Mór an feall nach mbíonn níos mó comhoibriú idir Gaeil Éireann is Mhanann

Thug mé féin agus scríbhneoir de chuid NÓS, Eoin P Ó Murchú, cuairt ar Mhanainn ar feadh trí lá aimsir na Cásca le freastal ar an ‘Fastyr Gaelgagh’ [Tráthnóna Gaelach] a d’eagraigh an grúpa nuabhunaithe Coraa Luan Cásca. 

Tá roinnt mhaith Manainnise ag Eoin agus tamall caite aige i gcomhluadar na Manannach Gaelach cheana féin. Níor leag mise cois san oileán ó bhí mé 13 bliain d’aois agus gan aon eolas agam an uair sin ar an nGaeilge a labhraítí ann, agus bhí mé ag súil go mór le castáil le pobal na Gaeilge ann an geábh seo. 

Sula ndeachaigh muid ann, d’éist mé le cúpla podchraoladh ó Culture Vannin agus ó Manx Radio le go mbeadh mo chluais i dtaithí ar an teanga, bhreathnaigh mé ar roinnt mhaith físeán ar YouTube agus d’íoslódáil mé aip d’fhoghlaimeoirí Manainnise. Ní fhéadfainn gan Kevin Scannell ó Ollscoil St Louis i Meiriceá, Laoch na Gaeltachta Digití, a lua agus na hacmhainní atá cruthaithe aige sin, Intergaelic.com agus an Foclóir Manainnis-Gaeilge ina measc. 

Feictear dom gur beag eolas atá againne Éireannaigh ar Mhanainn ná ar Mhanannaigh, cé gur dóigh gur fearr an t-eolas atá ag cainteoirí Gaeilge ar an áit mar gheall ar an nasc Gaelach. Mar sin féin, is dóigh liom go bhfuil caidreamh níos dlúithe ag Gaeil na hÉireann le Gaeil na hAlban ná mar atá againn le Gaeil Mhanann agus theastaigh uaim aithne níos fearr a chur ar ár ndeirfiúirín bheag de thír.

Anonn linn, mar sin, ar an eitleán beag ó Bhaile Átha Cliath go Baile an Chaistil i ndeisceart an oileáin, agus as sin go Port an Tiarna mar a bhfuair muid dhá rothar ar cíos. In Rhumsaa in oirthuaisceart Mhanann a bhí na Gaeil cruinnithe do Shennaghys Jiu [Seanchas Inniu], féile bheag Ghaelach a bhíonn ar siúl san oileán chuile bhliain, agus ag a raibh an Fastyr Gaelgagh á reáchtáil. 

“Trí rothaíocht is fearr a fhoghlaimítear cruth na tíre,” a dúirt an scríbhneoir mór le rá Ernest Hemingway agus ní fhéadfadh mé féin ná an Murchach an méid sin a bhréagnú tar éis turas beagnach ceithre uair an chloig rothaíochta a chur dínn ó Phort an Tiarna go Rhumsaa. Trí cheartlár an oileáin a chuaigh muid, thar chaorán agus sliabh, trí choill agus gleann, trí Bhaile Eoin mar a bhfuil an Tynwald — parlaimint ársa Mhanann — agus suas le cósta ó Chill Mhíchíl go Sulby agus ar aghaidh go Rhumsaa ar deireadh. Turas fada ach taitneamhach (den chuid ba mhó!) a bhí ann agus léargas maith faighte againn ar leagan amach an oileáin. 

Bhí Shennaghys Jiu faoi lán seoil, le trí lá, nuair a leaindeáil an bheirt againn ar an mbaile, agus i ndiaidh dúinn plaic a chur inár mbéal isteach linn i Halla na Máisiún leis an gcéilí a bhí ar siúl ann a fheiceáil. Ba anseo a casadh cainteoir Manainnise orm den chéad uair — Custal Lewin, fear ilteangach a d’eagraigh an Fastyr Gaelgagh. Bhí Gaeilge ar a thoil ag Custal agus ba mhór an chabhair an méid sin domsa agus mé ag triail ciall a bhaint as a chuid cainte. Ar deireadh, thiontaigh sé ar Ghaeilge na hÉireann agus ní raibh stró orainn cumarsáid a dhéanamh. Bhí grúpa beag Éireannach eile i láthair, ball MISNEACH Kerron Ó Luain agus Nósadóir eile, Neil Ó Briain, chomh maith le Pádraig Ó Fathaigh, cainteoir Gaeilge as Gaeltacht Mhionlaigh in oirthear na Gaillimhe. 

Geall le Fleadh Cheoil bheag a bhí an Shennaghys seachas Oireachtas na Gaeilge ó bhí béim mhór ar an gceol thar aon rud eile agus ba bheag Gaelg a bhí le cloisteáil ann dáiríre, fiú ón ardán, áit a mbeifí ag súil le cúpla focal Gaeilge ag a leithéid d’imeacht in Éirinn. Bhí an halla sách ciúin, freisin, i gcomparáid le haon ócáid Ghaelach a raibh mé aige in Éirinn, idir fhéilte móra ar nós an Oireachtais agus fhéilte beaga ar nós Fhéile na Mí nó Scoil Cheoil Willie Clancy, ach ní haon cháineadh é sin.

Ar aghaidh linn ina dhiaidh sin go teach tábhairne eile in Rhumsaa do sheisiún ceoil. Thug muid suntas mór anseo don difríocht idir ceol Mhanann agus ceol na hÉireann. Ba léir dúinn nárbh ionann an dá chaighdeán ar chor ar bith agus cé go raibh an ceol go deas ag muintir an oileáin, bhí na hÉireannaigh a thosaigh ag casadh ina ndiaidh seacht n-oiread níos fearr. Bhí ceol na nÉireannach níos forbartha agus níos maisithe, agus d’aithneofaí láithreach cé acu cultúr a raibh tacaíocht láidir taobh thiar dó agus cé acu a bhí ag streachailt. Is dóigh liom gur léargas ar staid an chultúir Ghaelaigh i Manainn trí chéile — idir cheol, litríocht, theanga, spórt agus eile — a bhí sa spléachadh sin ar an gceol. 

