Is trí sheans a chuasa go Amsterdam an deireadh seachtaine seo caite, agus nár bhreá an tseans é. Is iad mo chara a cheistigh mé cúpla mí ó shin an mbeadh aon suim agam imeacht go ceolchoirm Beyoncé ina dteannta. Bhí ticéad sa bhreis acu agus tréis sé mbliana déag ag triailt am a fháil le himeacht thar lear le chéile, tháinig sé. Cheannaíos ár dticéid Ryanair sall ar an gcostas céanna a bhí ar thicéid na ceolchoirme, agus mar sin, bhíomar cothrom.
Bhí sé ráite ag mo dheartháir liom go raibh sé siúd tréis féachaint ar lóistín sa chathair le déanaí agus go raibh costas mór air. Bhí an ceart ar fad aige. Ní raibh aon mhaitheas dúinn a bheith ag féachaint ar lóistín róchóngarach don gcathair agus os cionn €200 ar leabaigh sna brúnna ann – in aghaidh na hoíche! Ní raibh aon chuimhneach ag éinne den mbeirt againn an méid san a chaitheamh ar leabaigh nó seomra. Thángamar trasna ar na brúnna StayOkay, ceann acu a bhí leathuair an chloig ó lár na cathrach de shiúl na gcos, ar chostas timpeall ar €250 do bheirt ar feadh dhá oíche. Is brú deas a bhí ann, gach éinne cairdiúil ann, bia agus deoch ar fáil ann agus é tugtha le fios acu gur féidir an t-uisce ón ndoirteal a ól ar eagla go mbeadh a mhalairt do thaithí ar éinne, rud a shábhálann pinginí agus plaisteach.
Chuamar trí Aerfort Bhaile Átha Chliath i chúig neomat, an rud is annamh is iontach. Ní raibh aon deacracht againn go dtángamar chomh fada le stáisiún lárnach chathair Amsterdam ar an dtraein. Tá na hardáin chomh fada ná cífeá a ndeireadh, agus ardáin A agus B ann (dhá dheireadh difriúla d’aon ardán amháin). Níl sé róchasta anois agus é ar m’eolas, ach nuair a bhíonn deabhadh ort an chéad traein eile a fháil, bíonn strus sa bhreis ort. Thángamar chomh fada leis an óstán, d’itheamar béile agus thiteamar inár gcodladh roimis mheán oíche.
Bhí ana-bhá ormsa sara gcuas sall in aon chor agus mé ag féachaint ar an dteocht an tseachtain roimré. 29ºC. Tá a fhios agam go mbeadh 29ºC in Éirinn i bhfad níos difriúla ná 29ºC san Ísiltír, ach bhíos fós buartha. Fén dtráth is go rabhamar thall, bhí sé scamallach, gan aon radharc ar an ngréin ach é fós 27ºC. Bhí sé i bhfad níos compordaí gan a bheith buartha an ndófaí tú agus bhí leoithne gaoithe ann chomh maith a chabhraigh leis an dteas.
Bhaineamar sásamh as bocairí (waffles) agus ár siúlóid ollmhór timpeall lár na cathrach, a bhí ana-ghnóthach ach ciúin, rud nár thuigeas in aon chor. Bhí amanta ann nuair a labhramar i gcogar mar nár theastaigh uainn cur isteach ar an gciúnas. Bhí sé chomh socair go mbraithfeá chomh mór san ar do chompord, an rud is deise liom fén áit.
