Scéal gearr faoi shíneadh fada

Dé hAoine seo caite, d’fhág mé slán le hÉirinn agus thug mé aghaidh ar Chonair Shéamuis Naofa, nó Camino de Santiago mar a thugann muintir na háite ar an gcosán cáiliúil. Bhí sé i gceist agam tús a chur inniu le dialann bheag taistil ar aon chaoi, ach nuair a chonaic mé an nuacht ar maidin ar Tuairisc.ie gur theip ar iarrachtaí Chiaráin Uí Chofaigh a cheart chun síneadh fada a dheimhniú le dlí, chinn mé gur le scéilín ar an ábhar sin ba cheart scéal mo chonaire féin a thosú. 

An lá sula raibh mé ceaptha an bád a fháil ó chalafort Bhaile Átha Cliath go Caergybi na Breataine Bige, chuardaigh mé an teach ó bhun go barr don phas. Le scéal fada a dhéanamh gearr, níor tháinig mé air agus b’éigean dom dul go Sráid an Mhóta agus iarracht a dhéanamh pas éigeandála a fháil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. 

Bhí go maith agus ní raibh go holc. 

Bhí an chuma ar an scéal go n-éistfí le m’achainí agus go gceadófaí an dara pas dom — ach moladh dom mé féin a chlárú don Chárta Seirbhíse Poiblí. Bhí deacrachtaí go leor ag an rialtas leis an gcárta seo cheana féin, agus cé nach gá dúinn ceann a fháil le ceadúnas tiomána ná pas a fháil níos mó, dúradh liom go “n-éascódh sé an próiseas iarratais” dá mbeadh mo shonraí ar fad ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. 

Abhae liom go Sráid D’Olier, cúpla nóiméad síos an bóthar, agus isteach go hoifigí na Roinne Coimirce Sóisialaí. Nuair a lorg mé leagan Gaeilge den fhoirm iarratais don chárta, tairgeadh seirbhís iomlán Ghaeilge dom — an rud is annamh is iontach. Labhair mé le bean Ghaeltachta a raibh togha na Gaeilge aici faoi mo chás agus thosaigh sí ag próiseáil m’iarratais ar Chárta Seirbhíse Poiblí. 

Ceal pas ná ceadúnas bailí tiomána, bhí roinnt deacrachtaí agam a chruthú gur mise Maitiú Ó Coimín, agus b’éigean dúinn duine a bhí níos sinsearaí a fháil le deimhniú go bhféadfaí ceadúnas tiomána do ghluaisrothar, a d’imigh in éag cúpla bliain ó shin, a úsáid mar chruthúnas céannachta. 

Bhí go maith agus ní raibh go holc. 

Ach nuair a dúirt mé gur mhaith liom go mbeadh an síneadh fada ar an gCárta Seirbhíse Poiblí, dúirt an t-oifigeach sinsearach liom nach bhféadfadh sí aon athrú a dhéanamh ar an ainm a bhí ar an gceadúnas gluaisrothair agus gur sárú dlí a bheadh ann dá ndéanfadh. 

Aineoinn gur ‘Maitiú Ó Coimín’ a scríobh mé ar an iarratas ar cheadúnas tiomána in 2014, ba é ‘Maitiu O Coimin’ a fuair an ceadúnas sa bpost cúpla seachtain ina dhiaidh sin. 

Mhaígh an t-oifigeach nach mar a chéile an dá ainm, agus go mbeadh orm cruthúnas a thabhairt isteach go raibh “an t-ainm nua” in úsáid agam le dhá bhliain ar a laghad — is é sin ‘Maitiú Ó Coimín’ seachas ‘Maitiu O Coimin’. 

Ní mó ná sásta a bhí mé ag nuair a mhínigh mé go mbeadh sé deacair orm cáipéis stáit a thabhairt isteach a bhfuil mo chuid sínte fada uirthi, mar gheall gur annamh a bhíonn meas ag oifigigh an stáit ar an aiceann céanna, moladh dom €60 a íoc as gníomhas aon pháirtí leis na sínte fada a chur isteach — sin €20 an ceann. 

Sa deireadh thiar thall, d’fhág mé oifig na Roinne Coimirce Sóisialaí gan Cárta Seirbhíse Poiblí, agus chuaigh mé go Séipeál Shéamuis in aice le Guinness’s agus fuair mé mo “phas oilithrigh” gan aon cheist faoi shínte fada ná sínte gearra. 

An tráthnóna dár gcionn, tháinig pas do ‘Maitiú Ó Coimín’, gan costas breise ar na sínte fada, agus bhuail mé an bóthar anseo go Paris.