Saol an Mhadaigh Veain!

Gluaiseacht nua is ea í #vanlife i ndomhan na meán sóisialta atá ag spreagadh daoine le slán a fhágáil ag imeachtaí a ngnáthshaoil agus aghaidh a thabhairt ar an mbóthar.

Isteach sa veain mar sin le Ciaraí Ní É lena thuilleadh a fháil amach!


Dúirt mo mhamaí liom riamh anall gan cos a leagan i ngluaisteán fear aisteach, ach is é sin go díreach atá déanta agam.

Is ar eachtra #vanlife atáim, i mbun taighde le go bhféadfainn mo thaithí a roinnt libhse, a Nósadóirí!

Ar theastaigh uait riamh do phost a fhágáil, deireadh a chur leis na híocaíochta móra cíosa gach mí, agus tús a chur le saol nua ar an mbóthar?

Más duine de na daoine ádhúla sin tú a bhíonn ag obair ón mbaile, cad atá ag cur stop leat?

Sin a deir pobal #vanlife pé scéal é!

Is é bunús na gluaiseachta gur féidir leat do shaol a chaitheamh ag taisteal, agus tú ag obair, ach greim a fháil ar veain agus imeacht leat.

Is ar Instagram a tháinig mé ar #vanlife ar dtús agus an haischlib curtha le pictiúr mealltach éigin.

Conas pictiúr #vanlife a chruthú, a deir sibh?

Bhuel, ar dtús faighigí veain agus bígí i bhur gcónaí inti.

An chéad chéim eile ná an veain a pháirceáil ar imeall sléibhe nó le cois na farraige, agus spéir gheall ghorm a bheith sa chúlra agat.

Más féidir staidiúir íoga a bheith sa seat, níos fearr arís.

Ar aghaidh libh, suas ar bhur gcloigeann, nó cad faoin ‘Madra Talún’?

Buntáiste sa bhreis é fíor-mhadra, agus cuma ghleoite air, a bheith le feiceáil freisin mar a tharlaíonn sé!

Agus sin ar fad san áireamh, bheifeá ag súil le grianghraf cosúil leis an gceann seo thíos, a foilsíodh ar an gcuntas #vanlife cáiliúil, Where’s My Office Now?.

Go minic, tosaítear le gnáthveain agus déantar é a iompú ina veain champála.

Tá raon leathan de chineálacha veaineanna ann mar sin, idir na veaineanna a bhfuil cuma fhíor-bhunúsach orthu go dtí na cineálacha atá ar nós árasáin ar cheithre roth.

Ach bímis réadúil.

Cinnte, ar Instagram tá na pictiúir go hálainn, ach tuigimid ar fad an difríocht a dhéanann scagairí cumhachtacha agus nach féidir brath ar íomhánna i gcónaí.

Agus an méid sin ar eolas agam, tá mé réidh don turas le seal a chaitheamh ar an mbóthar le mo chomrádaí taistil Martin agus a Volkswagen Transporter.

Gnáthveain atá aige ón taobh amuigh, ach ní mar a shíltear a bítear!

Is innealtóir agus meicneoir é Martin a rinne athchóiriú ar an veain é féin.

Ar chúl na veain tá cuisneoir, aonad cistine a bhfuil doirteal mar chuid de, agus suíochán a iompaíonn ina leaba istoíche.

Ní chónaíonn sé ann go lánaimseartha, ach úsáideann sé é ar thurais surfála agus ag féilte ceoil agus a leithéid.

Cuireann Martin ‘Corcaigh Thiar’ isteach sa GPS agus imímid i dtreo an chontae reibiliúnaigh agus é ar intinn aige suíomh breá a aimsiú le stopadh ann agus muid ag an gceann scríbe.

Mothaím go bhfuil ceol oiriúnach ag teastáil uainn (Eddie Vedder, dar ndóigh).

Agus boladh na saoirse san aer, ardaíonn sceitimíní ionam.

