Meicsiceo Molfach

Thaisteal Seanán Ó Coistín mórthimpeall Mheicsiceo i rith an tsamhraidh agus is iomaí seoid a d’aimsigh sé ar a thuras. Seo a chur síos ar an tír fhairsing…


Is tír mhór dhraíochta é Meicsiceo atá ag cur thar maoil le stair agus seanchas, le hiontais ársa, le tírdhreach álainn, bia gan sárú, aimsir theaspach agus daoine lácha geanúla.

Má tá sé ar intinn agat dul ar cuairt ar an tír beidh sé deacair ort rogha a dhéanamh idir na rudaí éagsúla ar mhaith leat a fheiceáil ann, ach is fiú go mór an turas.

Ó thaobh méide de, tá Meicsiceo ar an 14ú tír is mó ar domhain – dá leagfá anuas ar an Eoraip é, shínfeadh sé ó Albain go dtí an Iodáil.

Tá sé breac le séadchomharthaí ón aimsir anallód nuair a bhí dreamanna éagsúla – an-éagsúil ar fad – i réim i rith tréimhsí áirithe.

Bhí cathracha á mbunú i Meicsiceo tuairim is 3,000 bliain ó shin. Tá pirimidí agus iarsmaí ann, stair gan áireamh. Mar sin féin, tig leat an-spraoi go deo a bheith agat más mian leat rudaí nua-aimseartha a dhéanamh chomh maith.

Is féidir dul a shnámh le deilfeanna nó tonnmharcaíocht a dhéanamh san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Ciúin araon. Is féidir damhsa le ceol mariachi nó do scíth a ligean i gcaife nó teach tábhairne i gceantar beoga cathrach.

Ollchathair

D’eascair ainm na tíre ó chathair Mheicsiceo agus ní mór cuairt a thabhairt uirthi agus tú sa tír. Creid nó ná creid ach tá breis agus 21 milliún duine ina chónaí sa chathair seo, í suite 2,400 méadar ar airde i ngleann leathan go hard sna sléibhte.

I gceartlár na cathrach, tá sí ar nós seanchathracha Eorpacha le foirgnimh mhaorga, ascaillí agus cearnóga móra maille le páirceanna áille.

I gceantair eile, tá cuma an-nua- aimseartha uirthi toisc na hilstóraigh ghalánta.

Faraor, i gceantair eile, go háirithe ag imeall na cathrach, tá bochtanas mór ann. Ar ndóigh is áiteanna iad seo nach dtugann an gnáth- thurasóir cuairt orthu.

El Zócalo

Is fiú tús a chur le do chuairt go cathair Mheicsiceo i lár na cathrach – el Zócalo. Is cearnóg mhór í atá mar imleacán na cathrach. I lár baill tá crann bratai ollmhór ann ar a bhfuil bratach Mheicsiceo de shíor ar foluain. Ar an taobh ó thuaidh tá Ardeaglais Chathair Mheicsiceo, ar an taobh thoir tá an Pálás Náisiúnta (suíochán an rialtais) agus ar an taobh ó dheas tá oifigí rialtas na cathrach.

Is foirgnimh mhaorga iad a bhfuil cuma Spáinneach orthu agus tá neart beochta sna sráideanna maguaird. Agus el Zócalo feicthe agat, is cóir seoid na cathrach a fheiceáil – an Templo Mayor.

Meicsiceo 2Fadó fadó i Meicsiceo…

Sula raibh cathair Mheicsiceo ann, bhí an chathair Tenochtitlan ann. Ba í Tenochtitlan ardchathair na Mexica (a bhfuil aithne níos fearr orthu mar na hAstacaigh).

Nuair a rinne na Spáinnigh an tír a fhorghabháil sa bhliain 1521, ba í Tenochtitlan ceann de na cathracha is mó ar domhain.

