Tagann an logainm København ó Købemændshavn – Cuan na gCeannaitheoirí – agus ba é sin go díreach céard a bhí i gceist leis an gcathair álainn seo – margadh iontach d’éinne ag iarraidh roinnt rudaí a cheannach ar saoire!
Agus is álainn an chathair í gan amhras, suite ar an gcósta le meascán deas de stair spéisiúil agus de shaol nua-aoiseach Chríoch Lochlann.
ROGHA LEATHAN
Nuair a thagann tú amach ón aerfort, is fearr traein a fháil go Hovedbanegården (go liteartha, an phríomhstaisiún iarnróid) chun a bheith i gcroílár na cathrach. Ó shin, is féidir dul chuig do rogha áite, bíodh sin siopadóireacht a dhéanamh nó béile a fháil ar Strøget (an phríomhshráid siopadóireachta) nó ceann de na hóstáin fhaiseanta agus saor i lár na cathrach.
Ar na hóstlanna is fearr sa chathair tá DanHostel (45 Hans Christian Andersen Blvd.), an leagan Danmhairgeach de An Óige. Má tá cárta ballraíochta An Óige agat, is féidir rátaí a fháil ar phraghasanna níos lú ná an gnáthchostas, ach fós ní chosnaíonn gnáthsheomra ach 70 Kroner Danmhairgeach (€25) an duine an oíche.
Seo an áit inár fhan mise don tsaoire, agus bhí an áit iontach gléasta suas agus glan, ach caithfidh mé a admháil nach raibh an rogha bia ann sármhaith, go háirithe do véigeatóirí.
Níorbh fhadhb mhór í áfach mar tá ná bialanna sa chathair dochreidte amach is amach.
FÁILTE MHÓR LOCHLANNACH
Agus ní bheidh tú san fhaopach muna bhfuil an teanga áitiúil agat ach an oiread mar tá Béarla iontach ag na Danmhargaigh – tá orthu é a fhoghlaim ar scoil ó 4 bliain d’aois agus tá paisean acu chun fáilte ollmhór a chur roimh thurasóirí.
Is breá leo chomh maith cúis ar bith bheith acu chun cóisir a chaitheamh, agus tá na clubanna is fearr na Lochlannach suite i lár København.
Tá Pan CPH suite cúpla nóiméad ó Strøget agus seinntear gach uile sórt ceoil ó pop go damhsa go latino, ag brath ar an oíche. De ghnáth, cosnaíonn sé timpeall 15DKK (€10) chun dul isteach, ach is fiú go mór é.
GRIANGHRAFANNA GO LEOR
Don té a théann thar lear díreach chun na mílte griangrafanna a thógáil, is fiú siúl go dtí deireadh Strøget mar tagann tú go Nyhavn, áit a dtógtar gach pic chárta poist de København.
Lán de chaiféanna, siopaí beaga agus pub nó dhó, tá na céanna seo foirfe do thurasóirí atá ag éirí tuirseach tar éis lá mór siopadóireachta nó dul timpeall na háite.
Gearr do Nyhavn, táthar in ann Amelienborg Slot (Caisleán Amelienborg), áit chónaithe Chlann Ríoga na Danmhairge, a fheiceáil. Ní féidir turais lastigh a thógáil seachas ar laethanta náisiúnta speisialta, ach is pálás iontach atá ann, mar sin is fiú go mór griangraf nó dhó a thógáil de.
Má leantar ar aghaidh ón Slot baineann tú amach Kongens Nytorv, páirc álainn chathrach atá ar nós Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath Cliath.
Ó shin, is féidir siúl tríd go dtí go bhfeiceann tú Statens Musæm for Kunst – An Músaem Stáit d’Ealaíon – agus ní féidir Cóbanhávan a fhágáil gan cuairt a thabhairt ar an áit dochreidte seo.
Níl mórán sa mhúsaem atá ar thaispeáint go buan, mar sin bheifeá cinnte nach mbeadh an dara cuairt cosúil leis an gcéad cheann ar chor ar bith.
Chomh maith leis sin, tá sé saor isteach, muna bhfuil aon ócáid speisialta ar siúl.
Tá go leor eile le déanamh san áit – músaem na long Lochlannach agus Gairdíní Tivoli san áireamh – ach mar atá a fhios ag éinne, ní féidir cuairt a thabhairt ar København gan Den Lille Havefrue – An Mhaighdean Mhara Bheag – a fheiceáil.
Is fearr tacsaí, ‘taxa’, a thógáil amach chuici mar tá an dealbh suite i lár na docklands, beagáinín amach ó lár na cathrach.
Ach, tóg faoi ndeara go bhfuil sí chomh beag mar atá luaite ina hainm – ní Big Ben Londan nó Túr Eiffel í an Lille Havefrue!
Fós, an rud is annamh is iontach.