An bhfuil gach éinne tar éis dul go Páras? An rabhas-sa déanach go dtín chóisir seo? Nó an bhfuil daoine ann fós a chuimhníonn ar Emily in Paris agus a bheith ag ithe baguettes ag siúl síos an Champs-Élysées?
Thugas mo chéad chuairt ar Pháras le déanaí, agus thaitin sí go mór liom mar chathair. É sin ráite, cheapas go raibh Éire costasach! Bhí buiséad beag agam don deireadh seachtaine, mar sin d’aimsíos roinnt áiteanna agus imeachtaí saor nó saor in aisce.
Theastaigh uaim dul go dtí an Louvre, ach níor thuigeas go mbeadh (1) sé ag stealladh báistí; (2) seacht míle duine sa scuaine; (3) praghas €22 ar dhul isteach ann. Anois, ba dheas liom an Mona Lisa agus na taispeántais eile a fheiscint gan dabht, ach níor oibrigh sé dom ó thaobh cúrsaí airgid de.
Nach mise a bhí go sásta, ansan, nuair a d’aimsíos Le Petit Palais, atá ar na músaeim ealaíne is fearr sa Fhrainc. Tá Le Petit Palais saor in aisce (!), lonnaithe i ngáirdín álainn, agus ar Ascaill an Champs-Élysées. Má tá an t-airgead gann, is féidir fós cúpla uair an chloig a chaitheamh sa mhúsaem seo, agus beidh tú ana-shásta leis an margadh!
Mar a tharlaíonn, tá roinnt músaem i bPáras atá saor in aisce. Is fiú cuairt a thabhairt ar chuid acu, nó iad ar fad, fad is atá tú ann.
Rabhadh: Ná faigh caife in aice leis an abhainn. Tuigim go bhfuil sé deas a bheith ag siúl cois an Seine agus ag dul thar an Louvre, ach i gcaifé áirithe amháin, in aice leis an Pont des Arts, dheineas an botún €7 a chaitheamh ar an cappuccino is measa a bhí agam riamh i mo shaol. Nílim ag magadh.
Ní fhéadfainn dul go Páras gan an Túr Eiffel a fheiscint. Bhí sé déanach tráthnóna is mé ag triall air agus mar sin shiúl mé cois an Seine ar feadh tamall maith agus chonaic an Túr sa dorchadas. Admhaím ná rabhas ag súil leis an méid san, nílim ró-thógtha le foirgnimh mhóra de ghnáth, ach bhí ionadh orm lena áilleacht. Istoíche bíonn an Túr lasta, agus is cosúil le draíocht é ag síneadh suas sa spéir. Bhí daoine ag seinnt ceol traidisiúnta de chuid na Fraince, agus bhraith sé díreach cosúil le bheith i scannán – agus níor chosnaigh sé faic!
Gan dabht, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Bhaisleac an Sacré Coeur chomh maith, atá go hálainn, i gceantar galánta i bPáras agus saor in aisce (seachas má theastaíonn uait dul suas an túr). Is in Montmartre atá sé lonnaithe, agus seo ceantar eile ar fiú go mór cúpla uair an chloig a chaitheamh ann.
Fad is atá tú in Montmartre, ba chóir gan amhras imeacht go dtí an falla ‘I love you’ (Mur des je t’aime), falla i bpáirc phoiblí ar a bhfuil an frása coiteann san scríte i nach mór dhá chéad teangacha éagsúla o thimpeall an domhain. Bain triail as an leagan Gaelainn a aimsiú ann – tá sé ann!
D’fhanas in árasán beag bídeach in Le Marais, áit a bhfaightear taithí cheart ar Pháras ar phraghas, cé ná fuil sé íseal, ná fuil chomh dona le háiteanna eile! Sa tríú arrondissement, tá an áit seo go haoibhinn ar fad. Árasán beag seomra amháin le cistin bheag agus gach a mbeadh uait ann ionas gur féidir leat do bhricfeasta féin agus cúpla ceapaire don lón a ullmhú os comhaire foirgnimh thraidisiúnta Pháras. Chomh maith leis sin, thíos staighre sa bhloc árasáin, tá gáirdín álainn. Is tearmann i lár na Cathrach an lóistín seo agus is fiú an t-airgead a chaitheamh chun bheith in áit chomh deas!
Gan aon agó, tá neart rudaí eile is féidir a dhéanamh saor in aisce i bPáras, idir músaeim, séipéilí, agus an rud is fearr liom – spaisteoireacht timpeall na cathrach ag féachaint ar na daoine, na foirgnimh agus ag fáilt blaiseadh den saol sa chathair chultúrtha seo.