M’oíche in óstán capsúl

Chaith Neil Ó Briain oíche i lóistín neamhghnách sa tSeapáin le déanaí. Seo é a scéal…


Táim ar thuras thar oíche go Tóiceo.

Níl ganntanas lóistín sa phríomhchathair agus ní bhacaim le háit a chur in áirithe roimh ré.

Tá sé seo oiriúnach don saghas áirithe óstáin atá i gceist agam pé scéal é; buaileann ana-chuid dá gcustaiméirí isteach tar éis oícheanta fada a chaitheamh amuigh ag ragaireacht le comhghleacaithe oibre, an traein dheireanach caillte acu, nó iad ró-náirithe ólta le dul abhaile chomh déanach istoíche.

De bharr nach bhfuil compánach ar bith im theannta an turas seo, táim chun ‘seomra’ a lorg in óstán capsúl.

Bunaíodh an chéad óstán don saghas seo in Osaka sa bhliain 1979 agus táid imithe i méid go mórmhór ó shin.

Tá tóir ar óstlanna saora áisiúla timpeall na tíre agus líonann óstáin chapsúl cuid mhór de seo.

Bíonn seomraí le tuairim is 2 x 1 x 1.25 méadar de spás ar fáil.

Cuirtear fáilte roimh fhánaithe agus dheoraithe ón sráid, bosca breá príobháideach do gach cuairteoir ar nós marbhlainne.

Bíonn na hóstáin seo leithscartha agus téim isteach i gceann amháin acu nuair a chím ‘男’ (‘fear’) scríofa ar an gcomhartha lasmuigh.

Fágaim mo bhróga i mbosca sa phóirse agus fanaim cúpla nóiméad i scuaine chuig an bhfáiltiú.

Eochracha do chapsúl agus fallaing sheomra a thugtar dom.

Cuirtear i dtreo an tseomra taisceadán mé.

Baineann na taisceadáin geit asam, áfach, mar táid chomh caol le slat.

Tá dóthain spáis ann d’aon chulaith amháin, más ar éigean é, agus tugaim fé ndeara gur mise an t-aon duine le mála ar a dhroim fós.

Thar n-ais liom chuig an bhfáiltiú mar sin agus isteach liom arís i ndiaidh dom fáil réidh le mo ghiuirléidí iomarcacha.

Is léir do chách a bhfuil i láthair nach dtuigim an próiseas i gceart ach leanaim orm go cróga agus tagaim ar sheomra lán de scátháin agus bháisíní níocháin.

Tá scuab fiacla ag gach ceann acu.

Sílim gur beag an luach a bheidh iontu gan aon taos fiacla ann go dtí go mbainim triail as mo scuab féin agus nach bhfuil an taos ionsuite i ribí na scuaibe!

Dá mhéad a scuabann tú is ea is mó a thagann amach an taos.

Sár-shampla é seo de réiteach faidhbe nach ann di.

Ní minic a bhíonn mearbhall chomh mór seo orm agus mé gan ach ag iarraidh dul i mo luí.

M’aghaidh is m’fhiacla nite agus mé réidh dul sa tóir ar na cochaill, leanaim na comharthaí go dtí an halla mór.

Cathair ghríobháin atá os mo chomhair i bhfoirm trádstóras capsúl.

Suas cuid amháin de, ar dheis, ar chlé… thar n-ais arís… ag lorg m’uimhreach.

Sroichim é fé dheireadh agus suas liom dréimire atá mar chuid den bhalla.

Tá capsúl ar bhun agus capsúl ar bharr in aon cholún amháin agus mise ar bharr an babhta seo.

Cúpla céad colún in aice a chéile atá san óstán seo.

Téim isteach ag tóin mo chochaill agus dúnaim na cuirtíní.

Cloisim srannadh sa chapsúl in aice liom agus duine ag bogadh taobh thíos.

Cuireann an méid spáis iontas orm.

Cé nach mbeifí in ann seasamh ná baol air, tá go leor ann le suí suas beagáinín sa leaba. Ní hamháin sin ach tá sáinn bheag in aice na leapa agus teilifís istigh ann leis.

Piocaim suas leabhrán ina bhfuil cur síos ar an gcóras aerchóirithe agus ar an réimse leathan de chláracha gur féidir liom ordú don teilifís.

Chím rogha mhór de scannáin phornagrafaíochta.

Déanaim mo mhachnamh arís ar an méid spáis atá ann sa chapsúl, ar líon na bhfear a d’fhan anseo romham.

Go tobann, tá uamhan clóis orm.

Agus dá bháine na braillíní, ní bhraithid glan.

SCÉALTA EILE