Chuir sé iontas ar na Spáinnigh cé chomh mór agus cé chomh hinnealta is a bhí an chathair. Mar sin féin, ní raibh drogall ar bith ar na hEorpaigh an chathair a scriosadh agus cathair nua a thógáil ar mhullach Tenochtitlan chun a léiriú go soiléir cé a bhí i gceannas.

Tá iarsmaí den tseanchathair fágtha. Is fiú go mór breathnú ar an Templo Mayor atá taobh thiar den Ardeaglais.

Is ansin a bhí an áit ba thábhachtaí do na Mexica.

Bhí pirimid mhór acu ar a raibh céimeanna géara ar a haghaidh thiar. Ar mhullach na pirimide bhí dhá teampall ann – ceann amháin do Huitzilopochtli, dia na cogaíochta, agus teampall eile tiomanta don dia Tlatoc, dia na báistí agus na talmhaíochta.

Ní cheilimid an fhírinne – maraíodh na mílte duine ar an láthair seo agus ba bhás gránna a fuair na híospartaigh.

Chreid na Mexica gur ghá daoine a mharú ar mhaithe le Huitzilopochtli a shásamh.Is éard a tharla ná síneadhna créatúir bhochta ar leac mór agus gearradh a ngoile agus a scairt.

Réabadh an croí as na híospartaigh agus caitheadh isteach i soitheach faoi leith é.

Uair amháin sa bhliain 1487, maraíodh tuairim is míle duine gach lá ar feadh fiche lá nuair a atógadh an teampall! Shil sruth fola síos na céimeanna.

Tá iarsmalann an Templo Mayor ann agus is féidir eolas a chur ar scéal an teampaill agus iarsmaí a fheiceáil inti.

Plazas agus páláis

I gceartlár na cathrach tá neart foirgnimh eile arbh fhiú a fheiceáil. Moltar go mór duit dul suas El Torre Latinoamericana (An Túr Mheiriceá Laidineach) chun radharc breá a fháil ar an gcathair.

I gcóngar an túir tá El Palacio de Bellas Artes, ceoláras álainn. Ní gá ticéad a cheannach chun dul isteach ann – tugtar cead breathnú ar an taobh istigh.

Díreach le hais El Palacio, tá garraí álainn darbh ainm an Alameda Central. Bíonn an aimsir an-te i Meicsiceo mar sin is áit dheas í chun do scíth a ligean agus foscadh a fháil ón ngrian.

Trasna na sráide ón bPalacio de Bellas Artes, tá foirgneamh galánta eile arbh fhiú cuairt a thabhairt air. Is é an Palacio Postal (Pálás an Phoist). Is pálás go deimhin é! Féach an staighre iontach i lár na hoifige. Tá saor cead isteach ann.

Beagáinín siar ón Alameda Central, tá la Plaza de la Republica ina bhfuil foirgneamh le stua ollmhór ar gach taobh de. Is éard atá ann ná an Monumento a la Revolución (Séadchomhartha na Muirthéachta).

Tá iarsmalann ann a mhíníonn cad a tharla i rith na muirthéachta idir na blianta 1910 go dtí na 1920í. Is féidir taisteal in ardaitheoir go barr an fhoirgnimh agus siúl timpeall an díon.

I gceantar eile sa chathair darbh ainm Chapultapec (cnoc an dreoilín teaspaigh i Nahuatl, teanga na Mexica), tá páirc mhór le coill inar féidir a lán a dhéanamh.

meic 3

Ar thaobh amháin tá an Museo Nacional de Antropología (Iarsmalann Antraipeolaíochta na Tíre) atá ollmhór ar fad agusisann a fheictear na hiarsmaí, na dealbha agus réada eile a chruthaigh na dreamanna éagsúla ón aimsir anallód.

Is í an iarsmalann i Meicsiceo a bhfuil an triall is mó uirthi. Is é seod na hiarsmalainne an seomra ina thaispeántar bailiúchán na Mexica. Is ann atá an charraig ar a bhfuil féilire

Meicsiceo mar sin is áit dheas í chun do scíth a ligean agus foscadh a fháil ón ngrian.

