Ní chosnaíonn turais traenach timpeall an réigiúin ach €1 anseo

Nuair a insím do dhuine ar bith a bhfuil eolas maith acu ar Toulouse cá bhfuil mé ag freastal ar an gcoláiste agus cá bhfuil i mo chónaí faoi láthair, tagann cineál strainc orthu agus ceistíonn siad arís mé. 

Cheap mé ar dtús go raibh rud éigin mícheart leis. Lóistín ollscoile é, suite gar do lár an bhaile, gar do neart beáranna mac léinn agus díreach béal dorais le Université Capitole. Ach níl mise ag freastal ar Capitole. 

Níl mise ag clamhsán faoi sin, tá an áit ina bhfuil mé thar a bheith áisiúil agus tá mo choláiste-sa, Jean Jaurès, thart ar fhiche nóiméad uaim ar an métro. Ach is cosúil go bhfuil sé neamhghnách gur cuireadh i lóistín ollscoile mé nach é m’ollscoil féin é. 

Tá an lóistín ollscoile ar fad (nó gar go maith dó) faoi stiúir coláiste amháin, mar sin níor ghá domsa ach foirm a líonadh amach agus glacadh leis an tairiscint a fuair mé i mí Iúil. Ní raibh baint ná páirt agamsa le cár cuireadh mé. 

Maidir le mo lóistín-sa, naoi méadar cearnach atá an seomra, cistin bheag agus leithreas san áireamh, gan oiread agus orlach sa bhreis ann. Liom féin uilig é, níl comharsan ná comrádaí tí agam. Anois níl mise go maith i dtaobh cúrsaí achair ach thuig mé nuair a chonaic mé na toisí sin go mbeadh sé beag. Ach nuair a shiúil mé síos sa halla den chéad uair, chonaic mé chomh gar is a bhí doirse na seomraí dá chéile, thuig mé go mbeadh deacracht agam mo chás a leagann ar an urlár ann. 

Bíodh is go bhfuil sé beag, níl caill ar bith ar mo sheomra. Tá chuile shórt ann a bheadh uaim, seachas citeal. Tá mé ag ceapadh go gcaithfidh mé ceann acu sin a cheannacht dom féin. Tá an leaba greamaithe don bhalla sa gcaoi is go bhfuil mé in ann é a bhrú suas os mo chionn i rith an lae, an bord atá faoi a tharraingt amach, agus é a tharraingt anuas arís sa tráthnóna.

Ach leis an bhfírinne a insint ní hé go bhfuil mé ag caitheamh an oiread sin ama sa seomra. Idir imeachtaí eagraithe ag an gcoláiste agus grúpaí eile, tá neart le déanamh agam agus tá an chathair féin chomh mór is go bhfuil rudaí nua le feiceáil agam chuile lá. Beidh an bhliain caite anseo agam agus ní bheidh chuile shórt feicthe agam fós. 

Ní hamháin sin ach ar an deireadh seachtaine ní chosnaíonn turais traenach chuig bailte eile sa réigiún ach aon euro amháin. Dé Domhnaigh chuaigh mé ag an margadh (Saint-Aubin) agus maidin inniu, tháinig mé ar na gairdíní Seapánacha atá i bhfoisceacht scread asail uaim ach nach raibh tada cloiste agam futhú roimhe seo. Agus tá neart ceantair nach bhfuil feicthe ar chor ar bith fós agam. 

Coinneoidh mé ar an eolas sibh pé scéal é, agus má thagann sibh riamh go Toulouse, beidh an inside scoop faighte agaibh uaim.

SCÉALTA EILE