Na 5 Fheirm Wwoofála is Fearr

Seans nár chuala tú faoi ‘wwoofáil’ go dtí roinnt blianta ó shin ach bhíodh cuairteoirí, ar ‘wwoofers’ iad, ag teacht go hÉirinn ó thús na seachtóidí, nuair a tháinig an modh taistil ailtéarnach seo chun cinn.

Tugadh lámh chuidithe ar fheirmeacha, i ngairdíní agus ar phortaigh ar son leapa agus béiltí.

Sin an bunús leis an woofáil.

Bealach saor chun taistil, foghlaim faoi chúrsaí feirmeoireachta, obair faoin spéir agus buaileadh le muintir na háite.

Le himeacht aimsire, tá fás as cuimse tagtha ar WWOOF, a thagraíonn don “World Wide Opportunities on Organic Farms”.

Ó fheirm orgánach amháin go líonra domhanda de bhreis agus 11,000 feirm i níos mó ná céad tír ar fud na cruinne.

I gcroílár na wwoofála, tá an éagsúlacht – idir dhaoine, chultúir, aimsir, obair agus bhia níl aon dá fheirm mar a chéile.

Má tá tú ag cuardach eispéireas taistil ar leith seo chugaibh rogha bhanríon wwoofála na nGael, Mairéad Ní Chuaig, a chaith sealanna ar fheirmeacha wwoofála le trí bliana anuas in Éirinn, san Eoraip agus i SAM, agus í i mbun na sraithe rathúla ‘WWOOFÁIL’ a craoladh ar TG4.


meabhru-an-cabhan

1. Jampa Ling, Ionad Búdachais Tibéadaigh, An Bábhún Buí, Co. an Chabháin, Éire

Más atmaisféar dearfach i láthair ghalánta atá uait, níl a sárú le fáil ná an tIonad Tearmainn seo i dtuaisceart an Chabháin, áit a mbíonn daoine ag teacht chun cúrsaí machnaimh agus spioradálta a dhéanamh.

An rud is fearr faoi Jampa Ling ná na daoine áille.

Bheadh an fheirm seo foirfe do dhaoine atá ag cuardach rud éigin éagsúil, a mbeadh spéis acu i gcúrsaí spioradálta.

Caitheann tú do chuid ama ag Jampa Ling agus tú ag déanamh meascán d’obair amuigh sa gharraí agus ag cuidiú le lucht na háite cúrsaí a eagrú.

Tá go leor deiseanna le scíste a thógáil agus foghlaim faoin mheabhrú.

Béiltí gan aon fheoil ar fad atá ar fáil, agus an uile rud bainte ón gharraí.

Ar fheirmeacha áirithe bíonn an bia thar cionn agus ansin ar fheirmeacha eile ní bhíonn.

Braitheann sé cá háit a dtéann tú.

Feicfidh tú ar na 5 fheirm ar an liosta seo go bhfuil maith iontu ar fad.

jampaling.org


mairead-iodail

2.  Cascina Belmonte, Loch Garda, An Iodáil

Más breá leat fíon agus spéis agat i ndéantús fíona, bhainfeá sult as wwoofáil ar an fheirm fhíonghoirt seo.

Foghlaimeoidh tú go leor faoi chúrsaí fíona agus tú ag plé leis an an phróiseas ina ndéantar fíon orgánach.

Suite idir an Veinéis agus Milano, seans gurb í an áit is deise ar fad le dul ag wwoofáil, le scoth na haimsire, bia blasta agus daoine thar cionn.

Feirm fhíonghoirt í seo atá reáchtáil ag teaghlach cineálta cairdiúil.

Bí ag súil le bia blasta úr Iodálach agus go leor de, déanta go rialta ag máthair an tí.

Baineann an obair ar fad le bheith taobh amuigh leis na fíniúin, ag cócaráil na bhfíonchaor, ag plé leis an phróiseas ón tús agus blaiseadh an fhíona ar deireadh.

Ó thaobh an lóistín de, campáil is mó atá ar fáil ach le dea-aimsir na hIodáile, aer úr sna scamhóga agus uaireanta caite i mbun oibre taobh amuigh, gach seans go bhfaighfeá oícheanta codlata den scoth.

cascinabelmonte.it


an-phortaingeil

3. Monte da Cunca, An Algarve, An Phortaingéil

Tearmann hipithe ar gheall le parthas é do lucht na Wwoofála ar mhian leo na tráthnónta a chaitheamh ag surfáil, ag cadhcáil nó ag rothaíocht.

Le sé bliana anuas tá Klaus Witzmann, innealtóir as an Ostair, ag óstáil wwoofers le bheith ag cuidiú leis ar a fheirm agus ar thionscadail éagsúla.

Tá meascán mearaí d’obair le déanamh ag Monte da Cunca: bia a ullmhú sa chistin, garraíodóireacht, tithe in-bhithmhillte tuí a thógáil, árasáin turasóireachta a mháisiú agus aire a thabhairt de na gabhair, agus d’asal agus capall na feirme.

Más maith leat bheith amuigh sa nádúr, campáil, agus in éineacht scata wwoofers ó thimpeall na cruinne, seo feirm a rachadh chun tairbhe duit.

Caitear an mhaidin i mbun oibre faoin spéir agus na tráthnónta ar an trá i gcuideachta cairde nua.

Ó thaobh cúrsaí bia de, ullmhaítear béiltí bunaithe ar a bhfuil ag fás sa ghairdín le rís, pasta agus arán déanta sa bhaile.

Díreach 15 nóiméad de shiúl fríd na dumhcha tá trá Bordeira agus is féidir na tráthnónta ar fad a chaitheamh thíos ann.

Tá boird surfála agus rothair ar fáil ar iasacht saor in aisce.

wwoof.pt/hosts/home/monte-da-cunca


mairead-california

4. Sea Breeze Farm, California, SAM

Feirm suite ar bhruach aille, a bhfuil cearca, muca agus tréan raithnigh ag fás.

Tá an fheirm seo ar nós go bhfuil sé ar imeall an domhain, agus í ag gobadh amach ar an fharraige.

Muca beaga óga, glasraí orgánacha agus an planda beag glas atá á fhás go dleathach i gCalifornia le beagnach 15 bliana anuas.

Agus tú i mbun oibre, foghlaimeoidh tú gach a bhaineann le haire a thabhairt den phlanda, faoi na buntáistí a bhaineann leis mar chúram leighis do thinnis áirithe, tinneas cinn, pian droma agus ailse ina measc.

Má tá tú ag cuardach feirme a bhfuil scoth atmaisféir ann, craic iontach, daoine breátha agus sárchócairí, seo feirm a shásóidh d’uile mhian.

Facebook Sea Breeze


peacock-marrakech

5. Peacock Pavilion, Marrakech, Maracó

Faitíos ort roimh an gcampáil?

Seo pálás do wwoofers suite ar imeall Marrakech a mhealladh an duine is drogallaí i dtreo na wwoofála.

Garrán ológ agus óstán búitíc atá i gceist le Peacock Pavilion, foife don té atá ag lorg só-eispéireas wwoofála.

Le hárasáin speisialta curtha ar fáil do na wwoofers, a bhfuil a linn snámha príobháideach féin aige, tá sé i bhfad ón ghnáthdhearcadh atá amuigh ansin faoin wwoofáil.

San óstán nó amuigh sna garráin a chaitear na huaireanta oibre.

Suite in áit álainn ar fad, seans gurb é an rud is fearr uilig faoin fheirm seo ná go dtugtar am saor a dhóthain le bheith ag spaisteoireacht timpeall Marrakech.

peacockpavilions.com

SCÉALTA EILE