Príomhchathair na Féile

Is í Wrocław na Polainne a bheas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2016. Fuair Sharon Ní Chonchúir amach cén fáth nuair a thug sí cuairt ar an mbaile stairiúil le déanaí…


Is fuath liom aerfoirt mhóra.

Déanaim mo dhícheall iad a sheachaint.

Is maith, mar a thárlaíonn sé, go bhfuilim mar seo mar muna rabhas amhlaidh, ní dócha go mbeadh turas tugtha agam ar Wrocław.

Bhíos ag dul go Krakow agus toisc nár theastaigh uaim eitilt as Baile Átha Cliaith, bheartaíos ar dhul ó Chorcaigh go Wrocław agus as san go Krakow.

Chuas sa tseans leis an gcor bealaigh.

Bhuel, bhíos tógtha le Wrocław.

Tar éis dhá lá a chaitheamh ann, thuigeas cén fáth gur roghnaíodh í mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2016.

Shroicheamar an chathair déanach sa tráthnóna agus tar éis ár mbalcaisí a fhágaint san Art Hotel – teach ósta galánta ón 16ú céad – seo linn go croílár an bhaile, Cearnóg an Aonaigh.

Cé gur scriosadh é sa Dara Cogadh Domhanda, níl a rian san le feiscint inniu.

Cóiríodh na foirgnimh – a théann chomh fada siar leis an Athbheochan – go hoilte agus tá siopaí, tithe tábhairne agus bialanna iontu anois.

wroclaw-cearnog

Chaitheamar tamall anseo, ag ól piwo (an focal Polannach ar bheoir) agus ag éisteacht le ceoltóirí.

Faoi dheoidh, tháinig ocras orainn agus d’fhilleamar ar ár n-óstán, ina bhfuil ceann dos na bialanna is fear sa chathair.

Tar éis ár mbolg a líonadh, moladh dúinn cuid dá rogha ollmhór vodca a bhlaiseadh, saor in aisce.

B’shin rud a thugamar faoi ndeara i Wrocław.

Toisc nach dtugann mórán turasóirí cuairt uirthi go fóill, aon uair a léiríomar suim sa stair, sa bhia nó sa chultúr, bhí daoine fial flaithiúil linn.

An lá dár gcionn, chuamar ar ais go Cearnóg an Aonaigh, ag gabháil trí cheann dos na sráideanna is áille sa chathair, Strae Jatki.

Tá na foirgnimh anseo fós mar a bhíodar sa mheánaois ach amháin gurb iad ealaíontóirí agus siopaí beaga atá iontu anois.

Thugamar turas ar Shéipéal Naomh Éilís agus ar Halla an Bhaile sa chearnóg.

Is iad na foirgnimh is cáiliúla i Wrocław agus is fiú iad a fheiscint.

Lúbra is ea iad na sráideanna tímpeall ar an gcearnóg.

Seo linn tríd go dtí an ollscoil agus an Aula Leopoldina, láthair chomóraidh a bhfuil snoíodóireacht agus órú don scoth ann.

Tá réadlann spéisiúil san ollscoil freisin, é lán d’astraláibí, grianchloig agus cruinneoga meánaoiseacha.

Díreach trasna ón ollscoil, tá Café Kalambur.

Sampla iontach is ea é den art nouveau agus tá gloine daite, scátháin agus go leor atá aoibhinn le feiscint ann.

Ná caill é má tá tú sa cheantar.

Wroclaw-Ostow-Tumski

As san, shiúlamar trasna na habhann go Ostrow Tumski, an t-oileán suaimhneach as ar fhás Wrocław.

Más é Cearnóg an Aonaigh croí na cathrach, is é seo a hanam.

Bunaíodh easpagóideacht (bishopric) anseo sa bhliain 1000.

Is é ardeaglais Naomh Eoin Baiste is mó a dhíríonn aird na ndaoine ar an oileán inniu.

Tá séipéil bheaga timpeall air, le mórmhaisiúcháin don bPápa Eoin Pól II ar chuid acu.

Feicfidh tú comharthaí beaga, laethúla don saol reiligiúnda anseo freisin – chonaic mé bean rialta ghealgháireach ar rothar le bosca sú talún ina chiseán.

Is fiú dul trasna droichead Tumski go hOileán Piasek.

Déan iarracht a bheith ann ag titim na gréine.

Tá 103 lampa ar an oileán agus lasann fear, a chaitheann clóca agus hata ard, gach uile cheann acu gach tráthnóna.

As san, chuamar go dtí an Centennial Hall, atá ar liosta UNESCO.

Tógadh é in 1911 agus is eiseamláir é den ailtireacht nua-aoiseach.

Tá cruinneachán coincréiteach air nach bhfeicfidh tú a leithéid in aon áit eile ar domhan.

Ná caill an taispeántas soilse agus ceoil a bhíonn ann gach uair a chloig – cuirfidh sé Space Odyssey 2001 i gcuimhne dhuit.

Faoin dtráth sin, bhí ár gcloigne ag scoilteadh leis an méid a bhí feicithe againn.

Chuamar go beár ar dhíon Óstán an Monopol chun ár scíth a ligean.

Ag féachaint ar na foirgnimh thíos fúinn, thuigeamar go raibh stair Wrocław scríte orthu.

Téann cuid acu chomh fada siar le tús na cathrach in 1000.

Tógadh cuid eile le linn impireachtaí na Habsburg agus na bPrúiseach agus a thuilleadh le linn ré na Naitsithe agus an Chumannachais.

Ní hiad na foirgnimh amháin a insíonn stair Wrocław – tá leipreacháin in áiteanna nach mbeifeá ag súil leo.

B’iad leipreacháin siombal an Orange Alternative, gluaiseacht faoi cheilt i gcoinne an Chumannachais.

Is siombal iad don gcathair anois agus tá Wrocław bródúil astu.

wroclaw-leipreachain

Bhí féile bia ar siúl i Wroclaw ar ár lá deireanach sa chathair.

Gach bliain, tugann Wroclaw cuireadh do thíortha ar fud na hEorpa theacht chun a thraidisiún bia a roinnt leo.

Bhí an méid san le n-ithe nach raibh craosaire cosúil liomsa in ann é go léir a ithe fiú!

Bhraitheamar uaigneach ag fágaint Wrocław inár ndiaidh.

Tá stair fhada, éagsúil ag an gcathair seo agus is dá bharr san go bhfuil pearsantacht chomh spéisiúil aici inniu.

Beidh eachtraí ar siúl i rith na bliana seo chugainn a léireoidh cé chomh spéisiúil is atá Wrocław agus beadsa ar ais chun cuid díobh a bhlaiseadh.

B’fhiú go mór mo chor bealaigh go Krakow!

SCÉALTA EILE