Tháinig an t-am fé dheireadh chun imeacht go dtí an cheolchoirm. Níor thóg sé leathuair an chloig imeacht ann ar an dtraein agus níor thóg sé ach 10 neomat orainn teacht ar ár suíocháin. Bhíomar uair go leith ag fanacht go dtosnódh sí ach ag baint taitneamh as an atmaisféar agus féachaint ar na cultacha breátha ar dhaoine. Bhí an ceolchoirm féin go hiontach ar fad. Bhíomar suite ana-fhada uaithi ach díreach os a comhair amach. Bhí na scáileáin trí oiread chomh mór le scáileán pictiúrlainne agus ana-radharc againn. D’fhéach Beyoncé féin go raibh sí ag baint ana-shásamh as an oíche, agus gan dabht bhí cúpla Golden Oldie aici chomh maith, a chuir ana-áthas orm féin. Bhí dhá uair an chloig go leith sa cheolchoirm, a d’imigh ana-thapaidh ar fad. Bhí ar an laghad ocht gcinn de chultacha difriúla aici, gúna bándearg an ceann is fearr a thaitin liom féin.
Bhí a hiníon ag rince ar stáitse agus bhí ana-chraic ar fad sna rinceoirí a bhí aici. D’fhéach sé go rabhadar ar fad ag baint ana-shásamh as, rud a chuir go mór leis an gceolchoirm dúinne. Ghabh sí buíochas leis an slua as teacht agus tacú léi agus ghabh sí buíochas leis na héinne sáite sa cheolchoirm. D’fhágamar go breá sásta agus na héinne ag canadh na n-amhrán is fearr leo. Bhí seans linn go gcuireadh traein sa bhreis ar siúl do dhaoine ag fágaint na ceolchoirme (bhíodar le críochnú ar a 11) agus bhíomar ag an mbrú arís féna 12. Ní raibh aon fhonn orainn imeacht amach ina dhiaidh agus sin tréis 22,000 céim a dhéanamh feadh an lae!
Bhí lá amháin eile againn siúl timpeall lár na cathrach, gan gá dúinn a bheith ag an aerfort go dtína sé a chlog. Bhí pancóga againn ar dtúis a chuir tús maith lenár lá agus ansan, Sara mbíonn éinne ag fiaraí, ní chuamar dtí aon chaifé raithní, ní dóigh liom go bhfaca aon cheann, ach ní rabhas á lorg ach an oiread. Bhí siopaí ann a dhíol raithneach agus thug fiosracht isteach sin. Bhí raithneach ar fáil ach chomh maith leis sin, bhí rudaí milse ar fáil le raithneach iontu. Brioscaí, donnóga, líreacáin agus jellies! Ní raibh aon dúil againn iontu agus mar sin d’fhágamar le maighnéad cuisneora dom féin len é a chur ar an gcuisneoir istigh san oifig. Ina dhiaidh san, chuamar chun tatú beag nua a fháil mar go raibh an fonn san orainn agus mé ana-shásta leis! Bhí sceallóga againn i gcón páipéir agus bhailíomar linn chun an aerfoirt.
Tá Aerfort Schipol leagtha amach go diail agus é chomh ciúin, socair ann. Gan dabht, bíonn daoine fós ag rith síos agus suas na pasáistí agus deabhadh orthu, ach is aerfort é nach bhfuil aon fhógraí á ndéanamh ann. Tá museum ina lár chomh maith, dá mbeadh am agat le caitheamh, rud a bhí againn ach d’fhéachamarna ar an gclár is déanaí a tháinig amach d’Anime ar a bhfuilimid ag faire.
Bhí pócaí ciúine ann, rudaí leagtha amach go soiléir, chomh maith le comharthaí ann ag tabhairt le fios nach raibh aon bhialann nó siopa thíos i gcríochfoirt áirithe ionas go mbeifeá ar an eolas do chuid bídh nó milseáin a bheith fachta agat roimré. Bhí mórán scáileáin timpeall le hamanta agus eolas na n-eitiltí ann, agus daoine deasa ag obair ann. Bhuaileamar le daoine cairdiúla a chuir críoch iontach lenár dturas, cuma go gcuireadh moill ar ár n-eitilt abhaile. Ana-dheireadh seachtaine a bhí ann agus is dóigh liom féin go rachfad ar cuairt arís ar an áit, fiú muna mbeidh Beyoncé ann an chéad uair eile!