Sa gcaoi agus go mbeidh sibh maraithe leis an éad agus sibh á léamh seo, caithfidh mé sibh a chur ar an eolas gur ag clóscríobh ar ríomhaire beag in aice le linn snámha i Santorini atá mé, oileán beag amach ó chósta na Gréige.
Mar a déarfadh lucht na scrúduithe béil, tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch anseo agus tá mé ar mhuin na muice. Tá mé anseo le cúpla lá agus tar éis píosa beag ama a chaitheamh anseo, tháinig sé liom go bhfuil chuile oileánach ar fud an domhain uilig mar a chéile. Peig Sayers, Tomás Ó Criomhtháin, muintir Árann, lucht Santorini — chuile oileánach beo.
Is cuimhin liom, thart ar dheich mbliana ó shin, dul isteach go hÁrainn le tuairisc a dhéanamh do Nuacht TG4. Bhí orainn ár mbealach a dhéanamh siar i dtreo Dhún Aonghusa. Lá fuar, feannta geimhridh a bhí ann. Ní raibh aon duine ar an mbád farantóireachta seachas muid féin agus cúpla duine a bhí ag déanamh a mbealach ar ais ar an oileán.
Amach linn, agus thosaigh mé ag tóraíocht bus de chineál eicínt a thabharfadh siar an bóthar muid. Ní raibh ar an gcéibh ach bus amháin. Chuaigh mé chomh fada leis agus d’iarr sé €80 orm. €80! Dúirt mé leis dul ag feadaíl agus choinnigh mé orm ag siúl. Bhuail cineál faitís an créatúr a bhí ag iompar an cheamara agus dúirt mé leis coinneáil air.
Shiúil muid chomh fada leis an American Bar agus céard a tháinig thar timpeall an choirnéil inár ndiaidh ach an bus beag, agus anois bhí sé sásta muid a thabhairt siar, fanacht orainn agus muid a thabhairt ar ais go Cill Rónáin ar €45.
Rinne muid margadh sa deireadh ar €40. Thuig mé dó. I lár an gheimhridh dheirg, agus gan mórán daoine ag teacht acu, chaithfí chuile iarracht a dhéanamh aon phingin atá ag dul thart a chruinniú. Ar bhealach, chaithfeá an muinéal a bhí aige €80 a iarradh ar bhean as an gCeathrú Rua a mholadh.
Ach ar ais ag Santorini. Tá na mílte bialann anseo, siopaí, tithe ósta agus neart eile atá ar fad ag obair beagnach 24 uair a chloig in iarracht dóthain airgid a dhéanamh chun iad a choinneáil ag imeacht sa ngeimhreadh.
Níl anseo ach cúpla tacsaí agus deirtear le turasóirí a bheith ar an airdeall ar an méid airgid gur féidir leo a shú amach as do phóca. Feiceann muid an rud céanna ag dul ar aghaidh ar chuile oileán ar domhan a mheallann turasóirí.
Is iontach crua an saol é. Scoite amach, go minic gan meas rialtais orthu, iad ligthe i ndearmad, fágtha ar an ngannchuid má thagann drochaimsir. Níl dóthain tacaíochta stáit acu le go mbeadh saol an oileáin inmharthana, agus mar sin, caithfidh siad an t-airgead a dhéanamh ar bhealach eicínt.
Ach an oiread le muintir na hÉireann, d’fhulaing an Ghréig go leor le roinnt blianta. Níos mó is dóigh. Ach tá siad fós anseo. Fiú ar na hoileáin bheaga. Ritheann sé liom agus mé ag breathnú amach ar an uisce, ag fáil faoi réir le lá a chaitheamh ar an trá, gur breá buíoch atá mé nach ar oileán atá mé i gcaitheamh na bliana. Ní dóigh liom go mbeadh sé de chruas ionam, agus mura mbeadh oileánaigh ann atá in ann píosa a bhaint as, cá mbeadh muid agus ár gcuid laethanta saoire ar fad? Στην υγειά σας!