at the top of the line.”
Is iad na rudaí beaga, a léitheoir, a chuireann craiceann ar an saol.