Na 10 logainm Gaeilge is iontaí in Éirinn

Is minic daoine ag gáire faoi leaganacha Gallda de logainmneacha na tíre, leithéidí Muff agus Hackballs Cross, ach cad faoinár n-ainmneacha bunaidh Gaeilge?

Seo thíos rogha de na 10 logainm Gaeilge is craiceáilte in Éirinn, a bhuí le logainm.ie agus placenamesni.org.

Rabhadh beag, tá cuid acu gáirsiúil go maith!


10. Cnoc an Chaca

cnocanchaca

Ní fios go díreach cén fáth ar baisteadh seo ar chnoc i gContae Luimnigh – níl cuma chaca air, dar liom, an raibh boladh ann? – ach sin an t-ainm mífhortúnach a fuair sé.

Agus an rud is íorónta faoi ná gur ‘Sugar Hill’ atá air sa Bhéarla… nach dream cleasach muid mar Ghaeil?!


9. An Bréantar

breantar

Sa rannóg chéanna leis an chéad logainm, seo ‘áit na mbolaithe bréana’ (Brantry) i gContae Thír Eoghain.

Is léir áfach nach mbíonn gach rud lofa sa cheantar, ná baol air, mar b’ann a chónaigh an Gael agus an laoch peile, Cormac Mac an Ailín, go dtí go bhfuair sé bás go tragóideach óg in 2004.


8. Tóin re Gaoith

toinregaoith

Is iomaí leagan den ainm áite seo ar fud na tíre agus is é an baile i gContae Ard Mhacha an lonnaíocht is mó leis an ainm (Tandragee).

Tá breis agus 3,000 duine ina gcónaí ann, agus níl muid ró-chinnte cad atá ar siúl acu lena dtóineanna.


7. An Tóin Rua

toinrua

Níl gaoth ná bréan ann an uair seo ach dath.

dornán áiteanna i gCúige Chonnacht leis an ainm seo (Galldaithe mar ‘Tonroe’) agus is dócha go ndéanann ‘rua’ tagairt don dúlra áitiúil.

Cá bhfios faoin tóin áfach!


6. Ard na gCeapairí

ardnagceapairi

Nach seo an áit is fearr le bheith i ndiaidh lá fada oibre a chaitheamh amuigh ar an phortach?

an t-ainm gleoite seo le fáil taobh leis na Doirí Beaga i nGaoth Dobhair, Gaeltacht Dhún na nGall, ach beidh ort do chuid ceapairí a cheannach sna siopaí áitiúla na laethanta seo.


5. Sceichín an Rince

sceithinrince

Is léir go raibh go leor spraoi ag baint leis an sceach bheag seo in iardheisceart Thiobraid Árann fadó.

Ar an drochuair níl an chiall iontach seo le tuiscint ón leagan uafásach ‘Skeheenaranky’ ach bheadh a fhios ag na Gaeil cá bhfuil an damhsa… tóg d’fhidil agus bí ann ar a seacht!


4. An Dá Chích

andachich

Dhá shliabh gar do Chill Airne, Co. Chiarraí, atá i gceist anseo, iad ainmnithe in ómós don bhandia ársa Anú.

Ar bharr gach cnoc (nó na ‘Paps’), tá cairn atá ar nós didí cloiche ar na cíocha sléibhe, mar atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas.


3. Baile Phite Méabha

bailephitmheabha

Ag cloí le colainn na mban, is baile fearainn é seo i gContae Aontroma a thagraíonn do shean-charn sa cheantar.

An ‘Méabh’ atá i gceist ar ndóigh ná an bhandia agus banríon Chonnacht a raibh cumhachtaí torthúlachta aici.

Meas tú an bhfuil a fhios ag muintir Ballypitmave Rd an bunús dána atá le hainm a n-áite féin?


2. Magairlí an Deamhain

magairlideamhain

Ó na mná go dtí na fir anois agus an sliabh graosta seo i dtuaisceart na Gaillimhe.

Devilsmother’ a chuirtear air sa Bhéarla, iarracht is dócha chun gáirsiúlacht an bhunleagain a chur i bhfolach.

Nár oibrigh sé sin go maith?


1. Bod an Deamhain

bodandeamhain

Má bhíonn magairlí ag na deamhain, nach luífeadh sé le ciall go mbeadh bod acu chomh maith?

Tá an áit iargúlta seo suite ar Árainn Mhór, an t-oileán is mó i dTír Chonaill, agus tá an logainm ceannann céanna le fáil i nGarbhchríocha na hAlban.

Deamhan siúlach Gaelach gan amhras.


An bhfuil aon logainm iontach nó aisteach agaibh féin? Abair linn anseo thíos!

SCÉALTA EILE