Saoire dhifriúil: Camino Chósta na Portaingéile

Tá ana-chuid ar siúl sa saol na laethanta seo. Cogaíocht agus slad, cúrsaí Trump, agus fadhbanna ag baile idir tithíocht agus an geilleagar, bíonn sé deacair sos a fháilt ón droch-nuacht lá i ndiaidh lae. Cinnte, is féidir dul abhaile, Netflix a chur ar siúl agus an domhan mór a fhágaint ar leataobh ar feadh tamaill, ach má tá tú ag lorg briseadh ón obair a dhéanfaidh maitheas do do shláinte fhisiciúil chomh maith le do mheabhairshláinte, b’fhiú dhuit píosa den Camino de Santiago a shiúl. 

Cad is ea an Camino? Bóthar fada a shiúl San Séamus fadó, agus atá siúlta ag na milliúin oilithreach ó shin. Tá scata Camino ann, dáiríre, ag tosnú in áiteanna éagsúla sa Spáinn, sa Fhrainc, sa Phortaingéil agus tíortha eile. 

Ach is é dúshlán an Camino Portugués de la Costa a thugas-sa fé i mí Mheán Fómhair, 280 ciliméadar ó Porto na Portaingéile go Santiago de Compostela na Spáinne. Tá cúis ann go bhfuil an tsiúlóid seo chomh cáiliúil is atá sí agus ní bhaineann sé leis an tsiúlóid fhisiciúil, ach an turas pearsanta a dheineann gach aon duine a thugann fén aistear. Ar an ábhar san, roinnfidh mé treoir ghinearálta agus cuid den taithí a fuaireas-sa ón turas. 

Mholfainn an Camino seo a thosnú ag tosach Mheán Fómhair. Beidh seans maith agat aimsir dheas a fháilt i Meán Fómhair agus ní bheidh sé chomh gnóthach is a bhíonn le linn an tsamhraidh. Thógas mo chuid ama leis an 280 ciliméadar agus dheineas an tsiúlóid thar choicís, le cúpla lá gairid agus lá sosa iomlán ina lár. Ní gá é seo a dhéanamh, gan dabht, ach is fiú aire a thabhairt duit féin. Rud a fhoghlaimeoidh tú go hana-thapa agus tú ag siúl an Camino ná pé chomh haclaí agus tiomanta is atá tú, muna n-éisteann tú le do chorp nuair a labhrann sé leat, beidh trioblóid agat. 

Is mar seo a dheineas mo thuras ó Porto go Santiago de Compestela:

Lá 1: Porto – Matasinhos
Lá 2: Matasinhos – Vila do Conde
Lá 3: Vila do Conde – Esposende
Lá 4: Esposende – Viana do Castelo
Lá 5: Viana do Castelo – Vila Praia de Âncora
Lá 6: Vila Praia de Âncora – Oia
Lá 7: Oia – Sabaris
Lá 8: Sabaris – Vigo
Lá 9: Sos! Na hOileáin Cíes, amach ó chósta Vigo
Lá 10: Vigo – Redondela
Lá 11: Redondela – Pontevedra
Lá 12: Pontevedra – Caldas de Reis
Lá 13: Caldas de Reis – Padrón
Lá 14: Padrón – Santiago de Compostela 

Shiúlas idir 10 ciliméadar agus 28 ciliméadar in aghaidh an lae, ach formhór na laethanta bhí timpeall 20 ciliméadar i gceist. Laethanta bhíos traochta tar éis cúpla ciliméadar agus laethanta eile bhíos ag dul ag siúl timpeall an bhaile bhig ina rabhas tar éis sos beag agus greim bia! Ó mo thaithí, bheinn ag moladh é a thógaint go réidh, agus taitneamh a bhaint as an turas, na ceantair, agus na daoine lena mbuailfidh tú.

Cén fáth? Sin ceist a chuireann gach duine ar a chéile luath nó mall ar an Camino. Canathaobh go bhfuil tú anseo, ag siúl le mála ar do dhroim ó bhaile go baile ó chathair amháin go cathair eile? 

