Is áit é an brú óige a spreagann gean agus gráin. Táthar ann atá an-tógtha leis, agus táthar ann nach rachadh isteach ann ar ór na cruinne. Tá mé féin faoi gheasa aige.
Spreag mo spéis sa dreapadóireacht agus sa tsléibhteoireacht chun taistil mé, agus tá oícheanta caite agam i mbrúnna óige in Éirinn, sa Bhreatain Bheag, in London, ar Costa Blanca na Spáinne agus i gcathracha móra na Gearmáine. Níl drochfhocal le rá agam faoi aon cheann acu.
Anois, is mór an difear idir an brú óige tuaithe agus an brú óige cathrach, agus ba bhreallach an mhaise don té a rachadh sa tóir ar shíth agus ar shocracht i mbrú óige i lár na cathrach.
Smaoinítear ar an bhrú mar rogha lóistín saor agus ní féidir liom a shéanadh go bhfuil an buiséad ar na tosca is mó a thaitníonn siad liom. Ach bíonn i bhfad níos mó á thairiscint aige ná lóistín ar chostas íseal.
Seo mo léargas ar shaol an bhrú óige.
Ar dtús báire, cad é mar a fheidhmíonn an brú? Bhuel, is spás é a roinntear le daoine eile. D’fhéadfá leaba a chur in áirithe i suanlios mór, beag, measctha nó aonghnéis, nó thiocfadh leat fanacht i seomra príobháideach. Roinntear an chistin, áiseanna níocháin, mar aon le leithris agus cithfholcadáin idir aíonna an bhrú óige chomh maith, agus déanann tú do chuid féin ann.
Buntáistí
Thar aon rud eile, foghlaimíonn tú luachanna maithe.
Is minic atá an brú óige faoi stiúradh foirne deonaí, agus mar sin, ní hé go bhfuil duine ar leith ag freastal ort. Bíonn gach duine freagrach as an spás a choinneáil glan agus in ord. Is minic gur síntiúis iad na acmhainní sa bhrú, agus gan an dara rogha agat, déanann tú a mhór dá bhfuil ar fáil agus ní fada gur mór agat iad na rudaí simplí siúd. Tá riail gan rá ann sa bhrú óige gurb éigean d’aíonna urraim a thabhairt dá chéile. Is ‘baile’ é — b’fhéidir nach é do thinteán féin é — ach is baile do chomhthionól an bhrú óige é pé duine a bheas páirteach ann. Agus mar gheall air seo, tá bealach deas réidh ag an bhrú óige.
Buaileann tú le daoine nua.
Is ionann na daoine agus an brú óige, i ndáiríre. In achan bhrú ar fhán mé ann bhí mé i gcomhluadar Francach, Spáinneach, Gearmánach, Meiriceánach, agus Sasanach, gan ach an beagán a lua.
Níl athrá ar na scéalta a thug siad leo óna saol féin! Tá gach duine réidh chun cuidiú leat, is iomaí uair a roinn duine uasal a chuid bia liom, nó a thug duine eile leabhar ar iasacht dom, agus déanaim féin amhlaidh.
Mar sin féin, is í an chaint airgeadra an bhrú. Is amhlaidh go mbuailfidh tú le daoine ar aon intinn leat, daoine de shórt nach mbuailfeá leo sa bhaile. Tá sé an-fhurasta dul ag comhrá le daoine eile agus a bheith mór leo, mar arís, tuigtear ar leibhéal iomasach éigean go bhfuil fánaí i ngach duine agus é ag stopadh sa bhrú óige, agus tá dáimh ag gach duine lena chéile dá thoradh.
Agus mé ag fanacht i mbrú óige in Berlin, thosaigh mé ag caint le Dúitseach thar bhricfeasta — fear a bhí 30 bliain níos sine ná mise is dócha — agus tar éis tamaillín bhí muid ag plé ábhar domhain an tsaoil. Phléigh mé rudaí leis nach bpléifinn le héinne de ghnáth, ach toisc nach bhfeicinn arís é choíche, bhraith mé níos compordaí labhairt gan srian. Is é an sórt teagmhála daonna seo a chuireann tocht ar an chroí.
Míbhuntáistí
Fág slán ag spás pearsanta, agus ag codladh sámh na hoíche b’fhéidir.
De ghnáth, is iad na leapacha is saoire na cinn atá sna suanliosanna móra, agus mar sin d’fhéadfá a bheith i do luí in aice le suas le sé cloigne déag. Chomh maith leis sin, níl seomra feistis ann leis na héadaí a chur ort féin nó a bhaint díot — caithfidh tú é seo a dhéanamh go misniúil os comhair daoine eile nó bailiú leat go dtí na seomraí cithfholcadáin. Tá ciall cheannaithe agam féin anois i ndiaidh dom a bheith corraithe sách minic ag daoine ag srannadh nó eile ag stámhailleach isteach i lár na hoíche, agus anois cuirim suanlios ban do cheathrar amháin in áirithe i gcónaí. Sin é mar is fearr liomsa é, ach tá gach duine ar a dhóigh féin.
Thiocfadh leat éirí tinn.
Ar an drochuair, d’éirigh mé tinn dornán uaireanta agus mé ag cur fúm sa bhrú óige. Bí ag súil leis seo áfach nuair atá tú ag baint úsáide as sceanra, gloiní, plátaí agus a leithéidí in éineacht lena lán daoine eile as fud fad an domhain. Ní foláir nó go mbíonn frídíní á scaipeadh, agus bhí mé ite ag na míolta leapa cúpla uair chomh maith.
Baineann sé seo leis na brúnna óige amuigh faoin tuath ach go háirithe. Ní dhearna sé aon dochar dom riamh ámh, agus níl mé ag maíomh go raibh na cásanna seo ag teacht salach le hardchaighdeán glaineachta an bhrú óige in aon chor. Tá sé ar cheann de na rudaí nach mór duit glacadh leis roimh ré áfach — ní óstán cúig réalta é. Is féidir leat céimeanna cosanta a ghabháil in éadan breoiteachta, mar shampla sceanra a sciúradh go hiomlán roimh úsáid.
De bharr sin uilig, is cinnte go mbíonn buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis an bhrú óige, agus braithfidh do thaithí féin ar an mhéid a bheas uait.
Ach mholfainn go láidir triail a bhaint as! Leis an leas is fearr a bhaint as: caith am ann; umhlaigh tú féin; déan caidreamh le do chomhdhuine; agus cur aithne ort féin ar an tslí. Is é an eispéireas seo a chothaíonn an t-anam nach ea? Is mol daonnachta é an brú óige a léiríonn an tsochaí mar is fearr.