Cad sa ‘Fhrainc’ atá ag dul aghaidh i gConamara?
Ceist a bhí ar bharr mo theanga agam an tseachtain seo tar éis dom cúpla lá a chaitheamh a bheith ag rothaíocht i gConamara.
Bhí fianaise bailithe agam ón chéad mhaidin agus muid ag tosú amach ar an turas ag an Teach Dóite, áit ar casadh na chéad Fhrancaigh orainn.
Tháinig muid ar bheirt eile ón Fhrainc a bhí amuigh ar na rothair ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc.
Níos moille sa lá, tháinig muid ar scata turasóirí Francacha ag ithe scónaí ar an Chaiseal, áit ar stad muid féin fá choinne greim le hithe chomh maith.
Nuair a shroich muid an Clochán, bhí scata eile acu sa bhrú óige agus sa teach tábhairne an oíche sin.
“I rith an tsamhraidh, d’fhéadfá brath air gurb as an Fhrainc gach dara duine a chasfaí ort,” arsa Rónán Ó Dónaill, mac léinn as an Chlochán atá ag obair in Lowry’s, teach tábhairne áitiúil.
Reáchtálann muintir Rónáin An Cregg House B&B sa Chlochán agus is iad cuairteoirí as an Fhrainc iad 60-70% de na daoine a bhíonn ag stopadh leo, dar leis.
“Is as an Bhreatain, Meiriceá agus tíortha eile an chuid eile agus bíonn siad i gcónaí fiosrach faoin fáth a bhfuil an oiread Francach thart,” ar sé.
Deirtear gurb é an t-amhrán iomráiteach ‘Les Lacs Du Connemara’, leis an amhránaí clúiteach Michel Sardou, is cúis leis an líon mór cuairteoirí as an Fhrainc a thagann go Conamara gach bliain.
Mar a tá a fhios againn, nós is ea é in Éirinn, go háirithe i gceantair thuaithe, ‘Amhrán na bhFiann’ a chasadh i dtithe tábhairne ag deireadh na hoíche.
Bhuel, is é ‘Les Lacs Du Connemara’ le Michel Sardou atá le cloisteáil sna huaireanta beaga i dtithe tábhairne na Fraince.
Is amhrán é a bhfuil tús mall leis, drámatúil b’fhéidir, a chuirfeadh fonn máirseála ort faoi dheireadh.
Tagraíonn sé do lochanna agus d’aibhneacha Chonamara, don tírdhreach atá dóite ag an ghaoth mhór a shéideann ann agus do na Gaeil, a chreideann in ollphéisteanna a mhaireann sna lochanna ann!?
Seans nach n-aontaíonn muintir Chonamara leis an chéad véarsa ach oiread, a chuireann a gceantar álainn i gcomparáid le hifreann, ach caithfidh go bhfuil siad buíoch de Michel Sardou as na Francaigh a mhealladh chomh fada leo bliain i ndiaidh bliana!
Tabharfaimid cluas leis….
Terre brûlée au vent
Des landes de pierre
Autour des lacs
C’est pour les vivants
Un peu d’enfer
Le Connemara