Tá trí léarscáil nua de Chorca Dhuibhne ar fáil le ceannacht anois ón gcomhlacht aitheanta léarscáilíochta EastWest Mapping. Tá an leithnis roinnte ina trí chuid ag an léarscálaí Barry Dalby agus a fhoireann – Oirthear Chorca Dhuibhne agus Sliabh Mis; Corca Dhuibhne Láir: Gleann Tí an Eassaig agus Binn os Gaoith; agus Iarthar Chorca Dhuibhne.
Tá cáil ar EastWest Mapping agus ar Barry féin i measc lucht siúil sléibhte, rianadóirí agus daoine eile a bhíonn amuigh faoin aer as feabhas a gcuid léarscáileanna. Tá léarscáiliú déanta ar 15% den tír aige anois agus trí cheantar Gaeltachta clúdaithe aige sna léarscáileanna Sléibhte Chonamara, Acaill & Corrán agus Cliara, agus anois léarscáileanna Chorca Dhuibhne.
Dúirt Barry le NÓS tráthnóna gur roghnaigh sé Corca Dhuibhne don tionscadal léarscáilíochta de thoradh suirbhé a cuireadh amach tuairim is sé bliana ó shin inar léiríodh spéis mhór i nGaeltacht Iarthar Chiarraí.
“Sainíodh cúpla ceantar i suirbhé ar líne tuairim is sé bliana ó shin. Thug na freagróirí le fios sa suirbhé sin gur mhaith leo léarscáileanna a mbeadh eolas mion orthu a fháil do Shléibhte an Chomaraigh, na Gaibhlte, na Cruacha Dubha, agus Corca Dhuibhne. Tá muid ag obair go mall trí na moltaí seo ó shin,” a dúirt sé.
Thug Barry suntas don éileamh a bhí ag freagróirí an tsuirbhé go mbeadh logainmneacha na Gaeltachta i mBéarla ar na léarscáileanna. Dúirt sé gur dúshlán dó féin an t-éileamh sin léarscáil a chruthú “a d’aithneofaí” ach a bheadh “dílis do logainmneacha Gaeilge” sa Ghaeltacht.
“Bhí éileamh as an ngnáth sna héilimh faoi Chorca Dhuibhne, bhí na freagróirí, a raibh a bhformhór acu lonnaithe i gCúige Laighean ag an am, ag iarraidh go mbeadh logainmneacha Béarlaithe le feiceáil ar na léarscáileanna. Is dóigh liom gur mar gheall ar an athrú a bhí tagtha ar fhoilseacháin an Rialtais ag an am – an OSi ina measc – de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an sonrú do cheantair Ghaeltachta.
“Caithfidh mé féin dul i ngleic leis an gceist seo, trí léarscáil a chur ar fáil a d’aithneofaí ach a bheadh dílis do logainmneacha Gaeilge, a bhfuil go leor acu fréamhaithe i gcur síos ar ghnéithe talún agus tírdhreach,” a dúirt sé.
Mhínigh sé nach bhfaigheann EastWest Mapping aon mhaoiniú poiblí agus go gcaithfidh siad “léarscáileanna a dhíol le léarscáileanna a dhéanamh” agus gur “cur chuige hibrideach” atá tarraingthe chucu féin ag an gcomhlacht maidir le logainmneacha.
“Tá formhór na logainmneacha i nGaeilge ach tá na leaganacha Béarlaithe agus logainmneacha Béarla an-soiléir ar an léarscáil freisin. Is é an aidhm ná na léarscáileanna a dhéanamh furasta a thuiscint don mhéid is mó custaiméirí agus is féidir chomh maith le spéis a mhúscailt agus a chothú sna logainmneacha Gaeilge.