Trasna na sráide ón bPalacio de Bellas Artes, tá foirgneamh galánta eile arbh fhiú cuairt a thabhairt air. Is é an Palacio Postal (Pálás an Phoist). Is pálás go deimhin é! Féach an staighre iontach i lár na hoifige. Tá saor cead isteach ann.

Beagáinín siar ón Alameda Central, tá la Plaza de la Republica ina bhfuil foirgneamh le stua ollmhór ar gach taobh de. Is éard atá ann ná an Monumento a la Revolución (Séadchomhartha na Muirthéachta). Tá iarsmalann ann a mhíníonn cad a tharla i rith na muirthéachta idir na blianta 1910 go dtí na 1920í. Is féidir taisteal in ardaitheoir go barr an fhoirgnimh agus siúl timpeall an díon.

I gceantar eile sa chathair darbh ainm Chapultapec (cnoc an dreoilín teaspaigh i Nahuatl, teanga na Mexica), tá páirc mhór le coill inar féidir a lán a dhéanamh.

Ar thaobh amháin tá an Museo Nacional de Antropología (Iarsmalann Antraipeolaíochta na Tíre) atá ollmhór ar fad agus is ann a fheictear na hiarsmaí, na dealbha agus réada eile a chruthaigh na dreamanna éagsúla ón aimsir anallód.

Is í an iarsmalann i Meicsiceo a bhfuil an triall is mó uirthi. Is é seod na hiarsmalainne an seomra ina thaispeántar bailiúchán na Mexica. Is ann atá an charraig ar a bhfuil féilire cáiliúil na Mexica greanta.

Glaoitear el Piedro del Sol (carraig na gréine) uirthi. Tá an seomra ag cur thar maoil le réada ó Tenochtitlan agus bainfear an-taitneamh as.

Ealaín agus spraoi

Má tá suim agat in ealaíon, tá iarsmalann eile a thaitneoidh leat. B’ealaíontóir cáiliúil í Frida Kahlo agus is féidir cuairt a thabhairt ar an teach ina raibh cónaí uirthi.

Tá Casa Frida Kahlo lonnaithe in Coyoacán i ndeisceart na cathrach. Tá cuid dá pictiúir le feiceáil sa teach mar aon le nithe a bhain lena saol.

Ceantar beoga é Coyocán istoíche agus tá sé de nós ag daoine spaisteoireacht timpeall an bhaile ag ithe is ag ól agus éisteacht le ceoil.Tá neart bialanna agus tithe tábhairne agus margaí ann chun spraoi a bheith agat ann.

Ceantair eile ina mbíonn an gabhar á róstadh istoíche ná Polanco agus La Condesa.Bíonn cuid de na sráideanna ann lán le daoine san oíche agus is féidir dul ó thábhairne go club go héasca.

Teotihuacán

Gar don phríomhchathair tá cathair ársa eile darb ainm Teotihuacán. Bhí an áit seo ag barr a réime thart ar 1,800 bliain ó shin ach de dheasca cogaidh agus ceannairce, tréigeadh an chathair agus fágadh bán í.

Thóg na daoine a raibh ina gcónaí ann dhá phirimid mhóra – pirimid na Gréine agus pirimid na Gealaí. Dar ndóigh, is í pirimid na Gréine an ceann is mó (an tríú pirimid is mó ar domhain go deimhin).

Bíonn scuaine fada romhat chun dul go mullach na pirimide mar sin moltar duit dul go dtí Teotihuacán go luath.

Ní bhíonn scuaine ann chun pirimid na Gealaí a dhreapadh agus is ansin a fhaightear radharc den scoth ar an gcathair ar fad mar tá ascaill fhada a shíneann amach ón bpirimid. Is féidir é a fheiceáil tú féin nó is féidir camchuairt a thabhairt le treoraí.

