‘Tuigim anois an tábhacht a bhaineann le daoine maithe a bheith timpeall ort’

Cúpla seachtain ó shin, chuir mo chara, Haley, ceist orm maidir le mo chuid pleananna le haghaidh Lá an Altaithe. Ní raibh aon rud socraithe agam ag an bpointe sin, cheap mé go rachainn ag taisteal timpeall na háite, nó go gcaithfidh mé am ag déanamh oibre ionas nach mbeinn faoi bhrú agus muid ag druidim le deireadh an téarma. 

Nuair a dúirt mé léi nach raibh pleananna socraithe agam, thug sí cuireadh dom an tseachtain a chaitheamh léi agus a clann in Burlington, Vermont. Níor chuala mé faoin áit roimhe sin, agus ba é ceann de na rudaí is mó a gheall mé dom féin ná taisteal chomh minic agus is féidir chuig áiteanna nua. Ghlac mé leis an gcuireadh agus bhí mé iontach sceitimíneach mo chéad Lá an Altaithe bheith agam in áit nua.

Bhí mé ar an eolas go raibh go leor béime ar an teaghlach ar Lá an Altaithe, agus ní raibh díomá orm le muintir Haley in aon chur. Chomh luath is a shroich mé teach a seantuismitheoirí, bhí dinnéar, milseáin, scéalta agus craic ar fáil ón gcéad nóiméad go dtí go raibh orainn dul abhaile. Ag pointe áirithe, shíl mé go raibh mé i dteach mo Mhamó féin i Loch Garman, leis an tae agus na brioscaí agus an chraic agus comhrá a bhíonn ann i gcónaí. Chuir siad fáilte is fiche romham agus bhí mé iontach buíoch as sin.

Agus céard faoin dinnéar? Bhuel, smaoinigh faoi dhinnéar na Nollag a bhíonn againne sa bhaile, ach le rudaí beaga breise. Ar an gcéad dul síos, bhí deis ag daoine píosa filíochta nó sleachta a léamh amach chun teachtaireacht nó buíochas a ghabháil faoi rudaí a tharla i mbliana. Roghnaigh mé sliocht beag ó Edmund Lee, a bhí bunaithe ar an smaoineamh chun daoine a chur thart ort féin atá sásta tacaíocht agus muinín a thabhairt duit fiú nuair nach bhfuil an fuinneamh sin agat.

Cheap mé go raibh sé go hálainn, agus mé fada ón baile ach fós le daoine a thabharfadh tacaíocht dom le haon rud. Smaoinigh mé ansin ar mo mhuintir agus mo chairde sa bhaile, a chreid ionam nuair nach raibh muinín agam asam féin, fiú agus mé tar éis scoláireacht Fulbright a bhaint amach. Tuigim anois cé chomh tábhachtach is atá sé chun daoine maithe a bheith agat i ngach aon cuid dá saol. Uaireanta bím ag smaoineamh faoi mo mhuintir sa bhaile agus muid ag ullmhú le haghaidh dhinnéar na Nollag nó dinnéar mór leis an teaghlach uilig, díreach mar Lá an Altaithe. Gabhaim buíochas gach lá go bhfuil deis chomh iontach agam bheith i mo chónaí i Meiriceá, ach uaireanta níl uaim ach bheith i mo shuí ar an tolg le mo mhadra, Apollo, ag féachaint ar an teilifís le mo dheartháir agus deirfiúracha. Thug Lá an Altaithe deis dom é sin bheith agam arís, ag ócáid mhór leis an mbéim ar an teaghlach agus an chraic agus comhrá a bhaineann leis sin

SCÉALTA EILE