Maidin Dé Domhnaigh shiúil mé amach an doras, chas mé ar chlé síos an bóithrín taobh leis an teach, shiúil síos gur bhain mé an fharraige amach, agus shiúil le cladach an 35km as Indreabhán go dtí an Fhaiche Mhór i gcathair na Gaillimhe. Ar thóir an ‘chosáin mhairbh’ a bhí mé.
Chonaic mé na comharthaí do ‘Bhealach na Gaeltachta: Slí Chonamara’ den chéad uair agus mé seacht mbliana déag nó mar sin. Is cosúil gur crochadh iad an bhliain roimhe sin ach ní raibh siad tugtha faoi deara agam. Slí Shlímharcáilte (ní mise a chum) a bhí ann a osclaíodh go hoifigiúil in 2007 agus a shín 240km ón bPóirse Caoch ar bhruach Abhainn na Gaillimhe go hUachtar Ard, ar bhruach Loch Coirib.
Slí ar mhúnla Shlí Cualann Nua, Slí Chorca Dhuibhne agus mórán eile slite ar fud na tíre a bhí inti agus an aidhm léi bealach fada siúil a chur ar fáil do thurasóirí agus do mhuintir na háite araon. Ach faoin mbliain 2012, bhí go leor de na comharthaí briste, an phéint tréigthe, nó na comharthaí féin imithe ar fad.
Is cuimhin liom gur cheannaigh mé léarscáil a cuireadh amach faoin mBealach sa Spailpín Fánach fadó ach is ag Dia atá a fhios cá bhfuil an léarscáil sin anois. Scríobh mé chuig Údarás na Gaeltachta os cionn dhá bhliain ó shin go bhfeice mé an raibh aon chóip acusan. Dúradh liom go raibh agus go gcuirfí sa bpost chugam í nuair a bheadh cead ag na hoibrithe a bheith san oifig arís ach is ag fanacht go fóilleach atá mé.
Ach cúpla mí anuas, tá comharthaí nua feicthe agam timpeall Indreabháin agus an Spidéil. Rinne mé roinnt fiosrúchán ach is cosúil nach bhfuil a fhios ag duine ar bith céard atá i ndán do Bhealach na Gaeltachta. Ó tharla go bhfuil comharthaí nua ag bun an bhóithrín, bheartaigh mé iad a leanacht chomh fada agus ab fhéidir agus an chuid eile den tslí a dhéanamh amach asam féin.
De réir mar a fheicim, tá obair athchóirithe déanta ar an mBealach ón Dumhach Mhór ar an Spidéal siar go háit éigin i gCeantar na nOileán nó gar dó. Tá stíl nua comharthaí idir an dá áit sin agus cláracha folmha a bhfuil cuma clár eolais orthu in áiteacha éagsúla ar feadh an bhealaigh.
Nuair a chuaigh muid níos faide soir ná an Spidéal, d’éirigh an chomharthaíocht gann agus ba léir gur seanchinn a bhí sna comharthaí a chonaic muid – ceann amháin acu bán uilig ag an ngrian agus ceann eile péinteáilte de lámh ar charraig mhór sna Forbacha. Den chuid is mó bhí cosán éigin ann ach in áiteacha eile ní raibh ann ach na carraigreacha loma faoinár gcos. Is cinnte nach dtagann na cuide sin den tslí leis an gcaighdeán atá leagtha síos do Shlithe Slímharcáilte na hÉireann, ach cá bhfios nach thuas ar an bportach a bhí muid ceaptha a bheith agus go ndeachaigh muid amú ceal comharthaíochta agus léarscáil.
Chuaigh an ghrian faoi agus muid ag teacht isteach go Bearna agus chinn muid nár chríonna an beart é tabhairt faoi charraigreacha an chladaigh sa gclapsholas. Ó thuaidh linn go Bóthar Chois Fharraige mar sin agus soir i dtreo na cathrach. Ba í seo an chuid ba mheasa den tsiúlóid – tá an bóthar sin mór gránna agus ní pléisiúrtha an rud é a bheith ag siúl (ná ag rothaíocht!) air. Seo ceann de phríomhfhadhbanna na Slite Slímharcáilte in Éirinn – mar gheall ar dheacrachtaí rochtana is rómhinic a fhágtar an siúlóir ar bhóthar mór poiblí ag seachaint trucailí agus tiománaithe.
Tá glasbhealach beag ann i mBóthar na Trá agus cé go bhfuil sé siúlta agam cheana, chaill mé an casadh an babhta seo. Síos linn ar an bProm agus timpeall an Chladaigh go dtí an Póirse Caoch – túsphointe oifigiúil na slí.
Beagnach ocht n-uaire an chloig agus cúig chiliméadar is tríocha ar fad a bhí ann sa deireadh agus b’iontach an radharc as an ngnách a fuair mé ar Chois Fharraige. Tá an-eolas agam ar an mbóthar mór sin ó bheith á thaisteal de shiúl na gcos, ar an rothar, i gcarr, agus ar an mbus ó bhí mé i mo bhuachaill óg, ach bhí súil eile ar fad ar an áit ón gcosán cladaigh.
Is é an trua gur ligeadh an cosán i léig le deich mbliana anuas ach tá go leor féidearthachtaí ann é a athbheochan – agus is údar dóchais dom na comharthaí nua sin i bParóiste an Chnoic. Tá súil agam go bhfeicfidh muid Slí Chonamara ar an bhfód arís agus idir thurasóirí agus mhuintir na háite in ann leas a bhaint as mar a dhéanann muintir Chorca Dhuibhne ar Shlí Chorca Dhuibhne agus muintir Thír Chonaill ar Shlite Cholm Cille, an Earagail agus na Rosann.
Tá an-bhorradh faoin siúl in Éirinn faoi láthair, agus go leor siúlóidí á gcruthú ar mhúnla an Camino sa Spáinn. Rinne mé féin cúig Chosán Oilithreachta anuraidh agus arú-anuraidh agus bhain mé an-sásamh astu. D’fhéadfadh Údarás na Gaeltachta tabhairt faoi thogra mar é sa nGaeltacht agus córas sello (stampaí) agus ‘Pas Slí’ a thabhairt isteach le daoine a mhealladh chuig na ceantair éagsúla Ghaeltachta.