Tugtar ‘príomhbhaile bídh na hÉireann’ ar an mbaile seo (cé go n-áiteoinn é sin, agus go dtabharfainn an duais do Chorca Dhuibhne), ach mo léir is peacaí mo shaoil, is thit an tóin as Nóra chríonna, ní raibh le n-ithe agamsa do mo dhinnéar ach a dtugas cuairt ar Chionn tSáile i dtús mhí an Mheithimh, ach sceallóga práta Spáinneacha!
Ní hé nach rabhas eagraithe sula mbuaileas an bóthar, ach nuair a bhíos i mbun taighde faoi cá rachainn ag ithe istoíche, ní raibh aon áit a chonac, ag glacadh le háirithintí. Chaithfeá leaindeáil ag an mbialann ar an lá, agus dá mbeadh seans leat, bheadh bord ar fáil, nó ceann éigin, b’fhéidir go bhféadfá bia a cheannach le breith leat ó áit éigin, agus suí lasmuigh agus é a ithe ar do shuaimhneas.

D’éirigh linn lón a fháil ar chúl óstán an Blue Haven, in áit a leagadh amach go diail ar fad chun ithe lasmuigh. Bhí popcheol le clos agus daoine óga den gcuid is mó bailithe le chéile ag baint sásaimh as an aimsir bhreá. Tá biachlár fairsing acu agus rogha leathan deochanna chomh maith.
Um thráthnóna, má tá, gach áit a thriaileamar, bhí sé lán. Thrasnaíomar an abhainn, chomh fada le The Spaniard, ag ceapadh go mbeadh an taobh eile den mbaile níos ciúine, ach bhíodar féin lán. In aice leis an Spaniard, thángamar ar Man Friday. Bhí radharc ana-dheas amach ar an abhainn ón mbalcóin, ar a bhfuil an bhialann seo suite. Ní raibh acu ach burgair agus sceallóga, áfach, agus ní raibh aon dúil i mburgar agam. Dúradh linn go mbeadh biachlár níos iomláine acu i gceann cúpla seachtain.
Sceallóga práta Spáinneacha a bhí agam agus burgar ag mo pháirtí. Bhí sé deas suaimhneach ann agus bhí sé tirim meirbh. Ba leor san.
Thar n-ais linn trasna na habhann ina dhiaidh san, mar a raibh deoch againn sa Lord Kinsale. Bhí sé ait a bheith ag lorg áite, áit ná beadh róghlórach, ach áit mbeadh atmaisféar deas ann. Cad a bhí uainn? N’fheadar!
Ba dheas a bheith ag spaisteoireacht ar ár suaimhneas timpeall an bhaile, an lá arna mháireach, ag féachaint isteach ins na siopaithe. Siopaithe ana-ghalánta atá i gCionn tSáile. Mar shampla, siopa do hataí galánta amháin, siopa le málaí láimhe leathair, agus mórán gailearaithe. Mhothaíos go raibh airgead ag silleadh le daoine ar an mbaile. Cinnte ní raibh Cionn tSáile chomh gnóthach leis an nDaingean, agus ní déarfainn go bhfuil oiread áiteanna chun ite ann. Bhí scuaine chomh fada leis an lá amárach ag teacht amach as an mbialann aitheanta Fishy Fishy, ach bhí ite agam ansan cúpla bliain ó shin.

Tá tránna deasa cúpla míle ó bhaile, i mBaile Ghearóid, mar a bhfaca suas le caoga surfálaithe ag cleachtadh a gceirde. Bhí trucailín caifé cois na trá agus mórán bailithe timpeall ag imirt iomána agus ag siúl timpeall.
Cinnte, mholfainn Cionn tSáile, ach nach bhfuil gach aon áit, saghas mar a chéile na laethanta seo? Ith amuigh. Téir ag siúl. Bí aige baile arís ar a 11 mar a dhúnann na tithe tábhairne!
Táim sásta mar a bhfuilim, anseo i gCorca Dhuibhne agus na haon ní atá uaim ar leic an dorais agam.