Sa mhír seo breathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.
Beagnach bliain ó shin shocraigh Deirbhile Ní Chathail dul sa seans agus cibé deis a tháinig a treo a thapú.
Duine cineál imníoch í Deirbhile, dar léi féin, a raibh claonadh aici cinntí cúramacha ciallmhara a dhéanamh.
Agus í ag iarraidh an chuid is fearr a dhéanamh den tsaoirse a thagann le saol na hiníne léinn, bheartaigh sí crios an chompoird a bhaint di agus an domhan a fheiceáil.
Tar éis di cuairt a thabhairt ar 6 thír éagsúla, is í áilleacht na dtíortha a spreagann í chun tabhairt faoin chéad turas eile.
1. Seoid sa Bhruiséil
Chaith mé coicís i mí Iúil seo caite sa Bhruiséil ag obair mar au pair le teaghlach a raibh Gaeilge mar theanga an tí acu.
Is cathair speisialta í, lán iontas agus áilleachta.
Chaith mé beagnach gach lá ag siúl timpeall na cathrach agus leanbh beag 3 bliana d’aois sna sála orm.
Cé nach raibh mórán de dheis agam stopadh le pictiúir a thógáil, chaith mé an deireadh seachtaine, agus gach tráthnóna, ag cuardach seoda áille fán chathair.
Seo ceann acu thuas.
2. Lá amháin sa Bhratasláiv
Chaith mé beagnach 24 uair an chloig sa Bhratasláiv, príomhchathair na Slóvaice, ag tús mhí na Samhna.
Turas iomlán gan choinne a bhí ann, agus ní dhearna mé aon réamhphleanáil, rud a bhí deacair orm!
Is cathair shuimiúil í an Bhratasláiv gan aon agó.
Agus mé ag siúl ar na sráideanna, b’fhurasta a thabhairt faoi deara nach raibh an saibhreas céanna sa chathair i gcomparáid le tíortha eile i lár na hEorpa agus bhí an lorg sin le brath ar an ailtireacht.
Bhí áilleacht eile le haimsiú ar gach uile coirnéal, áfach.
3. I dtreo an Pháláis i bPrág
Ag deireadh mhí Eanáir i mbliana chuaigh mé ar cuairt go Prág i bPoblacht na Seice le club grianghrafadóireachta na hollscoile.
Cathair an-álainn í le hiontais ailtireachta, mar atá Droichead Shéarlais agus an Pálás (thuas).
Bhí an radharc ag ceann na ceathrún, áit a bhfuil an Pálás, mar a bheadh radharc ó scannán ann!
Fiú leis an bhfuacht fíochmhar, chaith muid gach lá ag siúl timpeall na háite agus na céadta grianghraf á dtógáil againn.
Le déanaí fuair mé sean-cheamara Canon agus is aoibhinn liom an próiseas a bhaineann leis.
Ní bhíonn a fhios agat go dtí go réalfar (is é sin nuair a dhéantar grianghraf a phróiseáil) na pictiúir cén chuma atá orthu.
Agus i ré seo na neasachta, is deas an t-iontas é sin.
Beidh Deirbhile ag taisteal go Eindhoven san Ísiltír ag deireadh na míosa seo agus é de rún aici lá a chaitheamh in Amstardam ar an bhealach. Idir an dá linn, tá neart grianghraf aici ó aistir eile ar fáil ar a blag mycapturedmomentsblog.