Is é Aerfort Dhún na nGall, ar an gCarraig Fhinn i nGaeltacht Thír Chonaill, “an t-aerfort is deise tírdhreach” ar domhan dar le suirbhé a rinne an comhlacht PrivateFly. Bhí an t-aerfort Gaeltachta sa dara háit ar an liosta in 2017.
Pobalbhreith oscailte a bhí ann agus chaith na céadta duine timpeall na cruinne a vótaí ann. Sa dara háit bhí an t-aerfort oileánda i mBarra in Albain, agus bhí Aerfort Nice sa bhFrainc sa tríú háit.
Táthar ag súil go músclóidh an stádas spéis mhór san aerfort iargúlta ó tharla go luaitear an liosta aerfort go rialta ar irisí móra turasóireachta, ar nós Nat Geo Travel agus Travel + Leisure chomh maith le hirisí agus nuachtáin mhóra eile ar fud an domhain, Forbes agus USA Today ina measc.
Dúirt príomhfheidhmeannach PrivateFly Adam Twidell, a chuireann seirbhís le heitiltí príobháideacha a chur in áirithe ar fáil, gur “bucket list” a bhíonn sa liosta aerfort a fhoilsítear chuile bhliain agus go mbíonn tóir mhór ag lucht taistil ar na haerfoirt a luaitear ann.
“Tá áilleacht as an ngnáth le fáil i nDún na nGall agus is maith atá an gradam seo tuillte aige i mbliana. Rinneadh scannánú ar radhairc sna scannáin Star Wars le blianta beaga anuas ann agus is furasta a fheiceáil cén fáth. Is cuma cé acu Millennium Falcon nó eitleán tráchtála atá do do thabhairt isteach ann, is eispéireas ó dhomhan eile atá ann tuirlingt ag an gCarraig Finn,” a dúirt Adam.
Dúirt Anne Bonner, stiúrthóir bainistíochta an aerfoirt leis an nuachtán Donegal Daily go bhfuil “lúcháir” ar lucht an aerfoirt faoin ngradam.
“Tá lúcháir orainn gur bhain muid áit amach ar liosta de na deich n-aerfort is deise le dhá bhliain anuas agus gur muid inne atá ar bharr an liosta in 2018. Is léiriú é ar an gcion atá ag lucht taistil agus saineolaithe taistil ar Dhún na nGall, agus cuireann sé Dún na nGall chun cinn mar áit le cuairt a thabhairt air. Roghnaíodh Dún na nGall mar ‘the coolest place on the planet’ in 2017 agus níl bealach is fearr le teacht anseo ach tríd an aerfort is áille tírdhreach ar domhan,” a dúirt sí.
Téann eitiltí ó Bhaile Átha Cliath agus ó Ghlaschú go hAerfort na Carraige Finne go rialta agus bíonn seirbhísí ó áiteacha eile ann freisin.
Más maith leat cuairt a thabhairt ar na haerfoirt nach bhfuil baileach chomh hálainn céanna is atá Aerfort Dhún na nGall, seo duit an liosta iomlán:
1) Dún na nGall
2) Barra, Albain
3) Nice, an Fhrainc
4) Queenstown, an Nua-Shéalainn
5) Saba, Muir Chairib
6) Orlando Melbourne, Stáit Aontaithe Mheiriceá
7) Toronto Billy Bishop, Ceanada
8) London City, Sasana
9) St Maarten, Muir Chairib
10) Miami, Stáit Aontaithe Mheiriceá