Cuirim seinnliosta #vanlife ar siúl ar Spotify; os cionn 10 n-uaire de cheol atá oiriúnach don mbóthar!

Tá córas fuaime maith socraithe ag Martin agus foireann callairí sa chúl aige.

Ag éisteacht le ‘Setting Forth’ (ón bhfuaimrian don scannán Into The Wild), tá ard-atmaisféar le brath sa veain agus mé ag súil go n-éireoidh níos fearr linne amuigh faoin tír ná mar a d’éirigh le príomhcharachtar an scannáin úd.

Tarraingíonn muid isteach ag ollmhargadh le bia a cheannach don deireadh seachtaine agus sula sroichimid ár gceann cúrsa ithimid lón ar thaobh sléibhe.

Ceapairí curtha le chéile go gasta atá againn, ar thaobh an bhóthair.

Agus muid ag alpadh siar na gceapairí, luann Martin liom go bhfuil daoine ann nach bhfeilfeadh #vanlife dóibh mar gheall ar chúrsaí bia.

Ar an mbóthar tá na roghanna cócaireachta bunúsach go leor.

Úsáidimid sorn campála don chócaireacht ar fad a dhéanaimid – idir uisce a fhiuchadh don chaife, feoil a fhriochadh agus chuile shórt eile.

Tá pota agus friochtán sa veain, chomh maith le sceanra, pláta, agus mugaí.

Dar liom gur leor sin agus bainim an-sult as an gcócaireacht ar fad a dhéanaimid.

Tá codanna eile den #vanlife nach n-oirfeadh do chách chomh maith – easpa leithris mar shampla.

Agus cé gur riachtanas uilíoch é, is beag trácht a bhíonn ar an sruth álainn Instagram #vanlife ar chúrsaí leithris agus folctha.

Níl aon fhadhb agam le mo leithreas beag féin a aimsiú le linn an turais ach don té a mbeadh ceann ceart á lorg acu is dócha gur fearr a d’oirfeadh #camperlife dóibh!

Ar aon nós, ar aghaidh linn ag tiomáint i dtreo na farraige.

“Ba mhaith liom campa fiáin a aimsiú,” a deir Martin.

Agus foghlaimím ansin nach gciallaíonn sin ach nach bhfuil páirc charbhán oifigiúil uaidh, ach áit phoiblí.

Ní gá i gcónaí áit a aimsiú duit féin.

Is féidir ballraíocht a ghlacadh le Safe Nights Ireland, agus fáil a bheith agat ar liosta áiteanna ar fud na tíre ar féidir stopadh thar oíche iontu ach táille €10 nó mar sin a íoc.

Chomh maith leis sin tá liostaí eile ar an suíomh – liosta de leithris phoiblí agus d’áiteanna inar féidir íoc ar son ceatha agus a leithéid.

“Cibé áit a bhfanann tú, bheadh baol éigin ann i gcónaí,” arsa Martin “ach dáiríre is annamh a tharlaíonn aon trioblóid”.

Mothaím gur cuid lárnach de #vanlife é bheith dearfach, chomh maith le solúbtha agus réchúiseach.

Ritheann sé linn gur cheart dúinn socrú síos sula dtéann an ghrian faoi.

Tá deifir éigin orainn mar sin, ach níl an chuma ar an scéal go bhfuil Martin ró-bhuartha.

“Oibreoidh rudaí amach,” a deir sé.

Stopaimid le cupán caife a dhéanamh agus le súil a chaitheamh ar an léarscáil.

Tá an caife díreach réitithe nuair a shiúlann fear suas chugainn, buicéad lán le glasra mara éigin, a bhailigh sé ar an trá.

Craobhraic atá ann, cineál asparagais.

Tugann sé cúpla dornán agus noid chócaireachta dúinn.

“An eol duit áit ar bith a bhféadfaimis stopadh thar oíche?” a fhiafraíonn Martin de.

