Mar a chas mé leis an toirtís ghófair is sine ar domhan…

Bhuaileas leis an dtoirtís ghófair (speiceas toirtíse) is sine ar domhain le déanaí. Gus is ainm dó, tá sé sé bliana déag is ceithre scór d’aois, agus tá sé ina chónaí i Músaem Stair an Dúlra in Halifax, Albain Nua, Ceanada.

De ghnáth, is ar an dtaobh thoir theas de na Stáit Aontaithe a thagtar ar an dtoirtís ghófair áfach. Fuaireadar an chuid ‘gófar’ dá n-ainm óna gcumas tochailte, agus cabhraíonn a n-uachaisí leo fanacht sábháilte ó dhrochaimsir agus ó chreachadóirí. Is mór an trua é, mar sin féin, go bhfuilid ar liosta na speiceas leochaileach de bharr caillteanas gnáthóige.

Ar an meán san fhiántas, is féidir le toirtís ghófair fás suas le 23-30 cm ar fad, 5-6 kg meáchain inti, agus mairfidh sí 40-80 bliain. Tá an chrúb in uachtar ag Gus ar a chomhghleacaithe fiáine ó thaobh na haoise de mar sin!

Ar cuairt go Florida sna daichidí a bhí Don Crowdis, stiúrthóir an mhúsaeim, nuair a cheannaigh sé Gus ar luach ní ba lú ná $5. Bhí Gus sna fichidí cheana féin. Tá sé sa mhúsaem ó shin agus is as cuairteoir garsúin a baisteadh é sna caogaidí. Chaitheadh an garsún John Augustus Gilhen uaireanta fada sa mhúsaeim ag tabhairt cúnaimh agus is go John a théadh an toirtís nuair bhíodh ocras air.

Nuair a chualamar go mbíonn siúlóid ag Gus gach lá ag leathuair tar éis a trí, chuamar go dtí an músaem le fonn. Cé go rabhamar i gcomhluadar páistí den chuid is mó, chuireas díom aon náire agus bhíos ag tnúth go mór le bualadh le Gus.

Chonaiceamar é ina chás taispeántais ina raibh gaineamh mar urlár ann agus ballaí gloine timpeall air. Bhí Gus ag déanamh blaosc le gréin fé sholas téimh chun tosaigh. Deirtear go gcabhraíonn an teas leo bia a dhíleá agus ba chosúil go raibh sé ar a sháimhín só.

Nuair a bhí sé in am do shiúlóid Ghus, tógadh amach as a chás é agus thug ball foirne caint mar gheall ar Ghus fad is a bhí an toirtís féin gnóthach le cósleitís orgánach, banana, agus caora a ithe i gcúinne na hiarsmalainne. Bhí tuairim is deichniúr timpeall air, a bhformhór acu ina bpáistí, ach bhí cúramóir na toirtíse ag coimeád súil ghéar orthu ar eagla na heagla.

Ar nós aiste mhaith na hArdteiste, tháinig athrú ‘go tobann’. Ba ghearr go raibh a sháith ite ag Gus agus tháinig fonn taistil air. Rith sé tapa go leor i mo threo, chaith sé a chrúb ar bharr mo bhuataise agus d’fhan ar feadh deich nóiméad. Chuir sé ionadh orm go raibh a bhlaosc te ach sin mar a bhíonn de réir dealraimh. Ar aghaidh leis tar éis tamaill agus rith sé timpeall an mhúsaeim níos tapa ná a cheapfá. Bhain na páistí spórt as é a leanúint.

Nuair a d’imigh a bhformhór acu, bhí seans againn labhairt i gceart le cúramóir Ghus. Ba shuimiúil tuairimí a phlé mar gheall ar ainmhí a choimeád mar seo in iarsmalann. Deir sé go bhfuil comhrá ar bun acu fé láthair maidir le plean an mhúsaeim i ndiaidh bhás Ghus, agus tá ciall nach beag leis sin toisc aois na toirtíse!

Dar ndóigh, ní fhéadfadh an áit toirtís ghófair eile a thabhairt isteach de bharr a stádais leochailigh, gan trácht ar chearta ainmhithe mar a thuigimid iad sa lá atá inniubh ann. Fiú dá dtabharfaí neamhaird air sin ar fad, tá clú agus cáil ar Ghus féin; ba eisean a bhí ann nuair a thug seantuismitheoirí na cathrach cuairt ar an iarsmalann nuair a bhíodar óg, agus iad anois ag tabhairt a gcuid garmhac agus gariníonacha chun na háite le Gus a chur in aithne dóibh sa tslí chéanna.

Gach seans, mar sin, gur fearr cúrsaí a fhágaint mar atá agus sult a bhaint as comhluadar Ghus fad is atá sé fós ann. Boc é ó ré eile atá tar éis na mílte páistí a threorú i dtreo iontas an nádúir agus is mór an cion atá ag muintir na háite air dá bharr. Chomh maith leis sin, is cosúil go bhfuil sé lánsásta lena staid féin agus níl aon amhras ach go bhfuil foireann an mhúsaeim ag tabhairt barr an chúraim dó. Gura fada buan é Gus!