‘Níl sárú Iorrais Aithnigh le fáil don chultúr ná don teanga’ – treoir don turasóir

Cé is moite de roinnt turasóirí a tháinig go dílis gach bliain, ba mhinic gur ag déanamh a mbealaigh go tuaisceart Chonamara ba mhó a chastaí turasóirí orainn i gCarna. Tá sé sin athraithe go mór anois le bliain go leith ag cúrsaí an tsaoil a nocht an seod beag seo ar imeall an Atlantaigh. 

Tá Iorras Aithneach breac le tránna beaga ar a bhfuil an gaineamh bán is míne agus an t-uisce is glaine. Bhí an tÓstán agus tithe lóistín lán le cúpla seachtain anuas, mar a bhí nuair a tugadh an deis an samhradh seo caite agus na sluaite ag déanamh casán dearg i dtreo na farraige tar éis na dianghlasála.

Suite 70km siar ó chathair na Gaillimhe atá Iorras Aithneach – ceantar sceirdiúil a bhfuil áilleacht faoi leith ag baint leis is cuma cén chaoi a bhfuil an aimsir. Ceantar socair agus suaimhneach freisin. Ceann de phobail ‘Chonamara Láir’, mar a thugtar ar an limistéar go minic anois. 

Is beag rud nach bhfuil ann do mhuintir na háite ná don chuairteoir. Gheobhaidh tú áilleacht faoi leith agus gan tú ach uair is deich nóiméad tiomána as cathair na Gaillimhe, leathuair an chloig as Cloch na Rón agus as baile an Chlocháin. Ach tá suaimhneas agus ciúnas agus éalú ón saol mór le fáil san áit a bhfuil muide, agus tá neart le déanamh agus le feiceáil ann freisin. 

Don té a bhfuil suim aige nó aici sa gcultúr nó sa teanga, níl sárú na háite ar fáil ar ndóigh. Tá cáil na n-amhrán, an cheoil, agus na saor bád orainn. Is fiú cuairt a thabhairt ar fhéilte an cheantair a dhéanann ceiliúradh ar na buanna ársa seo a bhí agus atá go tréan ag muintir na háite; leithéidí Fhéile Joe Éinniú, Féile Mhic Dara agus Éigse Mhichael Mháire an Ghabha. 

Ghoill sé orm i mbliana nach raibh mé ar chéibh an Mhása ag lorg bád a thabharfadh go hOileán Mhic Dara mé ar an 16 Iúil. D’éirigh le neart an oilithreacht bhliantúil a dhéanamh Lá Fhéile Mhic Dara ach de bharr shrianta Covid-19 bhí cosc ar iascairí an pobal a iompar ina gcuid bád. Tá a fhios agam go ndeachaigh an cinneadh seo go mór in aghaidh nádúr na ndaoine seo atá ag cur seirbhís chun an oileáin ar fáil saor in aisce gach bliain, mar a rinne a muintir rompu. Dáta do dhialann na bliana seo chugainn é don té a bheas i gCarna – beidh arís ann le cúnamh Dé.

Rud a chuireann iontas orm féin, mar go bhfuil daonra beag in Iorras Aithneach, is ea an rogha agus an caighdeán ard bia atá ar fáil. Tá cúig láthair a mholfainn go hard: Tigh Chadhain i gCill Chiaráin a bhfuil Gradam Georgina Campbell bainte amach acu, Tigh Mheaic agus Óstán Chuan Chara i mbaile Charna, Teach Ghlinsce, nó mas rud éigin sciobtha atá uait níl sárú ar an iasc úr agus sceallóga atá le fáil ó Mhuintir Fhlaithearta ar an Aird Mhóir. Tá neart daoine ag déanamh turas lae ó cheantracha eile ar mhaithe le greim a fháil le n-ithe in Iorras Aithneach anois. 

Am maith eile le cuairt a thabhairt ar Charna is ea le linn na Féile Siúil a tharlaíonn i mí Mheán Fómhair. Deis é seo le bualadh le muintir na háite. Tugtar cuairt ar oileáin bheaga atá buailte ar an gcósta, ina measc Fínis, oileáinín beag tréigthe a mbíodh cónaí go leor air fadó. 

Más ard sna cnoic is fearr leat, tá na Beanna Beola ag seasamh ansin go huasal uaibhreach i gcónaí agus tá radharcanna áille orthu as Carna féin. Aistir 20 nóiméad sa gcarr atá ann. Mholfainn go mór ceann nó sé cinn acu a dhreapadh in aon lá amháin, ag brath ar do chumas aclaíochta féin. Is fiú go mór na radharcanna síos uait a fheiceáil. 

Tabhair uair an chloig de do chuid ama d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna. Tá sé lán le heolas faoi mhuintir an phobail agus a sliocht atá ar fud an domhain mhóir. 


Tá ceann de na crannóga is sine agus is fearr caomhnaithe san Eoraip ar Loch Scainimh. Tá sé ar cheann de na radharcanna is deise atá againn freisin. Mholfainn an carr a fhágáil le taobh an bhóthair agsu siúl amach go dtí an chrannóg – ach tá geataí na bhfeilméaraí le cur san áireamh anseo. 

An rud is deise ar fad faoin dúiche seo ná go bhfuil sé ar cheann de na háiteacha is saibhre teanga Ghaeilge sa tír. Buaileann sé seo mé gach uair a chasaim ar chlé i Scríob nó ag Crosbhóthar an Bhéil sa tSraith Salach. Tá bailte i gCarna nach labhairtear móran Béarla fós iontu agus is fiú am a chaitheamh ina measc má tá suim agat sa nGaeilge nó sa nGaeilge. 

Aiteachá eile le feiceáil: Lúibín Mhuighrois, Maínis, Cuan na Beirtrí Buí.

Rudaí a mholfainn a dhéanamh: Bain leas ag seirbhísí áitiúla don rothaíocht, iascach, seoltóireacht, cadhcadóireacht

Nodanna don turas:

Cuir tús le do chuairt ag Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc ar do bhealach siar. 
Is dream spraíúil muid, bí réidh don chraic sna tithe ósta. 
Má tá Gaeilge agat labhair linn í beag beann ar chaighdeán do scileanna teanga.
Tóga cúpla pictiúr in éineacht leis na capaillíní dúchais. 
Ag fuineadh an lae, lig do scíth ar thrá Mhuighrois nuair atá an ghrian ag dul faoi. 

Tá gach eolas faoin gceantar ar fáil ar www.conamaralair.iewww.connemara.ie agus ar ríomhphost ó eolas@conamaralair.ie