‘Tá mé réidh leis na purists’

Sular thosaigh mé ag siúl ar Chonair Shéamuis Naofa breis agus coicís ó shin, bhí go leor léite agus pléite agam faoin mbealach ársa siar ó Shliabh Piréin go Santiago de Compostella sa nGailís. 

Is iomaí duine ar labhair mé leo a rinne cuid den bhealach cheana féin, agus cúpla duine a rinne mar atá i gceist agamsa a dhéanamh agus an 800km ó St-Jean-Pied-de-Port a shiúl in aon gheábh amháin. 

Tá an bóthar fada, bíonn an ghrian te agus tá sé an-deacair ar na matáin agus na cnámha an mála 8-10kg a chrochadh gach lá agus suas le 30km den bhóthar a chur díot. Tá seans ann nach bhfaighfeá leaba san albergue agus gur ar an urlár nó, níos measa, ag codladh faoi sceach a bheidh tú don oíche. 

Casadh athair agus mac as Baile Átha Cliath orm an tseachtain seo caite. Bhí leathlae siúil déanta agam agus theastaigh bia uaim sula gcuirfinn an chuid eile den lá díom. Bhí an t-athair sna ceathrachaidí agus an mac sna luathdhéaga, agus an bheirt acu ar bís le bheith ar an gConair. 

Ag labhairt dúinn ar chúrsaí lóistín, luaigh mé nach mbíonn leaba curtha in áirithe agam in aon bhaile riamh, ar fhaitíos nach mbainim an baile sin amach, nó go mbíonn fonn orm agus fuinneamh agam cúpla ciliméadar eile den bhealach a shiúl. 

Dúirt an t-athair ansin gur shiúil siad beirt tuairim agus 10km gach lá, agus go raibh seomra óstáin curtha in áirithe aige go deireadh shaoire na Cásca (inné). 

“Rinne mé an Camino cúpla bliain ó shin le m’iníon, agus nuair a thosaigh muid dúirt muid gur oilithrigh chearta a bheadh ionainn, agus go siúlfadh muid gach orlach den bhealach, go gcodlódh muid sna albergues poiblí ó thús deiridh, agus nach n-íosfadh muid tada ach na ‘béilí oilithrigh’ atá ar fáil i ngach baile.

“Faoin am a bhain muid Santiago amach, dúirt mé liom féin ‘Tá mé réidh leis na purists.” 

Thaitin a dhearcadh go mór liom. Feictear dom nach bhfuil aon bhealach ‘ceart’ ann le rud ar nós an Camino a dhéanamh. Cosán a athraíodh anseo is ansiúd míle agus céad uair ó tháinig na chéad oilithrigh le hómós a léiriú don Aspal Séamus, agus a athróidh arís míle agus céad uair eile roimh dheireadh na mílaoise seo. 

Casaim fós le daoine a chaitheann anuas ar na daoine a fhaigheann an bus, nó tacsaí fiú, nuair nach mbíonn an fuinneamh iontu an trí nó ceithre chiliméadar dheireanacha a chríochnú, nó a fhanann i lóistín galánta, a itheann béile mór folláin trí huaire sa ló, nó, go deimhin, a chuireann a málaí móra droma ar aghaidh sa gcaoi is nach mbeidh meáchan mór ar an droim agus iad ag siúl. 

Ghortaigh mé mo chosa ar an dara lá. Bhí an léasrach chomh dona sin nuair a dhúisigh mé in Iruña nár fhéad mé an chos a chur i mbróg, agus shiúil mé cuid den bhealach cosnochta. Lá ina dhiaidh sin, chuir mé féin mo mhála ar aghaidh le faoiseamh a thabhairt do na cosa, ach ní airím nach bhfuil an Camino déanta i gceart agam dá bharr. 

An chuid is mó de na daoine seo a cháineann lucht na rothar, na gcapall, na n-óstán, agus na mbusanna, bíonn an tUasal Google ina láimh acu agus an tUasal Regatta ar ndroim lena gcosaint ó bháisteach throm thuaisceart na Spáinne. Meas tú céard a bheadh le rá ag na hoilithrigh pure-a a shiúil ar an gConair gan orthu ach an t-aon léine thanaí amháin míle bliain ó shin faoi sin?