Thuas seal agus thíos seal, ó Nairobi go Mombasa

“Aedín Ní Thiarnaigh? Ag taisteal chuig an Afraic? Is beag an baol!” 

Lig mo chara mór scairt gháirí aisti ag a cóisir Bon Voyage, nuair a fiafraíodh di an mbeinnse ag dul ar cuairt aici sa Chéinia. 

Níor chuir an gáirí úd isteach ná amach orm. Lena ceart a thabhairt di, tá aithne na mblianta aici orm, agus fios maith aici dá bharr faoi mo easpa spéise i dtíortha fada i gcéin. 

Is cam teallaigh amach is amach mé, cé gur náireach an rud é le hadmháil na laethanta seo, agus an ‘frídín’ taistil níos tógálaí ná an Covid é féin. 

“I ndáiríre, a Aedín, nach mbeadh fonn ar bith ort dul sall?”, ba dheacair do chara eile linn m’easpa spéise a chreidiúint. 

Seans nach ‘easpa spéise’ an bealach is cruinne le cur síos a dhéanamh ar mo chás, ach dúil rómhór in Éirinn, b’fhéidir. Tá mé chomh ceanúil uirthi agus chomh compordach inti gur fíorannamh a bhíonn fonn orm scarúint léi!

“Céard faoi seo”, dúirt mé le mo chara mór, “má tharlaíonn go dtagann airgead chugam gan choinne, is é an chéad rud a dhéanfaidh mé ná ticéad a chur in áirithe chugat sa Chéinia”.

“Ní dhéanfá é!”, a dúirt sí de bhéic amhrais. 

“Geallaim anseo anois duit go ndéanfaidh!” 

Samhlaigh m’uafás dhá mhí ina dhiaidh, nuair a tháinig gig gan choinne isteach, ar luach phraghas na dticéad. 

Ach más cam teallaigh mé, is bean mé a dhéanann beart de réir mo bhriathar, agus ní fada íoctha mé ná gur ceannaíodh na ticéid agus go raibh fuadar faoi na socrúcháin.  

Bhí an t-ádh liom sa tslí is go bhfuair mé praghas iontach ar na heitiltí, a thóg mé ó Bhaile Átha Cliath go İstanbul agus ansin ar aghaidh go Nairobi. Chosain an ticéad fillte thart ar €500 orm le Turkish Airlines, ach d’fhéadfadh costas €1000 nó níos mó a bheith ar an turas céanna amantaí eile. 

Bhí an turas é féin go breá compordach agus mé ar mo sháimhín só lena linn; mo shúile sáite sa scáileán beag teilifíse os mo chomhair, nó i bhfolach faoi mo phúicín beag taistil. Bhí an rud ar fad iontach suaimhneach i ndáiríre, go dtí go dtí gur bhain mé aerfort Nairobi amach i lár na hoíche, agus gur stopadh mé agus beirt eile chun imscrúdú a dhéanamh ar ár dteastais vacsaíní. 

Tógadh mo phas uaim agus iarradh orm fanacht ar leataobh mar a tugadh an chéad bheirt isteach go seomra beag,dorcha agus gur dúnadh doras ina ndiaidh. 

Ba mhór an phainic a bhí orm.

Ar a dteacht amach dóibh roinnt nóiméad ina dhiaidh, chuir duine den bheirt cogar i mo chluas;

“Iarrfaidh mo dhuine airgead ort, ach beidh tú go breá”. 

Dia dár sábháil! 

Nuair a bhí sé in ann dom mo chos féin a chur thar thairseach an tseomra bhig, tharla go raibh garda slándála eile ar mo shála agus gnó éigean aige leis an ngarda cam a raibh mo phas aige. De bharr an chomhluadair bhreise sin, d’éirigh liom mo theastas vacsaíne a dhearbhú gan a thuilleadh trioblóide, agus mo phas a thabhairt liom go slán, gan pingin faoin mbord a íoc. 

An chéad dhúshlán sáraithe agus an t-allas ag sileadh uaim, dheifrigh mé tríd an aerfort agus chuir mé WhatsApp chuig mo chara ag míniú an scéil di. D’fhreagair sí go beo, gan iontas ar bith uirthi;

“Fáilte go Nairobi!” 

Chaith mé an chuid is mo den tseachtain in éindí le mo chara agus a fiancé in Nairobi, seachas sciuird ghairid a thugamar ar an gcósta ó dheas. 

Bhí moladh faighte agam ó bhean as Inis Meáin chun an traein a fháil ó Nairobi go Mombasa. Turas “a dhéanadh sí go minic agus í ina cónaí sa tSúdáin, (más siúlach scéalach, feictear dom gur scéalaí muintir Inis Meáin ná pobal ar bith eile!). 

B’iontach an moladh é. Thóg an traein muid ar thuras 485 km, i gcaitheamh sé uaire an chloig, trí dhá pháirc de pháirceanna náisiúnta na Céinia agus meall ainmnithe fiáine le feiceáil ó na fuinneoga ar fad; sioráif, antalóip, séabraí, agus eilifintí ina measc. 

Praghas thicéad na traenach ná €8, ní bhfaighfeá cead isteach go Zú Bhaile Átha Cliath air sin! 

