Is ar leas gach duine dea-chóras iompair: cruthaíonn sé tír níos sibhialta agus níos taitneamhaí. Tabhair cuairt ar an Eilvéis go bhfeicfidh tú céard atá i gceist agam. Bíonn tramanna Zürich iontaofa, glan, sábháilte, compordach agus gasta – tá siad chomh maith sin go bhfágann fir ghnó a Mercedes sa bhaile. Téann traenacha glana, rialta i ngach áit san Eilvéis, go poncúil agus ar luas sásúil. An toradh atá air sin ná cathracha atá níos deise, níos glaine agus a bhfuil níos mó spáis iontu. Bíonn na daoine níos sásta, bíonn an gnó níos éifeachtaí, agus bíonn suáilceas le brath san aer, rud a bhíonn in easnamh nuair atá gach duine suite leis féin ina bhosca príobháideach.
Gan córas maith iompair, milltear an saol orainn toisc go dtógann sé na huaireanta fada an tasc is simplí a dhéanamh, rud a chothaíonn fearg agus frustrachas. Cuireann droch-chóras iompair na huaireanta sa bhreis le lá oibre atá fada go leor cheana féin.
Is mór an trua é, mar sin, go bhfuil praiseach déanta againn den chóras iompair phoiblí sa tír seo.
Is maith ann don DART agus do Bhus Átha Cliath ach ní leor iad. B’amaideach an mhaise dúinn an córas cuimsitheach tramanna a bhí againn sa phríomhchathair a dhúnadh. Cé gur tógadh an Luas ar chuid de na seanrianta, thóg sé na billiúin Euro agus na blianta fada cuid bheag den seanghréasán tramanna a athchóiriú agus ní fhreastalaíonn an Luas ar leath an mhéid chéanna ceantar. Gealladh córas ‘Metro’ dúinn le linn an Tíogair Cheiltigh agus bhí caint air arís le déanaí, ach is é is dóichí go dtitfidh an tóin as arís sula i bhfad.
Tráth dá raibh, bhí gréasán iontach iarnróid ar fud na hÉireann, gréasán a d’fhág na Briotanaigh mar oidhreacht agus a d’fhorbair an rialtas go héifeachtach i mblianta luatha an tSaorstáit. Ach tosaíodh ar na línte iarnróid a dhúnadh ó na 1960idí ar aghaidh nuair a tháinig an gluaisteán chun cinn. Ceapadh go raibh ré an iarnróid thart. Ó shin i leith tá dia beag déanta againn den ghluaisteán agus faillí déanta ar an traein. Tá na céadta stáisiún agus líne iarnróid timpeall na tíre tréigthe agus drochbhail orthu, iad ina luí díomhaoin le fada an lá. Níl ach aon trian de na línte iarnróid a bhíodh ann in úsáid ar na laethanta seo.
Bhí an brúghrúpa ‘West on Track’ ag súil go ndéanfaí infheistíocht mhór in iarnróid iarthar na tíre mar chuid den athfhorbairt a ghealltar faoin bplean náisiúnta forbartha. Ach bhí díomá mhór orthu nuair a chonacthas dóibh gurb é an t-aon rud a déarfadh Leo Varadkar faoin gceist ná gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal agus an ‘cás gnó’ a mheas. Ní athosclófar na hiarnróid toisc nach féidir brabús a dhéanamh orthu, is cosúil.
Is dearcadh díchéillí é seo. Níl aon fhadhb ag Varadkar cúram a dhéanamh de na bóithre, in ainneoin nach dtaistealaíonn mórán daoine ar chuid acu agus nach ndéanann siad ‘brabús’. Níl an chuma ar an scéal go bhfuil mórán éilimh ar an iarnród faoi láthair, ach cá bhfios cén t-athrú a thiocfadh ar nósanna taistil daoine dá gcuirfí seirbhís ar ardchaighdeán ar fáil?
Tá go leor buntáistí ag baint leis an iarnród. Tá sé níos fearr don timpeallacht ná bheith ag tiomáint. Is modh iompair atá níos pléisiúrtha é, a oireann don tírdhreach álainn atá againn. Ligeann traein duit suí siar agus lán do dhá shúl a bhaint as an radharc. Caomhnaíonn traenacha an tuath agus iad níos séimhe ná torann síoraí na tráchta. Tugann siad cruth agus spiorad do lár na mbailte, rud a bhfuil géarghá leis i gceantair thuaithe a mbíonn cuma thréigthe orthu go minic. Meallann siad daoine go dtí lár an bhaile agus maolaíonn siad ar an gcoimhthíos a thagann chun cinn inár measc nuair a bhraithimid ar an gcarr mar mhodh iompair.