Trasna na hEorpa ar rothar do MS Ireland/Irish Cancer Society
Airgead á thiomsú ag eagarthóir NÓS

Tá mé ar thuras mór rothaíochta i láthair na huaire ó Bhaile Átha Cliath go Sliabh Olympus i dtuaisceart na Gréige. Ní raibh sé i gceist agam turas carthanachta a dhéanamh de ar dtús ach fágadh i gcruachás inné mé nuair a goideadh a raibh agam d’airgead uaim agus mé ag dul ón mBreatain Bheag go Sasana. 

Moladh dom ar Twitter leathanach tiomsaithe airgid a thosú sa gcaoi is go mbeadh mé in ann an turas a chríochnú, ach níor mhaith liom iarradh ar chairde agus daoine eile mo shaoire a mhaoiniú. Rinne mé mo mhachnamh faoi, aréir, áfach, agus rith sé liom gur minic a dhéantar turais thar lear ar son carthanachta agus go mbailítear airgead a chlúdaíonn costais an turais chomh maith le hairgead a dheonaítear don eagraíocht atá i gceist. 

Tá beartaithe agam, mar sin, mo Thuras Mór Rothair a chríochnú sna seachtainí amach romhainn agus airgead a bhailiú ar son dhá eagraíocht charthanachta atá an-tábhachtach dom — Cumann Ailse na hÉireann agus MS Éireann. 

Chuir m’athair, ar rothaí freisin é, troid mhór suas ar feadh dhá bhliain in aghaidh na hailse paincréis, agus bhásaigh sé ocht mí ó shin. Creidim go láidir in obair Chumann Ailse na hÉireann agus cé nach féidir liom m’athair bocht a shábháil anois, tá súil agam go gcabhróidh an t-airgead a bhaileofar le teaghlaigh eile an crá croí a bhaineann leis an ailse a sheachtaint. 

🏴󠁧󠁢󠁷󠁬󠁳󠁿🚲🏴󠁧󠁢󠁥󠁮󠁧󠁿⚡

A post shared by Maitiú Ó Coimín (@maitiuocoimin) on

Tá cara mo chléibh ag maireachtáil go ciúin cróga le MS le tamall anuas agus cuireann a mhisneach agus a dhearfacht shíoraí faoi gheasa mé. Tá súil agam go gcabhróidh an t-airgead a bhaileofar leis agus le daoine eile a bhfuil an galar orthu an saol a chaitheamh mar is mian leo agus, seans, go dtiocfar ar a leigheas amach anseo.

Tá mé ag obair liom ar NÓS ar feadh an bhealaigh agus tá súil agam cur síos ar an Eoraip mar a fheictear dom í sna seachtainí amach romhainn ar an leathanach seo. Féadfaidh tusa, a léitheoir, an dul chun cinn atá á dhéanamh agam trasna na hEorpa a leanacht ar na meáin shóisialta (@maitiuocoimin ar Twitter agus Instagram) agus ar an aip rothaíochta Strava.

Ar ndóigh, beidh míreanna rialta ónar scríbhneoirí iontacha á bhfoilsiú ar an suíomh mar is gnáth ar feadh an ama.

Bheinn fíor-bhuíoch de léitheoirí NÓS dá dtacóidís leis an bhfeachtas bailithe airgid seo trí airgead a dheonú nó díreach an scéal a scaipeadh.