Is féidir taisteal chuige ó chathair Mheicsiceo ar bhus. Bíodh Teotihuacán mar cheann de na háiteanna a dtugtar cuairt air fad is atáthar i Meicsiceo! Acapulco

Is é Acapulco an baile saoire i Meicsiceo a bhfuil an aithne is fearr air agus ar a mbíonn an líon is mó turasóirí ag triall.

Le tránna órga fada, dufair theochreasach agus aillte óna léimeann tumadóirí nach dtugann aird ar a mbeatha, tá neart le déanamh ar an mbaile seo chun na mílte mílte duine a mhealladh chuige.

meic 4

Acapulco

Is é Acapulco an baile saoire i Meicsiceo a bhfuil an aithne is fearr air agus ar a mbíonn an líon is mó turasóirí ag triall. Le tránna órga fada, dufair theochreasach agus aillte óna léimeann tumadóirí nach dtugann aird ar a mbeatha, tá neart le déanamh ar an mbaile seo chun na mílte mílte duine a mhealladh chuige.

Leithinis Baja

Tá clú agus cáil ar Leithinis Baja in iarthar Mheicsiceo de bharr na dtránna bána fada, aillte móra agus cuanta áille inar féidir scíth a ligean.

Guadalajara

Tá Guadalajara, Jalisco, ar maos le cultúr Mheicsiceo. Tá clú agus cáil ar an gceantar seo de bharr an tequila a dhriogtar ann, an ceol mariachi, na hataí sombrero, charreadas (taispeántais ghaiscíochta ar mhuin capaill) agus damhsa an hata.

Cancun agus Yucatán

Téann na milliún turasóirí go dtí Cancun gach bliain mar go bhfuil 22 km de thránna ann, uisce glan, aimsir the agus iliomad óstán de chaighdeán ard. Is í

an chathair is giorra don Eoraip agus tá eitiltí díreacha go Cancun. Níl sé i bhfad ón gcuid eile de leithinis Yucatán inar féidir séadchomharthaí ó na Maya a fheiceáil. Má tá saoire sa ghrian cois fharraige uait, is é Cancun do cheann scríbe.

Chichen Itza

Ba chathair a thóg na Maya í Chichen Itza atá lonnaithe i ndeisceart na tíre i leithinis Yucatán. Tá a lán le feiceáil ar an suíomh agus d’fhéadfá an lá ar fad a chaitheamh ag cur eolais ar an tseanchathair. Tá pirimid iontach ann agus láithreán imeartha mór don chluiche liathróide a ghlaoitear pelota air. Tá Chichen Itza ar na láithreáin stairiúla is tábhachtaí i Meicsiceo.

Monterrey

Is í Monterrey i dtuaisceart na tíre an tríú cathair is mó i Meicsiceo agus is í an chathair is saibhre i Meiriceá Laidineach. Tá sí suite idir sléibhte mar sin tá radhairc iontacha le feiceáil ach déanta na fírinne níl an chathair féin thar moladh beirte. Is féidir tuilleadh eolais a chur ar stair na tíre san iarsmalann mhór, Museo de Historia Mexicana, i lár na cathrach. Díreach lasmuigh den iarsmalann, tig leat taisteal i mbád trí lár na cathrach.

San Cristóbal de las Casas

Is seanchathair í San Cristóbal de las Casas in Chiapas i ndeisceart na tíre ar a dtugann a lán eachtrannach cuairt. Coimeádadh na seanfhoirgnimh ón aimsir Spáinneach agus tá dathanna geala orthu. Is daoine de bhunadh Maya atá ina gcónaí ann a thugann féiniúlacht faoi leith di. Bogann an saol go réidh in San Cristóbal agus sin an fáth a dtaitníonn sé go mór le turasóirí.

