Spéirthumadóireacht os cionn BÁC
An GoPro beag i mbun aicsin arís


A bhuíochas le ceann de na gléasanna is ildánaí sa chéad seo, tá físeáin feicthe againn i mbliana a thug léargas úrnua ar eachtraí ó shiúlóidí spáis go clársciáil.

Anois, tá físeán GoPro úrnua eisithe, ag Óglaigh na hÉireann an iarraidh seo, a léiríonn conas a mhothaíonn sé spéirthumadóireacht a dhéanamh 5,000 troigh os cionn chathair Bhaile Átha Cliath.

I mí Lúnasa na bliana seo caite rinne Captaen Ruairí McDermott agus Ceannaire Colin Curran paraisiútáil isteach go Dún Chathail Bhrugha i Ráth Maonais.

Is baill iad beirt de ‘Na Ridirí Dubha’, foireann taispeántais san arm a bhíonn i mbun paraisiútála timpeall an domhain.

Radharc den ardchathair nach bhfuil feicthe ag mórán!