Tá míolta móra agus na Gealáin Thuaidh feicthe ag Manchán Magan le déanaí. Seo a scéal faoina thuras go Tromsø na hIorua…
Tá áiteanna gur féidir samhlú dul lá éigin agus áiteanna eile go gcaithfear dul díreach ar an bpointe – áiteanna a bhfuil rud éigin diamhair, neamhchoitianta, aduain ag tarlú iontu.
Is é Tromsø i dtuaisceart na hIorua ceann de na háiteanna seo.
Sruth na Murascaille atá taobh thiar de. De bharr athrú treo an tsrutha, tá ardú tagtha ar theocht na mara sna fiordanna mórthimpeall a mheall na mílte scadán isteach.
So what! arsa tusa.
Foighne, a mhac… You see, meallann na scadáin na míolta móra dronnacha isteach. Na mílte acu – suas isteach sna fiordanna díreach chuig na feirmeacha beaga ar thaobh uisce.
Radharc álainn, mistéireach é, go cinnte. Ach, ní fios cén fhad breise a leanfaidh sé.
Cinnte, roimh mhí Mhárta beidh siad scaipthe leo ó dheas chuig an Mhuir Chairib, ach an bhfillfidh siad an geimhreadh seo chugainn? Sin í an cheist.
Táid tar éis teacht trí gheimhreadh i ndiaidh a chéile; ná teir sa seans go n-athróidh siad a mbealach an bhliain seo chugainn. Tabhair sciuird ó thuaidh chomh tapa agus is féidir – sin í mo chomhairle daoibhse.
Ní hiad na míolta móra dronnacha – ná na cránacha dubha (orca), ná na droimeitigh (fin-whale) – amháin atá le feiceáil ann, óir, is é tuaisceart na hIorua ceann de na háiteanna is fearr ar domhan na Gealáin Thuaidh a fheiceáil.
Is é Sruth na Murascaille arís atá taobh thiar de seo: cé go luíonn Tromsø 350km laistigh den Chiorcal Artach, ní thiteann an fuacht faoi -4℃ de bharr thionchar an tsrutha.
Mar sin, tá sé breá oiriúnach, i rith oícheanta fada an gheimhridh, teacht ar an bhfeiniméan draíochta seo, nuair a buaileann na cáithníní a scaoiltear ón ngrian i gcoinne ár n-atmaisféir.
Caith fiú trí oíche sa réigiún agus tá sé beagnach geallta go lasfaidh an spéir suas os do cionn le brait lonracha agus sruthanna soilseacha ag rince tríd na flaithis.
Chonaic mé féin é, díreach coicís ó shin agus fanfaidh an radharc liom go deo.
Cé gur thuig mé an teoiric eolaíochta taobh thiar dó, fós, nuair atá teanga mhór ghlas ag sníomh anuas ón spéir díreach i do threo is deacair creidiúint nach comhartha ó na déithe atá ann.
Tá pacáiste 4-oíche i dTromsø ag Project Travel: eitilt agus lóistín €745. Ag faire ar na míolta móra: €150 sa bhreis. Turas ar thóir na nGealán Thuaidh: €110. Fón: 01-2108391 www.project-travel.ie