Tá droch-chlú ar Mombasa, agus ar Nairobi, as na rátaí arda coiriúlachta iontu agus níl aon dabht ach go mbaineann teannas ar leith le taisteal sna háiteanna seo. Is mó an aird a tharraingíonn an duine geal, ar a dtugann muintir na háite ‘mzungu’, agus is deacair dul i dtaithí air sin. Don chuid is mó, déantar iarracht rud éigin a dhíol leat agus cé go gcuirfeadh sé isteach ar dhuine tar éis píosa, ní iompar bagartha é. 

Mar sin féin, ní mór a bheith iontach cúramach faoi dhaoine nach bhfuil chomh soineanta céanna. Bíonn flúirse piocairí póca timpeall agus tarlaíonn coireanna níos measa coitianta freisin, agus iad foréigneach go minic. Bhíomarna ar ár n-airdeall don turas go léir, rud a thóg cuid mhaith fuinnimh, ach buíochas mór le Dia, níor tharla drochrud ar bith dúinn.

In Mombasa, caitheadh go han-mhaith linn san ionad oidhreachta UNESCO, Fort Jesus, sean-dún de chuid na bPortaingéalach ar imeall na cathrach a tógadh sa 16ú haois, a bhfuil cruth fir (Íosa) ar na ballaí. Fuair muid turas treoraithe ann le fear áitiúil a raibh meall eolais aige faoin áit agus b’iontach na scéalta a bhí aige faoi na scirmis éagsúla a tharla ann thar na blianta. 

Bhí eispéireas an-dearfach againn san óstán inar fhan muid in Mombasa freisin; áit a raibh radharc álainn ar an Aigéan Indiach uaidh, a raibh dhá linn snámha timpeallaithe ag crainn chnó cócó agus cosán príobháideach díreach chuig an trá ann, agus a chosain níos lú ná €45 an duine orainn le haghaidh leapa agus bricfeasta. D’fhilleamar ar Nairobi tar éis lá agus oíche agus bheartaíomar ar eitilt intíre a thógáil ar ais a ghearrfadh an turas síos go huair a chloig agus a bhí an-réasúnta chomh maith ar €66.

An lá ba shuntasaí den turas ná an lá safari a rinneamar i bPáirc Náisiúnta Nairobi, atá suite ar imeall na cathrach, deich nóiméad ó theach mo charad. Ar chostas €60 an duine, is féidir le duine a charr féin a thiomáint timpeall na páirce agus dul sa tóir ar na ainmhithe is mó, is cáiliúla agus is fíochmhaire ar domhan. 

Bhaineamar lán ár súl as ainmhithe nár shamhlaigh mé go bhfeicfinn riamh iad, ach i gcláracha faisnéise dúlra; an srónbheannach dubh, dobhareacha, crogaill, agus ealta leon fiú, a raibh péire acu ina gcoladh tóin le gabhal a chéile. Abair dochreidte! Abair gleoite! 

Bíonn thíos seal agus thuas seal i ngach turas agus is amhlaidh a bhí inár gcás. 

Tá Nairobi suite nach mór 2000m níos airde ná Mombasa atá ag leibhéal na farraige, agus baint dhíreach ag an seanfhocal lenár dturas go fisiciúil mar sin. Bhain sé linn go meafarach leis, áfach, nuair a thit mé i laige in ionad siopadóireachta níos déanaí an lá sin, de bharr athrú airde, dó gréine agus tuirse. 

Níor thit mé i laige riamh i mo shaol roimhe, agus baineadh geit uafásach asam mar sin, nuair a dhúisigh mé agus mé leiceann leis an urlár, báite le hallas agus bean ag tabhairt cuimilt droma dom, ag iarraidh m’ainm orm agus ag rá liom go raibh chuile rud le bheith ina cheart go luath. 

Deirtear go mbíonn an t-ádh ‘dearg’ le daoine, ach tar éis mo eachtra-sa gheallfainn go bhfuil ádh seacht ndath an bhogha báistí orm féin. Céard a bhí lonnaithe thuas staighre san ionad siopadóireachta céanna, ach Ospidéal Nairobi? 

Tógadh ar thralaí mé san ardaitheoir go T&É, áit ar tugadh aire na fola dom agus gach tástáil beo á déanamh orm le cinntiú nach raibh téachtán fola ionam, taom croí tar éis a bheith agam, titeamas orm, ionfhabhtú orm ná eile. Agus an méid sin ar fad cinntithe, thóg siad síos mé i gcathaoir rotha go doras an ionaid siopadóireachta agus isteach go carr mo charad, ar baineadh geit beagnach chomh mór aisti agus mar a baineadh asam féin. 

Tá mé slán sa bhaile ó shin agus mé i mbarr mo shláinte arís. N’fheadar an é an turas ba shuaimhní a raibh mé riamh air, ach ba mhór an phribhléid a bheith in ann a leithéid de thuras a dhéanamh. D’éirigh liom píosa beag níos mó a fheiceáil den domhan mór agus d’fhoghlaim mé go leor faoi chultúr eile. 

Cá bhfios, b’fhéidir go dtolgfaidh mé an ‘frídín’ taistil fós…