Tá mé ar scoláireacht Fulbright in Elms College, Chicopee, Massachusetts. Tar éis na gcéadta uair an chloig a chaitheamh ag breathnú ar Gilmore Girls, atá lonnaithe faoi urchar cloiche díom in Connecticut, bhí mé ar bís am a chaitheamh sna Stáit Aontaithe le linn an Fhómhair. Anois, tá sceitimíní orm agus buaic na tréimhse sin tagtha — Oíche Shamhna.
Mar is eol dúinn, d’eascair Oíche Shamhna ón bhféile Samhain, ach is beag duine anseo sna Stáit a thuigeann bunús na féile níos mó ná ‘Trick-Or-Treat’, candy nó feistis bhréige. Nuair a rinne mé mo mhachnamh féin ar an gceiliúradh in Éirinn, ní rabhas féin róchinnte faoi bhunús na gcluichí nó na dtraidisiún éagsúil! Cheapas go mbeadh sé tábhachtach do mo mhic léinn agus dom féin é seo a fhiosrú, go bhfoghlaimeoimis óna traidisiúin a mhaireann sa lá inniu ann le chéile.
1. An Fómhar
Fadó, leanadh an tSamhain an fhéile Lúnasa, ag a gceiliúrtaí an fómhar. Le teacht na Samhna, d’ullmhaíodh ár sinsir iad féin do theacht an osnádúir agus na spiorad urchóideach, agus chosnaíodh siad an barr a baineadh san fhómhar. Seo bun agus barr Oíche Shamhna in Éirinn.
Cé go n-athraíonn na crainn a mbrat ar an mbealach céanna ar fud an domhain, athraíonn i bhfad níos mó ná sin anseo i Meiriceá aimsir an fhómhair agus ceiliúrtar teacht an tséasúir le maisiúcháin aille. Ní féidir liom a shéanadh gurb aoibhinn liom na soilse sí i gcruth duilleoga dearga agus na guird agus puimcíní de gach cineál crutha agus datha timpeall na háite. Bíonn na tithe in iomaíocht le chéile ó thaobh na soilse de sa bhealach céanna is a théann aimsir na Nollag — téitear ‘thar fómhair’ leis na maisiúcháin agus tá cion mór agam ar an nós Meiriceánach seo le cúpla seachtaine anuas.
2. Seáinín na Gealaí
Thugas caint ar thraidisiúin Oíche Shamhna in Boston cúpla seachtain ó shin inár luaigh mé gur as tornapaí a dhéantaí na chéad Jack-O-Lanters. D’inis mé an scéal mar gheall ar Stingy Jack, a bhuail sé bob ar an diabhal agus a shiúil le lóchrann tornapa ar feadh na síoraíochta ina dhiaidh. Bhíos thar a bheith sásta liom féin agus mo thornapa beag bídeach agus a aghaidh scáfar aisteach – cheapas go rabhas tar éis Oíche Shamhna a bhuachan le m’iarrachtaí — is deacair an jab é tornapa a shnoí agus is measa fós an boladh óna phutóga! Nach ormsa a bhí dul amú
Ní bhítear sásta le leath an bhuilín i Meiriceá. D’fhoghlaim mé é sin ón gcóisir puimcíní snoite ar a fhreastail mé ag an deireadh seachtaine. Tarraingíodh pleananna ar feadh seachtainí, bailíodh trealamh agus maisiúcháin, úsáideadh uirlisí cumhachta agus cruthaíodh sárphíosaí —long chogaidh, Tinkerbell agus seanleaid ag seinnt na bpíobaí ina measc! Chuaigh an iomaíocht agus an tsamhlaíocht go mór i bhfeidhm orm agus thuigeas nach raibh mé tar éis mé féin a ullmhú i gceart don oíche. Bhí spraoi i gceist, cinnte dearfa, ach ná bíodh dul amú oraibh — comórtas a bhí ann thar aon ní eile! Ní gá a rá nach raibh mo phuimcín féin thar moladh beirte.