Taobh istigh de chúig nóiméad, sroichimid “campa fiáin” na trá agus an chéad lá d’eachtra #vanlife tugtha slán againn.

Eachtra eile a théann i bhfeidhm orm ná nuair a imím amach le sos leithris réamhchodlata a thógáil… táim dall!

Taobh amuigh den veain tá sé chomh dubh le pic.

Cailín na cathrach is ea mise, agus níl taithí agam ar fhíorchiúnas ná dorchadas istoíche.

Téann m’intinn ar strae ag smaoineamh ar na hollphéisteanna ar fad atá (is dócha) díreach in aice liom sa dorchadas.

Meabhraíonn sé dom cé chomh scartha ón oíche agus ón dúlra atáim go hiondúil.

Is álainn an ciúnas agus an dorchadas céanna.

Codlaím go sámh agus dúisím go mall in aice na farraige ar lá breá úr, fuaim na dtonnta agus tada eile le clos.

Beartaímid ar phlean don lá – siúlóid, snámh, agus pictiúrlann – agus ar aghaidh linn sa veain le tús a chur leis.

San iarnóin, stopaimid in aice an uisce i mBeanntraí le roinnt ispíní a fhriochadh, agus cuirim ár gcuid éadaí snámha ag triomú ar na doirse.

Siúlann beirt suas chugainn agus tosaíonn ag plé cúrsaí veaineanna le Martin.

Lánúin óg Éireannach a bhfuil cónaí orthu i Londain, tá siad féin tar éis Volkswagen atá réamh-iompaithe ina veain champála a cheannach.

Tá siad ar bís le tabhairt faoin veain agus í a thabhairt amach ar a céad turas.

“Táimid chun seachtain nó dhó a dhéanamh, ar a laghad!” a deir siad, ag insint dúinn faoi na háiteanna is mo spéis acu dul, agus na blaganna atá á leanúint acu scríofa ag daoine a rinne amhlaidh cheana.

Sin rud a amháin tharlaíonn go minic le linn an deireadh seachtaine – stopann daoine le labhairt linn.

Bíonn siad fiosrach faoin veain agus an leagan amach taobh istigh.

Bíonn Martin lán-sásta a gcuid ceisteanna a fhreagairt.

Lasann a shúile agus é ag caint faoi na codanna éagsúla den veain agus conas a oibríonn siad.

Agus cén fáth nach lasfadh, agus eisean a chum is a cheap?

An chéad rud eile ar an liosta ag Martin ná cith a bheith aige.

Nuair is gá leis tá cith bhunúsach cruthaithe aige le tobar uisce agus píobán, ach tá dearadh eile aige ar na mallaibh, deir se liom.

Bainim féin triall as an gcith atá aige faoi láthair agus déanann sé an jab go maith.

Is cinnte go gcuirfeadh an #vanlife duine ag smaoineamh faoi chúrsaí uisce.

Ní smaoiním móran sa bhaile faoin méid uisce a úsáidim, idir an t-uisce a ólaim agus an t-uisce a úsáidim le rudaí – nó mé féin – a ghlanadh.

Níl ach méid áirithe uisce againn sa veain agus bímid cúramach.

Caithfimid oíche chiúin eile ar an trá céanna, an uair seo táimid in aice le clann chairdiúil atá ar saoire ina gcarabhán féin.

Téann Martin ag snámh roimh bhricfeasta agus téim féin ag lapadaíl – nílim cróga go leor dul a shnámh i gceart!

Beartaím triail a bhaint as píosa íoga ar an trá agus tá mise a rá leat, mhuscail sé sin mé!

Nuair a fhillim tá rian gáire ar aghaidh Martin.

“Cad é?” a deirim.

“Tada, seachas go n-oireann #vanlife duit!” a deir sé, agus é ag taispeáint dom grianghraf díom a ghlac sé ar a ghuthán.

Agus an bhfuil a fhios agat?

B’fhéidir go bhfuil an ceart aige!

SCÉALTA EILE