An lá dár gcionn reáchtáladh an Fastyr Gaelgagh féin in Óstán an Mitre agus thug Custal léacht uaidh faoi chóras scríbhneoireachta na Manainnise san 18ú hAois. Ní raibh mo chuidse Gaelg sách maith leis an bplé acadúil seo uilig a leanacht ach chabhraigh an Murchach liom a thuiscint agus thug mé liom an chuid is mó den phlé. D’fhéadfainn alt iomlán eile tuairimíochta a scríobh faoi chóras scríbhneoireachta na Manainnise ach ní bhacfaidh mé leis sin anois. 

Thug mé suntas do chúpla rud ag an bplé a lean léacht Chustail, rudaí a léirigh díograis phobal na Manainnise agus rudaí eile a léirigh laigeachtaí sa ngluaiseacht — mar atá sa ngluaiseacht s’againne. Ar an gcéad dul síos, ní raibh an oiread céanna daoine óga ag an imeacht agus a mbeifí ag súil leis ag ócáid dá leithéid in Éirinn. Ní hin le rá gurb iad an óige amháin a shlánóidh an teanga ach chonacthas dom gur easnamh a bhí anseo ar cheart aghaidh a thabhairt air. 

Mhair an plé ar fad tuairim is dhá uair an chloig, agus ba léir dom a ndíograis an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn an oiread agus is féidir leo. Bhí an ceart ag Ben Ó Ceallaigh ó MISNEACH nuair a dúirt sé nach bhféadfadh muide, Gaeil Éireann, a rá le Gaeil Mhanann cén chaoi a dteanga a chur chun cinn ina n-oileán féin ach mar sin féin is dóigh liom gur féidir leis an dá dhream foghlaim óna chéile. 

Níl aon amhras ann ach go bhfuil an Mhanainnis fíorlag le hais na Gaeilge agus go bhfuil obair mhór rompu. Tá cuid mhór oibre déanta cheana féin le teanga mharbh a athbheochan ach is gá anois tógáil ar an obair sin le pobal ceart beo a chruthú. Feictear dom go bhfuil fadhbanna móra ann pobal bríomhar a chruthú mar gheall ar a laghad cainteoirí cumasacha atá san oileán agus cé chomh scaipthe ar fud na háite atá siad. Ba dheacair Pop Up Gaelgtacht a shamhlú ann ar bhonn rialta. 

Chuir sé iontas orm nuair nár luadh meánscoil lán-Ghaeilge mar sprioc don 20 bliain amach romhainn nuair atá bunscoil lán-Ghaeilge ann le beagnach scór blianta cheana féin — níor luadh ach méadú ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar an mbunscoil sin. D’fhéadfaí a mhaíomh go raibh cuid de na spriocanna a leagadh síos sa Straitéis 20 Bliain s’againn féin “ró-uaillmhianach” ach is fearr, dar liom, a bheith ró-uaillmhianach ná róbheaguchtach. 

Ar na rudaí a chuir áthas orm, bhí feiceálacht na teanga san oileán. Tá tamall caite agam in Albain freisin agus taobh amuigh de na ceantracha Gaelacha sa tír sin is ar éigean go bhfeicfeá an Ghàidhlig. Ní hamhlaidh an scéal i Manainn mar a bhfuil sí scríofa ar bhallaí an aerfoirt, ar chomharthaí bóthair agus sráide agus in úsáid ag gnólachtaí beaga ar fud an oileáin ar ábhar fógraíochta. Ó tharla nach bhfuil reachtaíocht dhian teanga i bhfeidhm ann is léiriú deas é ar dhea-thoil an phobail, agus ar obair na Manainniseoirí an dea-thoil sin a chothú. 

Bhí caint ann ag an Fastyr Gaelgagh faoin tairbhe a bhainfeadh le “agóid chrua” — graifítí, léirsithe agus rudaí eile den tsórt sin. Bhí an seomra scoilte ar an gceist seo agus roinnt mhaith daoine a bhí glan in aghaidh a leithéid a dhéanamh agus a shíl gur mó dochar ná sochar a dhéanfaí do chás na teanga. Labhair mé féin faoin gcaoi ar baineadh nach mór chuile shórt amach in Éirinn — TG4, Raidió na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta — leis an agóid chrua agus feachtasóirí curtha i ngéibheann ar son na cúise.

 Mar a bhíonn i gceist le go leor gluaiseachtaí eile, is dóigh liom gur san aos óg den chuid is mó a músclaíodh an spéis sa radachas. Labhair mé le roinnt daoine sna luathfhichidí, a raibh taithí acu ar chás na hÉireann agus na hAlban ó bheith ar ollscoil, a bhí lánsásta troid ar son cearta teanga. Mar sin féin, tá an coincheap sin ‘cearta teanga’ sách aduain do na Manannaigh i láthair na huaire agus iad cúpla glúin ó phobal a bheadh ag éileamh a leithéid mar a bhíonn anseo. 

Mar fhocal scoir, is dóigh liom gur mór an feall é nach bhfuil níos mó comhoibriú ar bun idir Gaeil Éireann agus Mhanann agus ba cheart do níos mó Éireannach cuairt a thabhairt ar an oileán agus aithne a chur ar ár mbráithre thall. 

SCÉALTA EILE