Tá a ainm in airde ag Vanuatu, stát oileáin san Aigéan Ciúin, mar gheall ar a thránna áille, croí mór mhuintir na háite agus stíl mhaireachtála dheas réidh a chuireann fáilte roimh dheoch nó dhó i lár an lae.
Agus anois, is féidir an tseirbhís phoist faoin fharraige, an chéad cheann dá chineál ar domhan, a chur le liosta tharraingtí an oileáin seo.
Sea, is féidir leat litir a sheoladh ar ghrinneall na farraige mar a bheadh murúch ionat, ach coinnigh súil amach don bhrat dhearg!
Cuirtear uaireanta oscailte na hoifige poist, atá suite 9.8 troigh faoin uisce, in iúl trí bhrat dearg a ardú ionas nach mbeadh duine ar bith ag tumadh isteach gan chúis.
Snorcallaithe an phoist a bhailíonn an post, sula seoltar ar aghaidh chuig chuile chearn den domhan é.
Cé nach í an tseirbhís is gaiste ar domhan í, tá an-tóir go deo ar an tseirbhís phoist faoin mhuir i measc chuairteoirí an oileáin.
Ná bíodh aon iontas ort, mar shampla, má chastar scuaine snorcallaithe misniúla ort agus tú ag déanamh do bhealaigh a fhad leis an bhocsa poist.
Tá lán fáilte agat cibé sórt litreach nó pacáiste a sheoladh agus díoltar gach a mbeadh uait – cártaí, stampaí agus fiú pinn uiscedhíonacha ar an trá gar don bhocsa poist.
Taobh amuigh de na huaireanta a mbíonn an brat ar foluain, moltar gan do phacáiste a leagan sa bhocsa poist ar fhaitíos go sroicheadh sé geolbhaigh ár gcairde uisciúla amach in áit thairseach do mhamó!