Fuair muid léargas ar bhuaicphointí Liospóin inné, seo anois eolas úsáideach breise ar phríomhchathair na Portaingéile, ón bhia agus litríocht go dtí an cárta ‘Viva Viagem’!
Bia
Má tá dúil agat in iasc, is í an Phortaingéil an tír fhoirfe duit.
Is féidir leat sairdíní, maicréal, trosc agus 20 cineál eile éisc a fháil mar ‘prato do dia’, nó béile an lae, agus beidh praghas an-réasúnta air: (€6-7) i ngnáthbhialann nó i ngnáthbheár ar bith.
Seachain go bhfuil sé de nós sa Phortaingéil rudaí a chur ar an tábla i mbialanna nár iarradh, leithéidí ológa, cáis, arán.
De ghnáth, ní bronntanais ó úinéir na bialainne iad seo ach rudaí a ngearrfar airgead orthu má bhaineann tú díobh.
Os a choinne sin, bíonn an caife chomh láidir sin agus chomh saor sin gur geall le bronntanas é!
Ceol
Fillimid ar an fado arís.
Ar ndóigh, is iomaí cineál eile ceoil atá le fáil i Liospóin, snagcheol mar shampla, ach is é canadh brónach an fado le tionlacan ón ghiotár Portaingéalach is fearr a léiríonn anam na bPortaingéalach ar bhealach ceolmhar.
Ba í Amália Rodrigues (1920-1999) mórlaoch na stíle ceoil seo san am a chuaigh thart, ach tá glúin nua de fadistas tagtha chun cinn anois, ina measc Ana Moura (thuas), Mariza agus António Zambujo.
Córas Iompair
Tá sé inmholta lár na cathrach a fheiceáil de shiúl na gcos, más féidir.
Is fiú, chomh maith, turas a dhéanamh i gceann de na seantramanna, ar siombail de chuid na cathrach iad, ar a laghad uair amháin.
B’fhearr ticéad córais iompair ‘Viva Viagem’ a bheith agat agus creidiúint air in áit ticéad a cheannach ó thiománaí an tram – beidh an turas níos saoire ar an tslí sin.
Tá córas meitreo ag Liospóin fosta, a bhfuil ceithre líne agus 56 stáisiún aige: go háisiúil is féidir taisteal go lár na cathrach ón aerfort laistigh de leathuair an chloig leis an meán iompair seo.
Arís, úsáidtear an ticéad ‘Viva Viagem’ ar an meitreo; bíodh a fhios agat gur gá an ticéad a úsáid le dul amach as stáisiún meitreo chomh maith le fáil isteach ann.
Iarsmalanna
Chomh maith leis na hiarsmalanna a luaigh mé cheana, is fiú cuairt a thabhairt ar:
1. Museu Nacional do Azulejo (Iarsmalann Náisiúnta na Tíle) Is gné shuaithinseach de shaol uirbeach na Portaingéile é úsáid na dtíleanna i mósáicí ar bhallaí, agus insítear a scéal anseo, i bhfoirgneamh breá a bhí ina chlochar lá den tsaol.
2. Museu da Cidade (Iarsmalann na Cathrach) Insítear scéal chathair Liospóin san iarsmalann seo, atá suite i seanphálás in aice le ceantar phríomh-ollscoil Liospóin.
3. Museu Nacional de Arte Antiga (Iarsmalann Náisiúnta na hEalaíne Ársa) Iarsmalann eile atá suite i seanfhoirgneamh galánta, le bailiúchán mór d’ealaín ón 12ú go dtí an 19ú haois. Tá sí suite idir lár na cathrach agus ceantar Belém.
Tá neart iarsmalann eile le fáil sa chathair, ar ndóigh, agus tuilleadh acu ag oscailt gach bliain.
Litríocht
Le tuilleadh a fháil amach faoi bheirt de mhórscríbhneoirí na Portaingéile, mholfainn cuairt a thabhairt ar A Casa dos Bicos (thuas) san Alfama, áit a bhfuil Fondúireacht José Saramago suite, agus neart le foghlaim ann faoi shaol agus faoi shaothar Saramago (1922-2010), a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta in 1998.
Le tuilleadh a fhoghlaim faoi scríbhneoir atá chomh tábhachtach céanna don Phortaingéil is atá James Joyce do stair litríocht na hÉireann, is é sin le rá Fernando Pessoa (1888-1935), is fiú cuairt a thabhairt ar Casa Fernando Pessoa, mar a bhfuil leabharlann le fáil atá tíolactha dó agus eolas le fáil faoina shaol, é seo uilig suite sa teach inar chaith an t-údar blianta deiridh a shaoil.
Tá Casa Fernando Pessoa suite cóngarach don pháirc darb ainm Jardim da Estrela, nó Gairdín na Réalta, atá cúpla ciliméadar taobh thiar de lár na cathrach.
Miradouros
Chomh maith le bheith ag amharc amach ó bhallaí an chaisleáin, is ann do go leor áiteanna ónar féidir léargas breá a fháil amach ar chathair álainn Liospóin saor in aisce.
Níl le déanamh ach dul suas go ceann de na ‘miradouros’ – na láithreacha amhairc – a bhfuil an chathair breac leo.
Ceann de na cinn is clúití, agus a bhfuil radharc breá le fáil amach uaidh ar chnoc an chaisleáin, ná Miradouro de São Pedro de Alcântara (thuas).
Mura miste leat bheith i scuaine thiocfadh leat íoc leis an ardaitheoir clúiteach Elevador de Santa Justa a úsáid, ach tá teacht saor in aisce ar chuid uachtarach an ardaitheora chéanna ar aon chuma gan bacaint leis an scuaine.
Saol Oíche
Díreach taobh thiar den Chiado, ar imeall iartharach lár na cathrach, atá an Bairro Alto.
Tá an ceantar seo lán le beáir agus bíonn na sráideanna plódaithe le lucht ragairne go dtí go mall san oíche, go háirithe i rith an tsamhraidh.
Ceantar eile a mholtar le dul amach san oíche ná Cais do Sodré (thuas), nach bhfuil ach ceathrú uair an chloig de shiúl na gcos ón Praça do Comércio.
Siopadóireacht
Más spéis leat dul thart ar na siopaí i gcathair nua, is dócha gurb é an Chiado an ceantar ar chóir duit bheith ag triall air, ceantar measartha ardnósach a thosaíonn díreach píosa beag siar ó lár na cathrach.
Is ansin atá cuid de na siopaí is costasaí sa chathair, cé gur mhó an spéis a chuir mé féin i bhfothracha mhainistir an Carmo ar imeall an cheantair chéanna.