Bia blasta gan sárú

Is beag duine nach maith leo bia Meicsiceach. Tá ainm na tíre in airde ar fud na cruinne de bharr an bhia agus tá an cháil sin tuillte acu. Tá an bia gan sárú! Bíonn an bia lán de bhlas agus tá sé solamarach agus folláin. Níl bia na hEorpa i gcomórtas leis in aon chor. Is fiú dul go Meicsiceo don bhia amháin.

Is as Meicsiceo a d’eascair léar mór de na torthaí, glasraí agus spíosraí a itear ar fud na cruinne. Samhlaigh cé chomh tur is a bheadh bia mura raibh seacláid, trátaí, prátaí, arbhar Indiach, piobair, sillí agus a lán eile nach iad ar fáil. Is breá le Meicsicigh pónairí, sillí, trátaí, prátaí, papánna agus lintilí a chócaráil. Dáiltear rís in éineacht leis na pónairí.

Itear guacamole agus toirtílí déanta d’arbhar Indiach le formhór na mias. Ní bhíonn béile ar bith ann gan líomaí gearrtha le gur féidir an sú géar a stealladh ar an mbia chun an blas a fheabhsú.

I measc na mias is mó a chócaráiltear tá toirtílí (fillteáin aráin a dhéantar de phlúr arbhar Indiach nó cruithneacht), enchiladas, tamales, burritos, tacos, tortas (ceapairí de chirceoil, de mhuiceoil nó cáis agus glasraí i gcorn crua), piobair shillí pulctha agus quesadillas (toirtílí lán de cháis bhog agus de fheoil).

Tá anraith darbh ainm pozole (déanta d’arbhar Indiach agus muiceoil) ann atá an-bhlasta ar fad. Más maith leat bia na mara a ithe, taitneoidh chipachole (anraith spíosrach déanta le portáin) agus ceviche (bia mara a chuirtear ar bogadh i sú líomaí nó líomóidí) leat.

Óltar deochanna darb ainm aguas frescas (deochanna milse déanta d’uisce agus torthaí). Ól horchata (deoch ina bhfuil uisce, bainne, rís, cainéil agus siúcra) nó jamaica (deoch milis déanta de thoradh dearg).

Tá deochanna darb ainm licuados (caoineoga) coiteann freisin.

Dar ndóigh óltar deochanna meisciúla agus tá iliomad cineálacha tequila ann mar aon le beoracha. Ní chreidfeá go bhféadfadh sé bheith go deas ach tá deoch déanta de bheoir agus sú trátaí darb ainm michelada.

Caitear púdar sillí ar bharr chun blas níos fearr a thabhairt dó. Is deoch deas é chun an tart a mhaolú ar lá te.

Tá nós ag na Meicsicigh cuireadh a thabhairt do chuairteoirí ó thar lear banderita a ól. Ní deoch amháin ach trí deoch a bhfuil an trí dhath de bhratach na tíre orthu!

Bíonn ort diurnán de shú líomóidí (uafásach!), diurnán de tequila agus diurnán de sangrita (deoch déanta de shú trátaí) a ól go tapa. Sin mar a chuirtear fáilte romhat sa tír dhathannach bheoga seo!

Niacha nacho?

An maith leat nachóanna a ithe? Chruthaigh an cócaire Ignacio ‘Nacho’ Anaya nachóanna den chéad uair sa bhliain 1943 i mbaile darb ainm Piedras Negrasis sa stát Cauhuila i dtuaisceart na tíre.

Thaitin an ghreadóg déanta de sceallóga toirtílí le cáis leáite orthu chomh mór sin le daoine go bhfuil clú agus cáil orthu ar fud na cruinne.

Reáchtáltar comórtas nacho in Piedras Negrasis an dara seachtain de mhí Dheireadh Fómhair gach bliain chun an ghreadóg cháiliúil seo a cheiliúradh. (Dála an scéil, ní focal Meicsiceach é niacha. Creid nó ná creid, is focal Gaeilge é a chiallaíonn beagán nó blaisín mar sin is blaisín de nacho is éard is brí le niacha nacho.)

SCÉALTA EILE