“Clúdaíonn logainmneacha spás agus cuireann an mioneolas atá fúthu as riocht. Leis seo a sheachaint, cuireadh dhá straitéis i bhfeidhm – ar an gcéad dul síos abair gur tugadh an leagan Gaeilge ‘Leataoibh Mór’ ar an mbaile fearainn, úsáideadh an leagan Béarlaithe ‘Lateevemore’ don ‘bhaile’ agus don chnoc. Ar an dara dul síos, is iondúil gur fágadh an t-alt cinnte ar lár, mar sin is mar ‘Binn Dubh’ a fheictear ‘An Bhinn Dubh’. Laghdaíonn an t-ainm neamhfhoirmiúil seo líon na gcarachtar ar an léarscáil ach tugann bunbhrí an logainm leis,” a dúirt sé.
Ba ghá trí léarscáil ar leith a chruthú leis an leithinis uile a chlúdach, a dúirt Barry, mar gheall ar an gcruth aisteach atá ar Chorca Dhuibhne agus an ar an gceantar máguaird.
“Tá méid caighdeánaithe léarscáile againn do na léarscáileanna 1:25,000 faoi láthair, a chlúdaíonn achar áirithe. Ba mhór an dúshlán Corca Dhuibhne agus an ceantar máguaird a chlúdach leis an leathanach caighdeánaithe seo mar gheall ar an gcruth atá ar an gceantar agus a mhéid. Cheap mé ag pointe áirithe go ndéanfainn dhá léarscáil 1:40,000 ach chaith mé an plean sin in aer nuair a tháinig sé chun solais, go han-tapa, go gcaithfinn go leor mionsonraí agus logainmneacha a fhágáil ar lár ar mhaithe le soiléireacht.”
“Mar sin is comhréiteach atá sa leagan amach reatha agus fiú leis an gcur chuige seo, tá cuid de Cheann Sléibhe nach bhfuil ann ná iomlán an Mhachaire. Beidh an dá áit seo chomh maith leis na hoileáin amach ó Dhún Chaoin ar an leagan digiteach atá á réiteach,” a dúirt Barry.
Is fairsing an ceantar atá clúdaithe ag EastWest Mapping sna trí léarscáil nua seo agus dúirt Barry le NÓS gurbh é fairsinge an cheantair an dúshlán ba mhó a bhí roimhe agus é ina mbun.
“Ba obair thur cuid den tithíocht líne taobh le bóithre a bhreacadh ach caitear é a dhéanamh. Chuir cúinsí sláinte isteach orm anuraidh agus bhí sé deacair taisteal ann go pearsanta ach tá mé an-bhuíoch de na daoine atá lonnaithe san áit a chabhraigh liom na mionsonraí ar an talamh a sheiceáil.
“Is mór an dúshlán é an costas freisin agus beidh cúpla bliain ann sula gcúiteofar an costas trí dhíolachán. Is fachtóir é an laghdú atá tagtha ar líon na dturasóirí a úßáideann léarscáileanna mar gheall ar leithéidí Google Street Map, Apple Maps, agus Open Street Map ar na fóin,” a dúirt sé.
Chabhraigh muintir Chorca Dhuibhne le Barry logainmneacha a dheimhniú ach d’úsáid se foinsí aitheanta eile le ceisteanna casta a réiteach dá léarscáil. I meacs na bhfoinsí sin bhí na léarscáileanna a cuireadh i gcló san ochtú agus sa naoú haois déag, eolas a bailíodh i mBailiúchán na Scol, an suirbhé Áitainmneacha Chiarraí, an póstaer de Chnoc Bréanainn a cuireadh amach tamall de bhlianta ó shin, an leabhrán Logainmneacha n Machairí, agus Logainm.ie, chomh maith le foinsí eile.
“Is ábhar spéise é gach logainm as féin beag beann ar a leimhe atá siad nó an teanga as a dtagann siad. Is ábhar suntais é ‘Beenoskee’. Is é ‘Beenoskee’ an sliabh is airde i gCorca Dhuibhne Láir agus é os cionn na Machairí. An tuiscint is comónta sa lá atá inniu ann ná gurb é ‘Binn os Gaoith’ an t-ainm Gaeilge. Níl mórán céille leis an dá mhíniú air seo ‘binn os cionn na gaoithe’ ná ‘gaoth’ sa dara ciall ‘uisce’. Deir muintir na háite liom go dtugtar ‘Binn’ air, agus gur ‘ainm léarscáile’ é an ‘oskee’,” a dúirt sé.