3. Feistis agus Bob nó Bia
Ghléasadh ár sinsir iad féin tráth dá raibh le hiad féin a cheilt óna spioraid osnádúrtha a thaistilíodh idir ón saol eile chuig an saol seo Oíche Shamhna. Ba nós le daoine bochta sa cheantar dul ag iarraidh déirce ar an oíche seo agus ceol agus amhráin a chasadh mar mhalairt ar chácaí beaga darbh ainm soul cakes. Sa lá atá inniu ann, bíonn iomaíocht ann do na feistis is fearr, na cultacha is tráthúla, agus an smideadh is ealaíonta. Is fada ó mhálaí dubha plaisteacha atá siad i Meiriceá! Ní stopann an comórtas ansin, faraor. Is léir dom go nglactar leis an ‘mbob’ i “mbob nó bia” chomh dáiríre céanna leis na feistis bhréaga. Deirtear liom go gcaitear uibheacha agus páipéar leithris ar aon teach nach dtugann milseáin shásúla dá gcuid cuairteoirí. Tá mic léinn ar chomhaois liomsa ar an eolas faoina tithe is fearr ó thaobh féiríní de agus é mar phlean acu dul ag lorg candy chomh maith leis na páistí anocht.
Buíochas le Dia, beidh mé féin ag múineadh ranga — ní fhágann deontas Fulbright mórán airgid le milseáin a cheannach do strainséirí agus ní dóigh liom go mbeadh na Meiceacánaigh chomh sásta céanna le húlla, oráistí agus cnónna agus a bhíomar féin in Éirinn fadó, fadó. Beidh mé slán agus sásta a bheith sa seomra ranga i mbliana…
4. Bairín breac
Nárbh í an aidhm leis an mbairín breac i gcónaí an fáinne a aimsiú ann? N’fheadar ar itheamar bairín breac riamh inár dteachna. Ní dóigh liom gur ith mise slisín iomlán go dtí gur bhácáil mé anseo é — rísíní, craiceann glacé, plúr, siúcra donn, spíosraí agus an comhábhar is fearr liom, tae dubh. Is ar fháthanna oideachasúla a rinne mé féin an cáca traidisiúnta i mbliana ar ndóigh, ach ba ionadh liom an féirín a fuair mé ar deireadh.
De dheasca sláinte agus sábháilteachta, níor chuireas na hearraí fáistineachta sa mheascán: fáinne don bpósadh, bata don bpósadh míshásta, giobal don mbochtanas, pis do shaol gan phósadh, agus bonn don saibhreas. Ba chuma in aon chor — leis an Kerrygold agus Lyons Tea a d’aimsigh mé san ollmhargadh, d’ith na mic léinn dhá cháca iomlán in aon iarraidh amháin. Lorg an t-oifigeach riaracháin an t-oideas uaim os rud é gur chuimhin léi bairín breac óna seanmháthair féin na blianta roimhe. Is léir gur chailleamar amach ar an bhfíordhraíocht a bhain leis an mbairín breac agus muid óg — na comhábhar simplí, blasta.
5. Cailleacha
An rud is fearr faoin scoláireacht i SAM ná an deis taistil, agus is uaidh seo a mbeidh mé féin ag foghlaim mar gheall ar thraidisiúin agus stair Mheiriceá. Bhí an t-ádh dearg liom cuairt a thabhairt ar shuíomh na dTrialacha Cailleach in Salem. Tá an-dúil agam sa scannán Hocus Pocus agus ba mhór an scéal an turas seo domsa.
Cruinnigh seachtar againn le haghaidh Pop-Up Gaeltacht Dé Domhnaigh seo caite agus creidim gurbh í an chéad uair riamh a tugadh turas Gaeilge i Salem. Chonaiceamar na sluaite tagtha chun na háite gléasta go barr na méar mar thaibhsí agus gúil; insíodh dúinn mar gheall ar an an mbean ar a dtugtar “Cailleach Oifigiúil Salem”, Laurie Cabot; chualamar scéal na mná a cuireadh chun bháis mar chailleach toisc nár thuigeadar gur Gaeilge a labhair sí; shiúlamar timpeall na sráideanna ar a bhfuil ‘Teach na Seacht mBinn’ (House of Seven Gables), an siopa milseáin is sine i Meiriceá, reilig Salem agus sráid na h-amharclainne, Sráid Essex.Lá breá a bhí ann agus cé nár chas mé leis na Deirfiúracha Sanderson, mhothaigh mé go rabhas ina dhiaidh eispéireas thar a bheith speisialta a bheith agam.
Tá a dtraidisiúin Oíche Shamhna féin, chomh maith le traidisiúin na hÉireann, beo sna Stáit Aontaithe. Nach méanar dúinn gurbh linn an fhéile ollmhór seo ó dhúchas.