Is iomaí cúis difriúil ag daoine, ach ar na cúiseanna a luaigh daoine liom ar an turas seo bhí: “toisc ná fuil a fhios agam cad atá á dhéanamh agam le mo shaol”; “toisc gur cailleadh m’fhear chéile anuraidh agus bhí sé i gcónaí i gceist againn é seo a dhéanamh”; “toisc go bhfuil cinneadh le déanamh agam fé mo ghairm bheatha”; “toisc go bhfuil briseadh uaim ó mo shaol”; “toisc gur theastaigh uaim rud cróga a dhéanamh.” Níos minice ná a mhalairt, ní bhíonn a fhios ag daoine canathaobh go dteastaíonn uathu an turas seo a dhéanamh, ach tuigeann siad gur gá dóibh imeacht ar an turas. 

Níl na focail ann chun an maitheas a dhein an Camino dom a chur in iúl, ná a dhein sé dosna cairde a dheineas le linn mo thurais. Féinmhuinín ar na rudaí is mó a thiocfaidh amach as, an tuiscint gur féidir leat aon rud a dhéanamh anois, más féidir leat an Camino a dhéanamh. Ní hamháin go gcreidfidh tú ionat féin, ach creidfidh tú i maitheas daoine eile leis. 

Ní shiúlann éinne ina aonar ar an Camino. Má bhíonn cosa tinne agat, tart ort nó má bhíonn tú ag streachailt, ní bhíonn aon easpa Compeed, bíonn uisce sa bhreis, agus go háirithe spreagadh ó na peregrinos eile. Ní bheidh tú uaigneach riamh, le gach duine is a mháthair ag béiceadh “Buen Camino!” agus iad ag siúl tharat nó tar éis suí leat chun cupán caife a ól. 

Ba é seo an tarna Camino a bhí déanta agam, agus an rud is mó a d’fhoghlaimíos ná gur féidir leat maireachtaint gan an chuid is mó desna rudaí a bhíonn againn inár ngnáthshaol. An méid a bhíos in ann a chur isteach i mo mhála droma 22L, sin uile a bhí uaim. 

Ach an rud is mó a sheas amach dom ná na daoine. Na stróinséirí a cheannaigh cupán caife dom, an bhean a thug aingeal lámhdhéanta dom toisc gur chabhraíos léi, an tseanbhean a dhreap 150 céim chun cloch a chur os comhair sáipéil ar son a fir chéile, an bhanaltra a bhí ag siúl le mála garchabhrach chun cabhrú leo siúd a bhí i dtrioblóid lena gcosa, na daoine a bhí ag tairiscint Vaseline agus bindealán, na hIodálaigh a cheannaigh naoi mbuidéal fíona chun iad a roinnt le pé duine sa bhrú a raibh tart orthu! 

Bhí an t-ádh liom ná raibh orm éirí as an siúl ach ghortaíos mo chos tar éis deich lá, agus cheapas go mbeadh orm éirí as. A bhuí le cara nua, fuaireas maide siúil ar iasacht agus socraíodh an fhadhb, ach bhí roinnt daoine a gortaíodh go dona, agus bhí orthu an cinneadh deacair a dhéanamh cúpla lá saor a thógaint, nó cuid den turas a dhéanamh ar bhus nó traein. Do dhaoine a chreid go láidir go mbeidís in ann 30 ciliméadar a shiúl gach lá, ba dheacair dóibh glacadh le cailliúint amach ar chuid den tsiúlóid. 

Ach sa deireadh caithfear glacadh leis go bhfuil gach aon duine ar a Camino féin, agus ag deireadh an lae, ní dhéanfaidh sé aon difríocht má shiúlann tú 280 ciliméadar nó 250 ciliméadar, an rud is tábhachtaí ná an turas. 

Mar sin, má tá tú ag cuimhneamh ar rud difriúil a dhéanamh, rud a dhéanfaidh maitheas duit agus a athróidh do mheon agus dearcadh ar dhaoine agus ar an saol, seo do chomhartha – siúil an Camino! 

SCÉALTA EILE