Is crá croí é aon uair a gcuirtear moill ar d’eitilt, go háirithe nuair atá an t-eitleán ar an rúidbhealach réidh le himeacht.
Ní raibh na paisinéirí ar eitilt de chuid Delta i SAM ró-mhíshásta an tseachtain seo áfach mar gur ordaigh a bpíolóta pizza do gach duine ar bord le linn daoibh bheith gafa ar talamh de bharr drochaimsire.
Bhí ar eitilt ó Philadelphia go Atlanta dul ar atreo go Knoxville, Tennessee, Dé Máirt, mar gheall ar stoirmeacha móra ina sprioc-chathair ach nuair a bhí an t-eitleán ag fanacht ar an talamh i Knoxville, ghlaoigh an píolóta le haghaidh pizza agus tugadh sliseanna do gach paisinéir ar bord.
Tweetáil roinnt acu fianaise den chóisir sular bhog an t-eitleán ar aghaidh arís:
We are sitting on a runway stuck on a @Delta flight because of weather. So they’re throwing us a pizza party! pic.twitter.com/QO0ntZvs4I
— Riley Vasquez (@RileyVasquez) May 26, 2015
Agus tá sé tugtha le fios ag Delta ó shin gur cuid de pholasaí nua é an eachtra seo.
“Nuair a chuireann doineann isteach ar ár seirbhíse eitilte, tá muid chun iarracht a dhéanamh bia agus deochanna a chur ar fáil saor in aisce do phaisinéirí a bhfuil moill orthu,” arsa urlabhraí de chuid na haerlíne.
An gciallaíonn sé sin go mbeidh piontaí dubha saor in aisce ar eitiltí moillithe anseo, meas sibh?