Mhínigh sé gur thug lucht an Ordanáis dhá ainm ar an sliabh – Beann na Scaoith agus Benishehaun – agus go raibh ‘Binoschee’ acu ar áit eile 2.5km ar shiúl ón mbinn. Tugadh Beenoskee ar an dá áit sa léarscáil chríochnaith agus is dóigh le Barry gur dearmad a bhí ann a rinne lucht Pháirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.
“Ó tharla gur Beenoskee a thugtar go forleathan anois ar an gcnoc mór, d’fhág mé mar sin é ar an léarscáil nua. Ach níl mórán muiníne agam as an leagan Gaeilge Binn os Gaoith, ó is léir go dtagraíonn na taifid do rud ar nós ‘Binn na Sciathán’ nó ‘Binn na Sciath’, áit a mbeadh an ‘sciath’ ina thagairt do na haillte móra timpeall na binne seo.
“Chomh maith leis sin, is ainm aisteach é Sliabh Mis – baineann sé le seanscéal ach an dtagraíonn sé d’áit ar leith nó don cheantar uilig? Ar deireadh thug mé faoi deara go bhfuil an-saibhreas logainmneacha i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus iad bailithe ag roinnt mhaith daoine i gcaitheamh na mblianta. A luaithe is a thagann tú níos faide soir ná Abhainn an Scáil nó an Sráidbhaile is fásach logainmneacha atá ann. Is dóigh go raibh agus go bhfuil an saibhreas agus an oidhreacht chéanna logainmneacha ag na háiteanna seo ach nár bhac na bailitheoirí dul taobh amuigh den Ghaeltacht!” a dúirt Barry le NÓS.
Agus an togra seo curtha i gcrích aige, tá Barry ag breathnú chun cinn ar an gcéad áit eile a ndéanfaidh EastWest Mapping léarscáil de. Cé go bhfuil trí cheantar Gaeltachta déanta cheana féin aige, deir sé go bhfuil drogall air tabhairt faoi shléibhte Dhún na nGall mar gheall ar an méid oibre agus an costas mór a bheadh i gceist.
“Tá léarscáil á réiteach againn faoi láthair de Chuailgne i gcontae Lú – mar a tharlaíonn sé tá saibhreas mór logainmneacha ansin freisin mar gheall ar thionchar Ghaeltacht Ó Méith ach tá a gcanúint áirithe féin acu ann – mar shampla is ionann ‘cronc’ agus ‘cruach’, ‘sliabh’, nó ‘leitir’ in áiteanna eile. Tá logainmneacha ann ón sean-Bhéarla agus ón Lochlainnis – is meascán mearaí ceart é.
“Táimid ag breathnú ar Chnoc Mhaoil Réidh freisin. Maidir le Tír Chonaill, cuireann roinnt mhaith daoine ceist orainn faoi léarscáileanna de Shléibhte Dhún na nGall ach tá amhras orm faoin obair agus faoin gcostas. An féidir an costas as mo phóca féin a chosaint bunaithe ar an díolachán is dócha a bheadh ann. Is í fírinne lom an scéil é ná go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh bailte nó cathracha móra ina aice láimhe le custaiméirí a chur ar fáil,” a dúirt sé.
Deir EastWest Mapping go bhfuil ardú 25% tagtha ar chostais chlódóireachta ó bhí 2022 ann agus gur bac ar an obair iad na costais mhóra eile a bhíonn ar léarscálaithe príobháideacha.
“Tá súil mhór agam go ndéanfadh an tAire Airgeadais athrangú ar léarscáileanna clóite in 2023 ó thaobh CBL de le go gcaithfí le foilsitheoirí léarscáileanna mar a chaitear le foilsitheoirí leabhar agus nuachtán. Tá guth mór stocaireachta ag na foilsitheoirí sin agus níl ionainne ach foilsitheoir amháin. Ghlanfadh an CBL a d’íoc muid anuraidh an costas clódóireachta ar chúpla léarscáil, agus tá na costais sin imithe in airde 25% ó shin,” a dúirt Barry.